Ceithearnaigh sna coillte is in áiteanna eile
Baile Uí Cheithearnaigh/Ballykearney “the town(land) of Ó Ceithearnaigh”
(logainm.ie #12876)

Dáta: 18/01/2025

Leanaimis orainn ón tseachain seo caite leis an gcuntas úd a scríobh Stanihurst sa 16ú haois faoi ordlathas shaighdiúirí na nGael. San fhoinse sin, ba é an chéim ba ísle a luadh ná an dailtín, is dócha sa chiall dalta airm “(military) cadet”. Níl ach dornán ainmneacha bailte fearainn ina bhfuil an téarma seo le fáil, m.sh. Cnoc an Dailtín/Knockadalteen “the hill of the dailtín” (logainm.ie #45183; #44588; #42886), rud a bhaineann leis an stádas íseal b’fhéidir. San ordlathas céanna luaitear buachaillí bó agus giollaí (mar grooms or horseboys) sa dara háit. Díol spéise nach bhfuil mórán tagairtí dá leithéid in ainmneacha bailte fearainn lasmuigh de chúpla sampla de na téarmaí ara “charioteer; horseboy” agus eachaire “horse-attendant; groom”. Féach Cnoc an Ara/Knockanarra “the hill of the horseboy” (logainm.ie #19023) i gContae na Gaillimhe agus Corr an Eachaire/Cornagher “the round hill of the horseboy” (logainm.ie #30362) i gContae Liatroma.

De réir mar a ghabhaimid níos airde tríd an ordlathas míleata seo, ámh, tagann athrú ar an scéal. Sa tríú háit bhí an ceithearnach, saighdiúir a raibh airm éadroma aige. Forbairt é seo ar ceithearn, cnuasainm nó ainm ar ghrúpa ceithearnach (féach eDIL s.v. ceithern; FGB s.vv. ceithearn, ceithearnach), a tugadh isteach sa Bhéarla mar kern. Níorbh aon choinscríofaigh iad seo ach saighdiúirí gairmiúla d’ardchaighdeán (‘commonly so good marksmen as they will com[e] within a score of a great castle’ CPCR I (Morrin), lch. 298, fonóta a). Luamar cheana an bhréagshanasaíocht Bhéarla shower of hell (< ceithearn, faoi mar a bheadh cith + ifreann) – thug Stanihurst rakehells, the Devil’s blackguards orthu freisin (cf. dictionary.com s.v. rakehell)!

Bhí na ceithearna chomh coitianta sin i measc saighdiúirí na nGael nach aon iontas é go bhfuil go leor tagairtí le fáil in ainmneacha bailte fearainn. Cuir i gcás Bealach na gCeithearn/Ballaghnagearn “the pass of the kern-companies” (logainm.ie #39434) i gContae Mhuineacháin; Tigh na gCeithearnach/Tinnagarney “the house of the kerns” (logainm.ie #3392) i gContae Cheatharlach; Cruach na gCeithearn/Croaghnakern “the rick(-shaped mountain) of the kern-companies” (logainm.ie #14290) agus Cró na Ceithirne/Cronakerny “the hollow of the kern-company” (logainm.ie #16111) i gContae Dhún na nGall; Coillte Ceithearnaigh/Kiltycarney “woods of (the) kern” (logainm.ie #29168) i gContae Liatroma; Cnoc na Ceithirne/Knocknakearn “the hill of the kern-company” (logainm.ie #28317) i gContae Laoise; agus Cnoc na gCeithearnach/Knocknacarney “the hill of the kerns” (placenamesni.org s.n. Knocknacarney) i gContae Thír Eoghain.

De réir mar a bhogfaidh na suirbhéanna contae atá idir lámha ag an mBrainse Logainmneacha ar aghaidh, is dócha go léireoidh an taighde tuilleadh samplaí de ceithearn agus ceithearnach in ainmneacha bailte fearainn eile. Féach freisin Ó Ceithearnaigh, atá ar an mbeagán sloinnte Gaelacha a chuireann an gnó nó gairm an tsinsir (.i. an té a spreag an sloinne an chéad lá) in iúl. Tá samplaí againn i logainmneacha amhail Baile Uí Cheithearnaigh/Ballykearney “the town(land) of Ó Ceithearnaigh” (logainm.ie #12876) i gContae Chorcaí agus Cluain Uí Cheithearnaigh/Cloonykerny “the pasture, meadow of Ó Ceithearnaigh” (logainm.ie #43381) i gContae Ros Comáin. Cé go raibh a dtábhacht féin ag teaghlaigh éagsúla de Mhuintir Cheithearnaigh sna contaetha seo (féach de Bhulbh s.n. Ó Ceithearnaigh), is é is dóichí ná gur bronnadh na tailte áirithe seo orthu de dheasca a gcúlra míleata. Dar ndóigh, is mar Kearney, Carney, srl., is gnách a bhéarlaítear Ó Ceithearnaigh. Ach cruthaíonn an béarlú seo go leor fadhbanna, tharla go seasann sé do na sloinnte neamhspleácha eile Ó Cearnaigh agus Ó Catharnaigh, mar a chífimid an tseachtain seo chugainn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)