Ceathrú Uí Choinín / Carrowconeen
“the quarter of Ó Coinín” (logainm.ie #20889)
Dáta: 02/04/2026
Is é 5 Aibreán dáta fhéile na Cásca i mbliana d’fhormhór na gCríostaithe (nó 12 Aibreán do na heaglaisí Ceartchreidmheacha). Cé nárbh aon traidisiún de chuid na nGael é ‘Coinín na Cásca’ fadó, ní miste tairbhe a bhaint as chun ábhar an nóta seo a chur i láthair, mar atá, an coinín i logainmneacha na hÉireann. Sula dtugaimid faoi sin, áfach, cuirimis críoch leis an bplé a bhí againn an mhí seo caite maidir le hainmhí eile a bhfuil dlúthghaol aige don choinín, is é sin, an giorria. Níor luamar cheana gur cosúil go ndéantaí seilg ar na hainmhithe lúfar gasta seo anallód. Sa seanscéal Táin Bó Fraoich eachtraítear faoi sheilg na míolchon ar sheacht ngiorria (Sean-Ghaeilge míl maige), sheacht bhfia (ag), sheacht sionnach agus sheacht dtorc allta: Dosennat [na mílchoin] na secht n-aige do Ráith Chrúachan, ⁊ secht sinnchu ⁊ secht míla maige ⁊ secht turcu alta, TBF eag. Meid, línte 53–55 (cf. Fergus Kelly, Early Irish Farming, lch. 282). Sa nualitríocht, is éard is bunphlota don sárleabhar Fonn a Níos Fiach, le Pádraig Ua Maoileoin, feirmeoir a bhfuil a shaol iomlán gafa le seilg ar ghiorria a mbaisteann sé An Cailín Rua uirthi. In ainneoin na dtagairtí liteartha seo, áfach, ní raibh mórán tóir ar fheoil an ghiorria in Éirinn dáiríre. Go deimhin, is mó scéal béaloidis a chuireann cumhachtaí speisialta i leith an ghiorria (cf. Bailiúchán na Scol: Giorria), rud a thugann le fios go raibh baint ag an ainmhí seo leis an saol osnádúrtha dar leis na Gaeil.
Ní mar sin do na coiníní, nach raibh leisce ar Ghael ar bith iad a ithe ó thug na hAngla-Normannaigh thar tír isteach iad! (Baineadh siar as duine d’údair an nóta seo agus é ina chónaí sa Ghearmáin sna 1990í, nuair a cuireadh pláta Hase ‘giorria’ os a chomhair. Ba ghairid gur míníodh dó go seasann Hase do choinín chomh maith le giorria ina lán canúintí de chuid dheisceart na Gearmáine. Is é Kaninchen an focal caighdeánach ar choinín; ach féach go dtugann na Gearmánaigh Osterhase ‘giorria na Cásca’ ar Choinín na Cásca.) Cuid lárnach den ghéilleagar Angla-Normannach ab ea coiníní a choimeád chun bia, ar ndóigh, agus tá logainmneacha na tíre breac leis na hainmhithe céanna dá réir. Iasacht ó coning an Mheán-Bhéarla a thug an focal coinín féin dúinn, focal atá an-chomónta i logainmneacha Gaeilge. Cuirimis i gcás:
- Baile na gCoinín / Ballinagoneen “the town(land) of the rabbits” (logainm.ie #55584) i gContae Chill Mhantáin;
- Clais na gCoinín / Clashnagoneen “the trench of the rabbits” (logainm.ie #50266) i gContae Phort Láirge;
- Lios na gCoiníní / Lisnagoneeny “the ring-fort of the rabbits” (logainm.ie #23917) i gContae Chiarraí;
- Coill na gCoiníní / Kylenagoneeny “the wood of the rabbits” (logainm.ie #32443) agus Leaca na gCoiníní / Lackanagoneeny “the slope of the rabbits” (logainm.ie #32344) i gContae Luimnigh;
- Ráth na gCoinín / Rathnaconeen “the ring-fort of the rabbits” (logainm.ie #34189) i gContae Mhaigh Eo;
- Cnoc na gCoiníní / Knocknagoney “the hill of the rabbits” (logainm.ie #66067; cf. placenamesni.org s.n. Knocknagoney) i gContae an Dúin.
Má tá coinín coitianta, is minicí fós a fhaightear an focal coinicéar (nó coinigéar) “rabbit warren” i logainmneacha Gaeilge. Seo iasacht eile ón Meán-Bhéarla .i. ó conigēr(e). Cé go bhfuil sampla anseo is ansiúd den leagan Gaeilge den fhocal a bheith calctha san ainm oifigiúil Béarla, m.sh. Coneykeare, is comónta go mór foirm éigin Bhéarla a úsáid, beag beann ar logainm Gaeilge: cuir i gcás Cunaberry, Conaberry, Coneyburrow agus Warren. (Arís, tá an iomarca samplaí le lua anseo. Féach logainm.ie s.v. coinicéar, srl.) Is beag gnáth-Bhéarlóir inniu a thuigfeadh bunbhrí ainmneacha bailte fearainn amhail Coneyburrow (logainm.ie #16261), Coney Island (logainm.ie #15133), is dócha, dá choitiantacht iad. Tháinig an focal Brl. rabbit chun solais de réir a chéile ón 16ú haois, sa tslí is go raibh Brl. coney tite as úsáid ar fad, nach mór, faoin 19ú haois. Dá bhrí sin, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur féidir logainmneacha ar nós Coneyburrow a rianú siar go dtí tréimhse lonnaíochta níos luaithe ná an tréimhse a thug na logainmneacha Béarla eile úd ina bhfuil Brl. rabbit le fáil, m.sh. Rabbit Island (logainm.ie #20889) i gContae na Gaillimhe agus Rabbitburrow (logainm.ie #42028) i gContae Uíbh Fhailí. Sampla maith is ea Ballyteige Burrow (logainm.ie #54069) i gContae Loch Garman, a bhfaighimid tagairtí tuairisciúla dó mar ‘cunniger’, ‘cunniborrough’, ‘conygree’ agus ‘conyberrew’ i bhfoinsí de chuid an 17ú haois, ach a dtugtar ‘Rabbit Burrow of Ballyteigue’ air faoi 1794. De réir gach cosúlachta, bhí an t-athrú ó coney go rabbit curtha i gcrích faoin 18ú haois fiú amháin i ndeisceart Chontae Loch Garman, áit a raibh an chanúint Bhéarla thar a bheith caomhnaitheach (féach T.P. Dolan & Diarmaid Ó Muirithe, The Dialect of Forth and Bargy, Co. Wexford, Ireland).
Tugann sloinnte spléachadh eile ar fhorlámhas an fhocail rabbit i mBéarla na hÉireann. Cuir i gcás an sloinne dúchasach Ó Coinín. I dtosach, dheintí é seo a bhéarlú go foghrúil mar Conyeen, Cuneen, Cunneen, Cunnien, agus mar sin de. Ach nuair a thosnaigh an tAthrú Teanga sa phobal, is minic a roghnaíodh Gaeilgeoirí an leagan ‘aistrithe’ Rabbit/Rabbitte mar shloinne Béarla (féach de Bhulbh, Sloinnte Gaedheal is Gall s.n. Ó Coinín). Cuir i gcás an léarscáil a rinne William Bald de Chontae Mhaigh Eo (c. 1817), mar a bhfaighimid ‘Rabbithill’ ag freagairt do Ceathrú Uí Choinín / Carrowconeen “the quarter of Ó Coinín”. Ar ámharaí an tsaoil, murab ionann is a lán bréagaistriúchán dá leithéid i gContaetha Mhaigh Eo agus Ros Comáin le linn an 19ú haois, níor ghreamaigh an leagan áirithe seo i gcaint na ndaoine agus níor greanadh é ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis.
Críochnóimid le saobhaistriúchán eile atá níos aistí fós. Ní coiníní atá i gceist an babhta seo ach ár seanchara an giorria. Bhí an t-ainm pearsanta Fearaíoch (Fearadhach) coitianta go maith tráth dá raibh; tá sé préamhaithe ar an bhfocal fear, go gciallaíonn sé ‘fearúil’ (SG feradach < fer). Is as sin a fhaightear an sloinne Mag Fhearaígh (Mag Fhearadhaigh) air, sloinne atá coitianta sa Bhéarla inniu mar McGarry, McGerry, srl. Ach de bharr a chosúlachta is a bhí [Ma]g Fhearaígh agus an t-ainmfhocal giorria sa chaint, cad a thug roinnt teaghlach de Chlann Fhearaígh orthu féin as Béarla ach (O’) Hare! (Cf. de Bhulbh s.n. Mag Fhearadhaigh. Níl aon bhaint ag an leagan béarlaithe seo leis an sloinne Ó hEithir a fhaightear in Árainn; cf. ibid. s.n. Ó hAichir.)
Ar ndóigh, is mór an spórt na bréagaistriúcháin seo a phlé mar ábhar seoigh inniu, ach níor chóir a ligint i ndearmad gur iarsmaí iad den Athrú Teanga tubaisteach a thug buille maraithe na muice don sochaí Gaelach.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Oileán na gCoiníní/Coney Island
- An Coinicéar/Coneyburrow
- Oileán na gCoiníní/Rabbit Island
- Lios na gCoiníní/Lisnagoneeny
- Leaca na gCoiníní/Lackanagoneeny
- Coill na gCoiníní/Kylenagoneeny
- Ráth na gCoinín/Rathnaconeen
- An Coinicéar/Rabbitburrow
- Clais na gCoinín/Clashnagoneen
- Coinicéar Bhaile Thaidhg/Ballyteige Burrow
- Baile na gCoinín/Ballinagoneen
- Cnoc na gCoiníní/Knocknagoney