BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

baile fearainn
Baile an tSléibhe
ginideach: Bhaile an tSléibhe
(Gaeilge)
Ballintlea
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead
Béarla mountain, moor

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of the mountain

    Forbairt chomónta foghraíochta í /tl/ > /kl/ atá le feiscint anseo, m.sh.1549 ‘Ballyntle’, 1601 ‘Ballicle’, 2006 /balinˈkleː/. Cf. bf Tuaim an tSleamháin (#28189). Siolla amháin atá san eilimint deiridh (1549 ‘-tle’, 1607 ‘-clea’, srl.) toisc go ndeachaigh -bh- caol idirghuthach ar ceal. Tá samplaí de seo le fáil ar fud an deiscirt, m.sh. 1622 ‘Ballintlea’ faoi bf Baile an tSléibhe/Ballinclea in oirdheisceart Bhaile Átha Cliath (#57113). Cf. bf Baile an tSléibhe (#28108) i gCuileannach.

    Ainmneacha stairiúla:
    Is é sliabh atá i gceist sa logainm, is dócha, an talamh ard i dtuaisceart an bhaile fearainn ar a dtugtar 1563c ‘Sleulou’ ar léarscáil Cotton (nach léir a cheartfhoirm Ghaeilge).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Ritheann an bóthar ó Cheatharlach aneas trí bhearna sa sliabh seo ar a dtugtar Windy Gap SO (< * Bearna na Gaoithe, cé nach eol dúinn aon tagairt don fhoirm Ghaeilge seo); cf. bf An Bealach Mór (#28224) “the big way, pass” díreach lastuaidh den bhearna chéanna.
    2. Níl aon chur síos san Fhardal Seandálaíochta ar Cobbler’s Castle SO, atá léirithe ar léarscáil Noble & Keenan mar ‘Carrickatude or the Cobler's Castle’ i 1752. Deir O’Hanlon gur tógadh an foirgneamh baoise seo ‘on the summit of a remarkable rock, called Carrigatuder … some time during the eighteenth century’ (Hist. Queen’s Co. I 184). Tá ainm Béarla an fhoirgnimh gaolmhar le hainm Gaeilge na carraige féin .i. Carrigatuder SO 6ʺ < Carraig an tSúdaire “the rock of the tanner, cobbler”.

    Is cosúil gurb é Gearóid Ó Ceallaigh an t-ainm atá le feiscint in iontráil 1549/1551; cf. an logainm stairiúil Fearann Ó gCeallaigh faoi bharúntacht an tSráidbhaile (#129). Féach, áfach, go bhfuil paróiste seo Bhaile Adaim suite ar imeall thuaidh na seandúiche Uí Bhuí a raibh an sloinne Ó Caollaí luaite go mór leis.

Lárphointe

52.9906, -7.11315domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1549
Ballenitle
Carrigan MS
1549
Ballyntle Gerrot I kalle
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 66
1551
Ballyntlegerrott Ikalle
F Leathanach: 698
1557c
Ballyntle
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
1578
Ballyentle
F Leathanach: 3359
1601
Balleclee
F Leathanach: 6578
1601
Ballicle
Inq. Lag. Leathanach: 8 El.
1601
Ballicle, Monebolly Rathaspick &
Inq. Lag. Leathanach: 8 El.
1607
Ballinclea
CPR Leathanach: 111
1607
Ballentle
CPR Leathanach: 116
1612
Ballentle
CPR Leathanach: 202
1622
Ballintle
Inq. Lag. Leathanach: 21 J I
1637
Ballentlea
Inq. Lag. Leathanach: 21 C I
1646
Ballintle al' Ballentle
Inq. Lag. Leathanach: 34 C I
1655
Ballinclea
DS
1655
Ballintlea
DS
1659
Ballintlea
Cen. Leathanach: 501
1660c
Ballintlea
BSD (La) Leathanach: 108
1685
Ballintlea
Hib. Del.
1805
Ballintley
Cahill (La)
1838
Ballentley, Ballicle
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: LA009,2
1838
Baile an tsléibh, 'town of the mountain'
OD:AL Leathanach: LA009,2
1838
Ballintlea
OD:AL Leathanach: LA009,2
1838
Ballinclea
BS:AL Leathanach: LA009,2
1838
Ballinclea
HCons PR:AL  Leathanach: LA009,2
2006
balinˈkleː
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm