BRABHSÁIL
baile fearainn
Buaile na Nollag
ginideach: Bhuaile na Nollag
(Gaeilge)
Boleynanollag
(Béarla)

Gluais

buaile, buailidh
Béarla cattle-fold, summer-pasture

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Cattle-fold of Christmas: Níl ach sampla amháin againn den fhocal Nollaig i logainmneacha, .i. Buaile na Nollag / Boleynanollag, ainm baile fearainn in oirdheisceart chontae na Gaillimhe (par. Baile na Cille). Ach tá samplaí eile ar fud na tíre dá leithéid seo de logainmneacha bunaithe ar fhéiltí nó ar thráthanna den bhliain.

    Díol suime go bhfuil logainm eile in aon pharóiste le Buaile na Nollag a bhfuil an focal Cáisc ann, .i. Buaile na Cásca / Easterfield; tá an logainm ceannann céanna le fáil in oirdheisceart Co. an Chláir (Buaile na Cásca / Boolanacausk, par. Cill Liaile). In iarthuaisceart Co. an Chabháin tá an baile fearainn Droim Cásca / Drumcask (par. Cill Náile) agus i dtuaisceart Co. Mhuineacháin tá baile fearainn darb ainm Mullach na Cásca / Mullanacask (par. Aireagal).

    Tá tagairtí do sheanfhéiltí de bhunadh Ceilteach, leis, i logainmneacha: níl Bealtaine neamhchomónta mar eilimint i logainmneacha — sráidbhaile Tamhnaigh Bhealtaine / Laurelvale i Co. Ard Mhacha (par. An Chill Mhór) cuir i gcás nó baile fearainn Lios Bealtaine / Lisbalting i Co. Thiobraid Árann (par. Cill Chaise) — agus go deimhin, tá roinnt samplaí den fhocal seo mar logainm ann féin, m.sh. An Bhealtaine / Beltany i Co. Thír Eoghain (par. Clochar). Is cosúil gurb í féile na Samhna atá i gceist sna hainmneacha Cnoc Samhna / Knocksouna i Co. Luimnigh (par. Baile Thancaird), Cnoc na Samhna / Knocknasawna i ndeisceart Co. Liatroma (par. Cill Táchurc), agus Doire Shamhna / Derryhawna in iardheisceart Co. Mhaigh Eo (par. An Nuachabháil).

    Maidir le hainmneacha na ráithí, tá an focal Earrach le fáil sna hainmneacha Gleann an Earraigh / Glananarig agus Cnoc an Earraigh / Knockanarrig i gCo. Chorcaí (par. Cluain Droichead & par. Maigh Dhíle) agus san ainm Faiche an Earraigh / Fawnarry i gCo. Liatroma (par. Droim Lias); ní bhuailtear leis na focail Fómhar agus Geimhreadh ach sna hainmneacha Cnoc an Fhómhair / Knockanore Mountain i bhfíorthuaisceart Co. Chiarraí agus Coldwinters / Buaile an Gheimhridh i Co. Bhaile Átha Cliath (par. Fionnghlas & par. Lusca) faoi seach. I measc na logainmneacha a bhfuil an focal Samhradh caomhnaithe iontu, tá Bóthar an tSamhraidh / Summerslane i ndeisceart Co. Chill Chainnigh (par. An Chuailleach Mhór) agus Macha an tSamhraidh / Maughantoorig in oirthear Co. Chiarraí (par. Cill Chuimín), chomh maith le mionainmneacha ar nós Sruthán Log an tSamhraidh / Sruffaunluggatoora i nGleann Chóchan in iarthar Co. na Gaillimhe (par. Maíros).

  • English

    Cattle-fold of Christmas: Only one example of the word Nollaig (‘Christmas’) as a placename element has come to our attention i.e. Buaile na Nollag / Boleynanollag, the name of a townland in south-east Co. Galway (Ballynakill parish). However, there are examples in different parts of the country of placenames based on festivals or specific times of the year.

    It is interesting to note that there is a placename in the same parish as Buaile na Nollag containing the word Cáisc (‘Easter’), i.e. Buaile na Cásca / Easterfield; the same placename occurs in the south-east of Co. Clare (Buaile na Cásca / Boolanacausk, Killeely parish). In north-west Co. Cavan we find the townland of Droim Cásca / Drumcask (Kinawley parish) and the townland Mullach na Cásca / Mullanacask (Errigal Trough parish) is located in north Co. Monaghan.

    There are also references to ancient festivals of Celtic origin in placenames. Bealtaine is not an uncommon placename element — note for instance the village of Tamhnaigh Bhealtaine / Laurelvale in Co. Armagh (Kilmore parish) and the townland Lios Bealtaine / Lisbalting in Co. Tipperary (Kilcash parish) — and there are even some examples of this word as a simplex, in other words a placename in itself, e.g. An Bhealtaine / Beltany in Co. Tyrone (Clogher parish). It would appear that the festival of Samhain is referred to in the names Cnoc Samhna / Knocksouna in Co. Limerick (Tankardstown parish), Cnoc na Samhna / Knocknasawna in south Co. Leitrim (Kiltoghert parish), and Doire Shamhna / Derryhawna in south-west Co. Mayo (Oughaval parish).

    As regards the names of the seasons, the Irish word Earrach (‘Spring’) occurs in Gleann an Earraigh / Glananarig and Cnoc an Earraigh/Knockanarrig in Co. Cork (Clondrohid & Mogeely parishes) and in Faiche an Earraigh/Fawnarry in Co. Leitrim (Drumlease parish); the words Fómhar (‘Autumn’) and Geimhreadh (‘Winter’) are only recorded, it appears, in the names Cnoc an Fhómhair / Knockanore Mountain in the northern extremity of Co. Kerry and Coldwinters / Buaile an Gheimhridh in Co. Dublin (Finglas & Lusk parishes) respectively. Among the placenames in which the word Samhradh (‘Summer’) is preserved, we may note Bóthar an tSamhraidh / Summerslane in south Co. Kilkenny (Coolaghmore parish) and Macha an tSamhraidh / Maughantoorig in east Co. Kerry (Kilcummin parish), as well as the names of minor features such as Sruthán Log an tSamhraidh / Sruffaunluggatoora in Glencoaghan in west Co. Galway (Moyrus parish).

Lárphointe

53.0222, -8.34859domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm