Dáibhí/Dáith os coinne Dáithí Lough Dahybaun/Loch Dháithí Bháin "the lake of white(-haired) Dáithí" (féach logainm.ie #114293)

Dáta: 26/02/2024

Tharla a chóngaraí is atá an Bhreatain Bheag dúinn in Éirinn, díol spéise nach luann féilirí naomh na nGael éarlamh na tíre sin, mar atá Dai, mar a thugtar air sa Bhreatnais — David sa Bhéarla — a bhíonn á chomóradh ar an gcéad lá de mhí seo na Márta. Go deimhin is é Seanán, éarlamh Inis Cathaigh (#7214) i gContae an Chláir, an naomh is mó le rá a cheiliúrtar faoin dáta sin sna féilirí dúchasacha. Tugadh an t-ainm David isteach go hÉirinn le linn ionradh na nAngla-Normannach — ar tháinig cuid mhaith díobh ón mBreatain Bheag i dtosach — gur gaelaíodh é mar Dáibhéad, bunús an tsloinne Mac Dháibhéid (a béarlaíodh ar ais mar (Mc)Davitt/(Mc)Devitt/(Mc)Kevitt). Gaelaíodh foirm dhíspeagtha an ainm phearsanta Brl. Davy (< David) mar Dáibhí, an fhoirm ba choitianta úsáid ar fud na Gaeltachta. Bhí móréileamh ar an ainm seo i measc na Sean-Ghall (.i. na hAngla-Normannaigh ghaelaithe) agus na nGael araon, rud a fhágann nach aon iontas é go bhfuil sé le fáil in ainmneacha bailte fearainn amhail Doire Dháibhí “the (oak )wood, grove of Dáibhí” (#28554) i gContae Laoise agus Baile Dáibhí “the town(land) of Dáibhí” (#18435) i gContae na Gaillimhe. Cailleadh an consan caol /v′/ (.i. -(i)bh- scríofa) i gcomhthéacsanna áirithe i roinnt canúintí Gaeilge, ar ndóigh; rinneadh siolla amháin den ainm déshiollach seo Dáibhí, gur thug an mhalairt foirme Dáith. As sin a fhaighimid na réaduithe béarlaithe seo a leanas ar an logainm Gaeilge Baile Dháith “the town(land) of Dáith”: Ballyda (#10198) i gContae Chorcaí, Ballydaw (#27719) i gContae Chill Chainnigh, agus idir Ballydaw or Davidstown (#52608) agus Ballyday (#53315) i gContae Loch Garman. Ach b’ann d’ainm pearsanta Gaelach eile nach raibh baint dá laghad aige leis an ainm úd David, mar atá Dá Thí (nó Dáithí mar a scríobhtar anois é). Bhí sé seo ina ainm cine ag Muintir Dhúda i gContae Shligigh ach ní raibh sé coitianta riamh i measc na nGael sa chuid eile den tír. Seans go dtagann sé i gceist sa mhionainm Tobar Sean-Dáithí “the well of old Dáithí” (#1415832) i gContae Luimnigh, ach is cinnte gurb é atá le fáil sa logainm Loch Dháithí Bháin “the lake of Dáithí bán [i.e., white(-haired) Dáithí]” (#114293) i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo, gairid do bharúntacht Thír Fhiachrach i gContae Shligigh, mar a raibh Muintir Dhúda thuasluaite ina bpríomhtheaghlach. Ar meath an chórais Ghaelaigh, thosaigh Muintir Dhúda ar an ainm cine seo Dáithí a bhéarlú leis an ainm David, cé nach raibh aon ghaol teangeolaíochta eatarthu — chonaiceamar an nós seo cheana, nuair a d’iompaigh Méabh ina Madge agus Mór ina Mary. Ach ar an drochuair, le linn na hAthbheochana ag casadh an 20ú haois, tháinig an t-ainm neamhchoitianta seo Dáithí chun cinn mar a bheadh aistriú Gaeilge caighdeánach ar Brl. David, gan chúis dá laghad, agus in ainneoin nach mbíodh sé in úsáid mar sin ach ag aon teaghlach Gaelach amháin. Tá an dá ainm chomh fite fuaite ina chéile ó shin i leith, áfach, go meastar go minic gur botúin atá i leithéid Baile Dháith/Davidstown (#27543) i gContae Chill Chainnigh agus Baile Dháibhí/Ballydavid (#12126) i gContae Chorcaí, srl., agus go mba chirte Baile Dháithí mar leagan Gaeilge — gan amhras, is é a mhalairt ghlan atá fíor! (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)