Tír Amadán/Tiromedan “land of (the) fools” (féach logainm.ie #41133)

Dáta: 01/04/2024

Ní fios go cinnte cad as a dtáinig an traidisiún ceap magaidh a dhéanamh de dhaoine ar an gcéad lá de mhí Aibreáin. Ar aon chuma, dhealródh sé nach raibh aon easpa amaideachta in Éirinn fadó ach oiread le haon áit eile — rud a d’fhág go bhfaightear tagairtí don amadán, ceann de na téarmaí Gaeilge ar dhuine gan chéill (féach eDIL s.v. ammatán), fiú amháin in ainmneacha bailte fearainn. Féach Ard Amadán/Ardamadane “height of (the) fools” (#9258) i gContae Chorcaí, Lios Amadáin/Lisomadaun “ring-fort of (the) fool” (#30066) i gContae Liatroma, agus Tír Amadán/Tiromedan “land of (the) fools” (#41133) i gContae Mhuineacháin. Faightear an focal céanna i mionlogainmneacha freisin (.i. ainmneacha a thagraíonn do ghnéithe nach aonaid riaracháin iad), m.sh. Eas an Amadáin/Asnanomedan “the waterfall of the fool” (#1395279) agus Sruthán Allt an Amadáin/Altanamadan Stream “the stream of the cliff of the fool” (#1395230) i gContae Dhún na nGall. Díol spéise conas mar a aistríodh mionainmneacha áirithe go Béarla, m.sh.** Loch an Amadáin** “the lake of the fool” (#1397495) i gContae na Gaillimhe, a ndearna Beggarman’s Lough de, agus Steipeanna an Amadáin Mhóir “the steps of the big fool” (#1394447) i gContae Chiarraí, a béarlaíodh mar Giants Steps — ainm a thaitneoidh le lucht an tsnagcheoil. Ní móide go roghnófar aon cheann acu seo mar ainm ar fhorbairt tithíochta áitiúil inniu ná amárach. ‘Fear amaideach’ an ghnáthbhrí leis an bhfocal amadán, ar ndóigh, ach ar mhaithe le cothrom na Féinne ba cheart a lua nach leis na fir amháin a bhain tréith na hamaideachta in Éirinn anallód. Is ann d’fhocal eile sa Ghaeilge a chuireann baois nó leibideacht in iúl ach is gnách a chur i leith na mban amháin, mar atá óinseach (féach eDIL s.v. óinsech). Ní thagann an focal seo i gceist mar eilimint in ainm baile fearainn ar bith, ach ní hionann sin is a rá go raibh óinseacha riamh níos teirce in Éirinn ná a macasamhla d’amadáin fhireanna. Tagann samplaí anuas chugainn sna mionlogainmneacha, m.sh. Carraig na nÓinseach/Carrignanonshagh “the rock of the foolish women” (#49787) i bPort Láirge agus Leac na nÓinseach/Lackannoanshagh “the flagstone of the foolish women” (#1398247) i gContae na Gaillimhe. Ní léir arbh é an focal céanna é, ó cheart, a tugadh mar ainm ar an abhainn An Óinseach/Owenshagh (#116521) i gContae Chiarraí, ach is cinnte gur mar sin a tuigeadh an logainm do Ghaeilgeoirí deireanacha na háite.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)