Copóga
Cúil na gCopóg / Coolnagoppoge
“the recess, nook of the docks”
(féach logainm.ie #22482)
Dáta: 25/05/2026
Neantóg a dhóigh mé, copóg a leigheas mé!, mar a mhúintear sa naíonra. Ní i dtraidisiún na Gaeilge amháin atá an cháil seo luaite leis an gcopóg, ar ndóigh, cé go bhfuil sé gan bunús dá laghad san eolaíocht. Is fíor, ámh, go mbíonn an dá phlanda sin ag fás in éineacht le chéile go minic .i. an neantóg taobh leis an gcopóg. (Seans go dtabharfaidh tú é seo faoi deara an chéad uair eile a dhófar thú, nuair a bheidh an pléascadh mionnaí thart.) Dála na neantóg, tá go leor samplaí againn de copóg in ainmneacha bailte fearainn, mar a phléifimid anois.
An chéad rud a thugaimid faoi deara faoin eilimint copóg ná comhlogú (collocation) leis an aicmitheoir (generic element) cúil “nook, recess”. Faighimid Cúil na gCopóg “the recess, nook of the docks” mar ainm baile fearainn i gContaetha Thiobraid Árann (logainm.ie #47726), Chiarraí (logainm.ie #22482; #22828; #22974), Cheatharlach (logainm.ie #3245), Chill Chainnigh (logainm.ie #26563) agus Phort Láirge (logainm.ie #50347). (Is mar Coolnacoppoge a béarlaíodh na logainmneacha ar fad, seachas an chéad cheann i dTiobraid Árann ar athbhaisteadh Springhill air sa 19ú haois.) Níl ach sampla amháin eile de Cúil na gCopóg lasmuigh de Leath Mhogha, mar atá i gContae Aontroma, ach níl an éagothroime chéanna le brath ar dháileamh na logainmneacha le copóg i dteannta le heilimintí eile. Is i Leath Choinn do na logainmneacha seo a leanas: Leithcheathrú na gCopóg / Lecarrownagappoge “the half-quarter (land measure) of…” (logainm.ie #20057) i gContae na Gaillimhe; Mín na gCopóg “the level ground of…” (logainm.ie #14432) agus Srath na gCopóg “the river valley of…” (logainm.ie #14712) i nGaeltacht Thír Chonaill; agus Cluain na gCopóg / Cloonnagoppoge “the (wet) pasture of…” (logainm.ie #34810) i gContae Mhaigh Eo. (Thairis sin, tá dhá cheann eile le cur san áireamh, is dócha, i gContaetha an Dúin agus Thír Eoghain.) Tá tuilleadh samplaí le fáil ó dheas arís: Cnoc na gCopóg / Knocknaguppoge “the hill of…” (logainm.ie #27031) i gContae Chill Chainnigh; Tuairín na gCopóg / Tooreennaguppoge (logainm.ie #10621) i gContae Chorcaí agus Tuar na gCopóg / Toornagoppoge (logainm.ie #49960) i gContae Phort Láirge, a bhfuil an focal tuar “bleaching-green; lea-field” iontu (FGB s.v. tuar). Agus ní bheadh aon fheirmeoir néata sásta leis an sampla deireanach Goirtín na gCopóg / Gorteenaguppoge “the (little) field of the docks” (logainm.ie #8030), ainm baile fearainn i gContae an Chláir!
Tabhair faoi deara nach liosta iomlán uileghabhálach é seo, mar is ann do thuilleadh beag fós nach iad. (Tabhair faoi deara, freisin, nach nglacann an Brainse Logainmneacha freagracht as cumhacht leighis na gcopóg a fhásann in aon áit atá luaite thuas.)
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
- Cúil na gCopóg/Coolnacuppoge
- Goirtín na gCopóg/Gorteennaguppoge
- Tuairín na gCopóg/Tooreennaguppoge
- Mín na gCopóg/Meenagoppoge
- Srath na gCopóg/Stranagoppoge
- Leithcheathrú na gCopóg/Lecarrownagappoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
- Cúil na mBriosclán nó Cúil na gCopóg/Coolnambrisklaun or Coolnacoppoge
- Cnoc na gCopóg/Knocknaguppoge
- Coill Neantóige Íochtarach/Kilnantoge Lower
- Cúil na gCopóg/Springhill
- Tuar na gCopóg/Toornagoppoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge