Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
ring-fort of the boundary
Ní cinnte bunús an cháilitheora.
Tagann an fhoirm is luaithe 1549 ‘Rakree’ leis na foirmeacha go léir ó lár an 17ú haois anuas agus le foirm an lae inniu freisin. Níl consan deiridh -n/-m le fáil ach i ngníomhais a dhéanann aithris ar cháipéisí a breacadh c. 1560–67. Seans gur litir thaibhsiúil í an -n seo. (D’fhéadfaí a thuairimiú go ndearnadh *Racrehÿ a mhíléamh mar *Racrehȳ an chéad lá agus gur scaoileadh an ‘nod’ bréige seo mar -yn (1567) agus -ym (1563) — cf. 1659 ‘Rathcrehy’.)
Bheadh dealramh le Ráth Críche “ring-fort of (the) boundary” más ea. Tá an baile fearainn seo in aice na teorann idir barúntachtaí an tSráidbhaile agus Port na hInse (.i. idir Laoighis agus cuid de dhúthaigh Ó bhFailghe). Cf. bf Cúil Chríche (#28491).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Rakree
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 66
|
1551 |
Rakree
|
F Leathanach: 724
|
1557c |
Racieen
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1563 |
Racrehym
|
F Leathanach: 493
|
1567 |
Rathkrehyn
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 Eliz.
|
1578 |
Racrehin
|
F Leathanach: 3393
|
1593 |
Racrehin
Alexander Cosbie
|
F Leathanach: 5827
|
1596 |
Rathcrehin
|
Inq. Lag. Leathanach: 5 Eliz.
|
1608 |
Racrehine
|
CPR Leathanach: 123
|
1631 |
Racree
|
Inq. Lag. Leathanach: 12 C I
|
1631 |
Racrehen
|
Inq. Lag. Leathanach: 12 C I
|
1636 |
Racrehen
|
Inq. Lag. Leathanach: 36 C I
|
1638 |
Racrehin
|
Inq. Lag. Leathanach: 29 C I
|
1659 |
Rathcrehy
|
Cen. Leathanach: 504
|
1660c |
Rathirehie
|
BSD (La) Leathanach: 106
|
1784 |
Rathcree
|
CGn. Imleabhar: 362.137.24292
|
1785 |
Rathcrea
|
CGn. Imleabhar: 372.117.247757
|
1838 |
Rathcrea
|
BS:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Rathcreagh
|
HCSV:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Rathcreagh
|
HCons PR:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Racreaghen
|
Archdall:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Rathcrehin
|
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Racree, Racrehin
|
Inq. C I:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Rath croidhe, 'rath or fort of the cattle'
|
OD:AL Leathanach: La044,14
|
1838 |
Rathcrea
|
OC:AL Leathanach: La044,14
|
2005 |
ˈrakra
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28200.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML