Poc fada ar an bhfaiche
An Fhaiche / Faythe
“the open space in front of (ancient) fort or city”; “the green”; “the plain”
(féach logainm.ie #2620; #54433)
Dáta: 02/06/2025
Tá Craobh na hÉireann tagtha arís! Toisc gur phléamar go leor logainmneacha a bhaineann leis an iománaíocht an taca seo anuraidh, i mbliana pléifimid nasc inspéise idir ceann de na clubanna is cáiliúla i gContae Loch Garman agus an gaisce iomána is mó cáil i litríocht na hÉireann. Ar na réamhscéalta le Táin Bó Chuaille (SG Táin Bó Cúalnge) (“the cattle-raid of Cuaille / Cooley”) tá scéilín faoin mbuachaill darb ainm Seádanta a theacht go dtí Eamhain Mhacha (logainm.ie #56153; placenamesni.org Eamhain Mhacha), rítheach Chonchúir mhic Neasa, rí Uladh, go ndeachaigh sé i gcomórtas iomána le macra na cúige sin. (Sétanta litriú ainm an leaid úd sa tSean-Ghaeilge, gan amhras, ach seachnóimid é sin anseo ar eagla go bhfuaimneodh daoine é ar nós ainm an chainéil spóirt .i. /səˈtanˌta/!) Sa leagan den scéal atá sa Leabhar Laighneach, deirtear linn gur tharla an cluiche seo for faidche na hEmna ‘ar fhaiche na hEamhna [.i. Eamhain Mhacha]’. Is léir ón gcomthéacs seo gur thagair faiche don talamh leibhéalta lasmuigh de rítheach Chonchúir: féach samplaí eile in eDIL s.v. faithche, faidche. (Déantar tagairt do faidche na hEmna i seanscéalta eile freisin, m.sh. Aided Chonchubair.) Is ag Séadanta a bhí an bua, ar ndóigh, agus níos déanaí sa scéal bhí sé i mbun camáin ar an bhfaiche arís gur thuill sé ainm nua dó féin .i. Cú Chulainn. (Ní thabharfaimid aon spoilers anseo!)
Ach ní raibh an focal seo faiche teoranta don chiall chúng sin amháin, sa Nua-Ghaeilge ná sa tSean-Ghaeilge. Ar an réimse bríonna atá le sonrú air sa nualitríocht tá ‘báinseach, bán, plásóg; páirc nó áit imeartha’ (AFB s.v. faiche), chomh maith le “public square, courtyard; green meadow; playingfield” sa tseanlitríocht (eDIL s.v.) Ní hionadh ar bith é, mar sin, go dtagann faiche i gceist i gcuid mhaith ainmneacha bailte fearainn i ngach cearn den tír (féach Gluais, logainmn.ie s.v. faiche). Bheartaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis ar na leaganacha béarlaithe seo a leanas ar shamplaí den logainm simpléacsúil An Fhaiche: Faha i gContaetha Chiarraí, Chorcaí, Luimnigh, Phort Láirge agus Thiobraid Árann; Fahy i gContaetha an Chláir, na Gaillimhe, Liatroma, na Mí, Chill Chainnigh agus Uíbh Fhailí; Foygh i gContae an Longfoirt mar Foygh; agus Foy ar shampla éiginnte i gContae Chill Dara.
Aidiachtaí is mó a cháilíonn faiche in ainmneacha bailte fearainn. Cuir i gcás An Fhaiche Bheag “the small green” nó “the green, small [.i. foroinn]”, atá béarlaithe mar Fahy Beg i gContaetha Mhaigh Eo (logainm.ie #37225) agus an Chláir (logainm.ie #7430), Fahybeg (logainm.ie #36397) [sampla eile] i gContae Mhaigh Eo, agus Foy Beg (logainm.ie #56616) i gContae Ard Mhacha. Tá a mhalairt seo An Fhaiche Mhór le fáil agus é béarlaithe mar Fahamore (logainm.ie #22522) i gContae Chiarraí, Fahymore (logainm.ie #29294) i gContae Liatroma, Fahy More (logainm.ie #37226) i gContae Mhaigh Eo, agus Foy More (logainm.ie #56617; cf. placenamesni.org An Fhaiche Mhór) i gContae Ard Mhacha. Cuirtear aidiachtaí datha leis freisin, m.sh. An Fhaiche Liath / Fahalea “the grey green” (logainm.ie #10936) i gContae Chorcaí, agus An Fhaiche Bhán / Fahavane “the white green” (logainm.ie #10936) agus Fahaduff / An Fhaiche Dhubh “the black green” (logainm.ie #24681) i gContae Chiarraí. (Tá cuma ait ar chuid de na haistriúcháin Bhéarla seo tharla an focal green a bheith débhríoch, ach níl a leithéid le sonrú ar na logainmneacha Gaeilge dar ndóigh.)
Is féidir le faiche feidhmiú mar eilimint cháilithe é féin, freisin. Sa logainm Lios na Faiche / Lisnafaha (logainm.ie #6930) i gContae an Chláir, seans gur thagair sé don talamh díreach lasmuigh den lios, amhail an úsáid ársa a chonaiceamar i scéal Shéadanta thuas. Ach féach brí eile leis i gcás Ceann na Faiche / Cannafahy (logainm.ie #26146) i gCallainn / Callan, Co. Chill Chainnigh: fuair an baile fearainn sin ainm ó bheith suite ar an taobh thall d’Fhaiche an Aonaigh. (Tá go leor tagairtí don áit seo ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin sa dialann a scríobh sé sa 19ú haois.) Gnéithe éagsúla atá faoi thagairt sna logainmneacha seo a leanas: na samplaí éagsúla de Baile na Faiche “the town(land) of…” béarlaithe Ballynafeigh (logainm.ie #62052) agus Ballynafie (logainm.ie #62921) i gContae Aontroma agus Ballynafagh (#26086) i gContae Chill Dara; Log na Faiche / Lugnafaha “the hollow of…” (logainm.ie #37232) i gContae Mhaigh Eo; agus Corr na Faiche / Cornafaghy “the round hill of…” (logainm.ie #40600) i gContae Mhuineacháin.
Mar le focail dhíorthaithe de, díol spéise nach dtagann faichín (leis an iarmhír dhíspeagtha -ín) i gceist in ainmneacha bailte fearainn, cé go bhfuil samplaí againn i measc mionlogainmneacha Chúige na Mumhan: m.sh. Faichín / Faugheen (#67199) agus Crois Fhaichín / Faheen Cross Roads (#67198) i gContae Thiobraid Árann (gan aon ghaol lena chéile), Teampall an Fhaichín / Faugheen Church (#1436460) i gContae Phort Láirge agus an páircainm éiginnte An Fhaichín(?) (#1420588) i nGaeltacht na nDéise sa chontae céanna. Ar an láimh eile, tá ainmneacha bailte fearainn ina bhfuil faicheog, leis an iarmhír -óg a bhfuil brí chnuasach léi (“place abounding in greens”) nó, rud is dóchúla anseo b’fhéidir, brí dhíspeagtha (“the little green”). San fhoirm iolra Na Faicheoga a fhaightear é seo agus é béarlaithe mar Fihoges i gContae an Longfoirt (logainm.ie #33157) agus Foyoges (logainm.ie #44485) i gContae Shligigh.
Tabhair faoi deara na leaganacha Béarla de na logainmneacha seo thuas; is béarlú foghrúil ar na logainmneacha Gaeilge iad go léir, agus cuid acu níos fearr ná a chéile ag cur fuaimniú áitiúil na bhfocal Gaeilge faiche, faichín, faicheog in iúl. Ach tá cúpla ainm baile fearainn bunaithe ar an bhfocal faiche sa Ghaeilge go dtáinig leaganacha Bhéarla chun solais nach mbeifí ag súil leis. Tá brí agus bunús an logainm Gort na Faiche (logainm.ie #26167) i gContae Chill Chainnigh an-shoiléir .i. “the field of/at the green” (‘Gortnefahe’ 1538). Ach tháinig ainm eile chun tosaigh i measc Béarlóirí, mar atá Haggard (‘the haggard’ 1555). Meascadh an t-agard seo leis an bhfaiche a bhí i gceist san ainm Gaeilge am éigin le linn an 17ú/18ú haois chun ainm Béarla an lae inniu Haggartsgreen a thabhairt. Ach tá sé inspéise gur gaelaíodh an t-ainm nua sin féin, go dtugtaí Faiche an Agaird ar an áit sa Ghaeilge freisin! (Níl ansin ach aistriúchán ar an ainm déanach Béarla, ar ndóigh, ach féach go raibh a bhunús ligthe i ndearmad ag lucht na Gaeilge faoin 19ú haois, le haistriú bhéim an ghotha go dtí an siolla deireanach: ‘fatha na ccárd’ (1838) a bhreac taighdeoirí na Suirbhéireachta Ordanáis, agus ‘Fatha-na-gárda’ (1833) an litriú a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin féin.)
Ach más réaduithe suntasacha ar an bhfocal Gaeilge faiche atá uait, ní mór aghaidh a thabhairt ar Chontae Loch Garman. I bparóiste Theach Coimseáin i ndeisceart an chontae sin atá an baile fearainn darb ainm An Faiche / Faythe (logainm.ie #54433): ‘the Faigh’ (1579), ‘Faith’ (1716). Tá an t-ainm ceannann céanna (leis an alt) in úsáid sa Bhéarla mar ainm áitiúil ar Pharóiste Mhichíl na Faiche i mbaile Loch Garman .i. Saint Michael’s of Feagh (logainm.ie #2620), is é sin, The Faythe. Is é ‘le ffaghe’ (1461x1483) an tagairt is luaithe dá dtagann anuas, ach féach an litriú ‘Faythe’ i Leabhar na nDeachúna (c. 1830). Ach díol mór suntais an fuaimniú traidisiúnta atá ag muintir na háite air .i. /ˈfaiɣth/, /faəɣth/ nó /faigth/ (mar a bheadh Faaghth, Fayghth ann!). Ní deirtear /feːθ/, /feːt̪/ riamh, cé gurb in a mbeifí ag súil leis ón litriú áitiúil. Is cosúil gur chaomhnaigh muintir na háite béarlú an-luath ar fhuaimniú an fhocail mhalartach MG faichthe /faxʹθʹə/ – an carn /xʹθʹ/ réadaithe mar /ɣtʰ/ – agus gur bhéarlú é sin ar an logainm de réir mar a bhí sé cloiste ag na hAngla-Normannaigh is luaithe dá dtáinig go hÉirinn.
Ach cén bhaint atá aige seo le Cú Chulainn in Eamhain Mhacha? Bhuel, tá An Fhaiche / The Faythe (Saint Michael’s of Feagh) suite díreach lasmuigh de sheanbhalla bhaile Loch Garman, rud a thugann le fios go mb’fhéidir go raibh an tseanbhrí “open space in front of a fort, residence” le faiche tráth ar ainmníodh é. Cuireann sé seo Eamhain Mhacha i gcuimhne dúinn, cinnte, an áit a ndearna Séadanta gaisce iomána ar an bhfaiche. Ach thairis sin, bíodh a fhios agaibh go bhfuil An Fhaiche / The Faythe i mbaile Loch Garman báite san iománaíocht freisin! Ruagairí na Faiche (The Faythe Harriers) is ainm don chlub anseo, agus tá ainm in airde acu ar fud an bhaile (agus an chontae) mar gheall ar an iomáint. Ar na laochra a d’imir ar son na Ruagairí thar na blianta tá Labhrás Ó Gormáin (Larry O’Gorman), Iománaí na Bliana 1996. Ach is é Lee Chin an t-iománaí is mó le rá sa lá atá inniu ann, gan amhras, agus an club – agus go deimhin an contae ar fad – ag brath air ó bhliain go bliain. Mar sin, cé gur baineadh úsáid as an teideal Cú Chulainn’s Son cheana, in amhrán faoin iománaí eile iomráiteach Nicky Rackard ó Ráth an Iúir faoi na Staighrí Dubha, cé aige is fearr atá sé tuillte inniu ná ag Lee Chin, is a rá gur gaiscíoch eile iomána é ar an bhFaiche!
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
- Paróiste Mhichíl na Faiche/Saint Michael's of Feagh
- Lios na Faiche/Lisnafaha
- An Fhaiche Bheag/Fahy Beg
- An Fhaiche Liath/Fahalea
- An Fhaiche Mhór/Fahamore
- An Fhaiche Dhubh/Fahaduff
- Baile na Faiche/Ballynafagh
- Ceann na Faiche/Cannafahy
- Gort na Faiche/Haggartsgreen
- An Fhaiche Mhór/Fahymore
- Na Faicheoga/Fihoges
- An Fhaiche Bheag/Fahybeg
- An Fhaiche Bheag/Fahy Beg
- An Fhaiche Mhór/Fahy More
- Log na Faiche/Lugnafahy
- Corr na Faiche/Cornafaghy
- Na Faicheoga/Foyoges
- An Fhaiche/Faythe
- Eamhain Mhacha/Navan
- An Fhaiche Bheag/Foy Beg
- An Fhaiche Mhór/Foy More
- Baile na Faiche/Ballynafeigh
- Baile na Faiche/Ballynafie
- Crois Fhaichín/Faheen Cross Roads
- Faichín/Faugheen
- Cuaille/Cooley
- Teampall an Fhaichín/Faugheen Church