Cearrbhachas agus na Gaeil
Lios na gCearrbhach/Lisburn “the ring-fort of the gamblers”
(féach logainm.ie #135807)

Dáta: 03/01/2025

Tar éis an phlé a rinneadh an tseachtain seo caite ar rásaí capall agus féile mór Bhaile na Lobhar le linn na Nollag, ní miste dúinn roinnt tagairtí eile don chearrbhachas in ainmneacha bailte fearainn agus i logainmneacha eile de bhunús Gaeilge.

Is minic a tháinig daoine abhaile ó Bhaile na Lobhar le pócaí folmha, ach den chuid is mó ní bhíonn i gceist ach bua beag anseo agus cailliúint bheag ansiúd. Tá an cearrbhachas i lár an aonaigh in Éirinn leis na céadta bliain, agus ní le déanaí a tugadh isteach é: ba nós seanbhunaithe é i bhfad roimh scriosadh na sochaí Gaelaí sa 17ú haois. Tá cearrbhaigh le fáil i gcuid mhaith ainmneacha bailte fearainn agus logainmneacha eile nach iad. Cuir i gcás Lios na gCearrbhach “the ring-fort of the gamblers” (#135807) i gContae Aontroma (a ndearnadh Lisburn as níos déanaí; féach placenamesni.org s.n. Lisburn). Is ann freisin do Srath na gCearrbhach/Stranagarvagh “the river meadow of the gamblers” (#40284) agus Coill Chearrbhaigh/Kilnaharvey “wood of (the) gambler” (#39921) i gContae Mhuineacháin; Cnoc an Chearrbhachais/Knockacarracoosh “the hill of gambling” (#12753) i gContae Chorcaí; agus Mín an Chearrbhaigh/Meenacharvy “the smooth grassy patch, flat mountain tract of the gambler” (#14835) i gContae Dhún na nGall.

Tugann a leithéid de logainm go raibh an cearrbhachas fite fuaite sa saol Gaelach. Faoi mar a tharlaíonn sa lá atá inniu ann, ar an drochuair is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhforbraíodh an caitheamh aimsire seo ina andúil do dhaoine áirithe. Tá teist an fhrith-Ghaelachais tuillte go maith ag an staraí Richard Stanihurst (1547–1618), agus dá bhrí sin ba chóir dúinn a bheith cáiréiseach agus sinn ag léamh an chuntais seo aige faoin gcearrbhachas in Éirinn:

There is among them a brotherhood of karrowes [cearrbhach] that proffer to plaie at cards all the yéare long, and make it their onelie occupation. They plaie awaie mantle and all to the bare skin, and then trusse themselues in straw or leaues, they wait for passengers in the high waie, inuite them to game vpon the gréene, and aske no more but companions to make them sport. For default of other stuffe, they pawne their glibs, the nailes of their fingers and toes, their dimissaries, which they léese or redéeme at the courtesie of the winner.
Holinshed’s Chronicles (1587 [1ú eag. 1577]) Vol. 3, p.44.

Sa mhéid is gur féidir brath ar an gcuntas seo ag Stanihurst, tugann sé pictiúr beoga den fhadhb seo in aicmí áirithe den sochaí Gaelach: níor chas do na handúiligh bhochta seo a gcuid frainsí gruaige (AFB s.v. glib) a thabhairt uatha, ná litreacha luachmhara oirnithe scríofa ag easpaig dóibh (OED s.v. dimissaries), ná fiú ingne a méar is a gcos féin! Tabhair faoi deara gur mhaisigh Morrin an sliocht seo nuair a chuir seisean in athchló é in Calendar of Patent and Close Rolls of Chancery in Ireland, Iml. 1 (BÁC, 1861) (p.298 fonóta a): scrios sé an tagairt do na hingne chun a thabhairt le fios gurbh iad na méara féin a bhí á gcur i ngeall ag na bochtáin seo!!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)