BRABHSÁIL
Ros Fhionnghlaise
ginideach: Ros Fhionnghlaise
(Gaeilge)
Rosenallis
(Béarla)

Gluais

Béarla (wooded) height; wood; promontory

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the wooded height of the white stream
    ? < Ros an Allais (?) “the wooded height of the hypericum”

    Suite ar an bpointe is sia soir ó thuaidh de Shliabh Bladhma. Ros Fhionnghlaise an fhoirm Ghaeilge bhí in úsáid i lámhscríbhinní de chuid an 15ú haois — sin é atá le sonrú go soiléir in iontrálacha 1420–1487 agus sin é freisin atá ag an gCéitinneach sa 17ú haois, in Foras Feasa ar Éirinn. Mar a deir Ó Murchadha, áfach (‘Rosenallis: the original form of its name’ in Ossory, Laois and Leinster 2 (2006)), is fearr a réiteodh cuid den fhianaise béarlaithe le leagan Colgan 1645 ‘Ros an Aluis’ [Ros an Allais]. Tuairimíonn Ó Murchadha ‘allus … may be an abbreviation for allus Muire, an Irish name for St John’s Wort’ (ibid.).

    Díol spéise an iontráil faoin lus áirithe sin in Threlkeld, Synopsis stirpium hibernicarum… (1726), mar tá na hainmneacha Gaeilge go léir luaite leis an gcontae seo: ‘in Leixe Allais Muire [allas Muire], and Beahnova [beathnua], and Tæd Coluim Kille [téad Cholm Cille], in Leixe Beahnua Bicinionn [beathnua baineann], in the Queen’s-County Beahnua Firionn [beathnua baineann]’ (s.n. Hypericum vulgare). D’fhéadfadh sé go dtagraíonn ‘Leix’ don tseandúiche Laoighis seachas d’Uí Fhailghe agus d’Osraí — fuair Threlkeld na hainmneacha Gaeilge as lámhscríbhinn ‘written sometime before the civil Wars in 1641’ ibid. Réamhrá.)

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Tá cur síos san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) ar an gclogás anseo (Round Tower SO), ar St. Bridget’s Well SO < * Tobar Bhríde, agus ar na trí chrosleaca a tugadh go dtí an teampall Caitliceach anseo ó par Raoire Mór (#1454) (cf. #28633).

    Ainmneacha stairiúla:
    An chuid seo de Shliabh Bladhma, is cosúil, a bhí i gceist leis an logainm stairiúil Adharca “horns” (féach Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge I 25).

Lárphointe

53.1198, -7.39255domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1198
Rosevall?
CPL Leathanach: 1, 3
1420
Rosfynnglassy
CPL Leathanach: 7, 158
1430
Rosfynglaisse als. Oregain
VIII 198-206
CPL
1431
Rossyndglaisce
VIII 335-337
CPL
1475c
Rosfinnglaisi
< RIA 24 P 61 (d)
O Doyne Ms. Leathanach: 117, Nóta: 18
1475c
Rosfinnglaisi
Coll. Hib. Imleabhar: II, Leathanach: 16
1487
Rossanclays alias Casleainbreac
CPL Leathanach: 14, 184
1540
Russenall
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 994
1544
Russenall
F Leathanach: 390
1549
Rosnehaily?
bounds of Leyse
Carrigan MS
1549
Rosnehaily?
extent of Leyse
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 245
1552
Rossenallis
F Leathanach: 1139
1563c
Bavnregan
par. Rosenallis +Clonygowan?
Cotton Map
1573
Rossennoles, Oregan alias
Morice fitz Thomas Fitzgeralde
F Leathanach: 2208
1608
Rossenolles
CPR Leathanach: 131
1655
Rossanollis, the Parish of
DS
1660c
Rosanolish Parish
BSD (La) Leathanach: 126
1685
Rossanollis
Hib. Del.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm