Conas brabhsáil a dhéanamh

Sa bhreis ar an gcuardach, is féidir leat eolas a chur ar logainmneacha na hÉireann ach brabhsáil a dhéanamh i gceantar áirithe ar an léarscáil idirghníomhach. Tá fáil ar an léarscáil ó leathanach ar bith ar an suíomh ach cliceáil ar an gcluaisín BRABHSÁIL ag an mbarr faoin lógó.

Liostaí logainmneacha

Sa bhreis ar an léarscáil, is féidir an suíomh seo a úsáid chun liostaí logainmneacha a bhrabhsáil. Tá roinnt bealaí ann chun teacht ar na liostaí seo:

Naisc ordlathais

Tá córas riaracháin na tíre eagraithe go hordlathach. Is é an contae an t-aonad riaracháin is airde. Is í an bharúntacht an dara haonad riaracháin, díreach faoi bhun an chontae. Déantar na barúntachtaí a roinnt ina bparóistí dlí, agus na paróistí dlí ina mbailte fearainn. Baintear úsáid as toghranna chomh maith chun críche áirithe sa riarachán. Sa bhreis orthu seo, tá eolas sa bhunachar ar an-chuid aonad geografach eile nach aonaid riaracháin iad, mar shampla aibhneacha, sléibhte agus oileáin. Tá na haonaid seo ar fad ceangailte le chéile sa bhunachar i líonra mór ordlathach a chlúdaíonn an tír ar fad.

Is féidir bogadh anonn is anall tríd an líonra seo ach úsáid a bhaint as na naisc atá ar fáil le gach áit. Feicfidh tú na naisc agus tú ag féachaint ar shonraí téacsacha áite: