Léim go dtí an bosca cuardaigh

API Logainm

Tá sonraí Logainm ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Is féidir sonraí a fháil trí chomhéadan feidhmchláir (API) Logainm. Tá API Logainm á thástáil go poiblí faoi láthair agus fáiltímid roimh aiseolas.

Chun an API a úsáid, ní mór cuntas úsáideora a bheith agat. Cuirfear comhéadan ar líne ar fáil go luath ar mhaithe le cuntais úsáideora a chruthú agus a bhainistiú. Idir an dá linn, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig logainm@dcu.ie agus cruthóimid cuntas duit. Luaitear d’ainm iomlán, seoladh ríomhphoist bailí, agus an institiúid/eagraíocht lena mbaineann tú (más cuí) sa ríomhphost, le do thoil.

Tá treoracha agus doiciméadacht i dtaca leis an API ar fáil anseo.

Tá sonraí Logainm de shíor ag athrú. Moltar duit nuashonruithe a fháil tríd an API agus a chur i bhfeidhm in aon chóip de na sonraí ar bhonn míosúil. Iarrtar ort gan aon teorainn ráta a leagtar síos a shárú.