Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
the ring-fort of the derelict enclosure?
maoilis < maol + liosNí dóigh linn gurb é an t-ainm pearsanta Mílis (< Miles na nAngla-Normannach) atá sa cháilitheoir anseo (cf. bf Ráth Laoisigh “the ring-fort of Laoiseach” lena ais laistiar), mar gur cosúil go gcuireann na foirmeacha stairiúla m-leathan in iúl. (Féach an chodarsnacht idir seo agus 1624 ‘Ballymeelish alias Ballyvillis’, 1655 ‘Ballyvielis’ < bf Baile Mhílis (#28717) i gClann Donncha.) Sin é a thugann orainn an comhfhocal maoilis < maol “bald, derelict” + lios a mholadh (cf. bf Maoilis (#30586) i Luimneach). Tá cur síos san Fhardal Seandálaíochta ar an imfhálú (www.archaeology.ie).
Maidir le struchtúr an logainm, cf. bf Ráth Lis “the ring-fort of the enclosure” (#27752) i gCuileannach (tá cuma an athluaiteachais air sa lá atá inniu ann, ach féach www.dil.ie s.vv. 2 ráth, ráith agus 2 les).
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- 1802 ‘Rathmiles or Windmill Hill’, 1841 Windmill Hill SO (féach faoi bf Baile Briotáis (#28286).
Ainmneacha stairiúla:
- In oirthuaisceart an bhaile fearainn seo agus, is cosúil, isteach in bf Ballycarroll a bhí an áit darbh ainm 1518 ‘Pollagh Balnoy 20 acres’ Kildare Rental (cuid de ‘Gaydonsland’), 1540c ‘villata de la Pollagh 20 acres’ Crown Survey , 1568/9 ‘Pullaghballenowe’ F, 1575 ‘Le Pollagh de le Newton, alias Pollaghballinowe?’ JKAS 339, 1582 ‘Pullaghballenowe’ F, 1617 ‘Pollaugh, a half plowland; occupier, Owen O’Beghan; lying east from the said land of Rathlish and Rathmolis; and meareth south upon the land of Ballynowlorde’ Inq. (Fitzgerald) (cf. 1805 ‘Bally Knowlard’ Cahill léirithe thuas ar Windmill Hill SO; 1617 ‘Ballecharrelle and Derrinifinsin … lying north from the said town of Pollaugh’ Inq. (Fitzgerald)), 1666 ‘Poulagh alias Carrolsby’ ASE 84, 1695 ‘Powlags’ Inq. Lag. < An Pollach “the place of holes” < Pollach an Bhaile Nua “the Pollach of An Baile Nua” an leagan fada de — ainm eile ar an mbaile caisleáin in bf Lé (#28503) ab ea An Baile Nua. Féach Pollach eile faoi bf Cúil an tSúdaire (#28602). Ainm comónta cois na bportach sa dá bharúntacht thuaidh seo is ea pollach “place of holes”.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1552 |
Ramyles
|
F Leathanach: 933
|
1564 |
Rath[moyles]
|
F Áit foilsithe: 596
|
1570 |
Rathmoyles
|
F Leathanach: 1654
|
1575 |
Rathmilers
Ex, Inq. 192 Eliz. I
|
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
|
1617 |
Rathmolis
|
Inq. Lag. Leathanach: 6 J I
|
1618 |
Rathmoiles
|
CPR Leathanach: 390
|
1666 |
Rathmiller alias Rathmines
|
ASE Leathanach: 84
|
1666 |
Rathwillis
|
ASE Leathanach: 84
|
1695 |
Rathmiles al' Rathmine
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1695 |
Rathmiles al' Rathmine
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1695 |
Rathmills
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1733 |
Rathmiles
|
CGn. Imleabhar: 78.25.52858
|
1814 |
Rathmiles
|
Par. Stat. Imleabhar: I, Leathanach: 548
|
1838 |
Ráth Mílis, 'Myles fort'
|
OD:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
Rathmiles
|
OD:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
[Rathmiles]
"'Rathmiles Fort,' a large rath, is situated near to the parish church."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
Rathmiles
|
BS:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
Rathmiles or Windmill Hill
[1802]
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
Rathmolis
|
Inq. J I:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
Rathmiles al' Rathmine, Rathmills, Rathmiles
|
Inq. G III:AL Leathanach: La041,36
|
1838 |
Rathmiles
[Rev. Warburton]
|
Warburton Map 1701:AL Leathanach: La041,36
|
2005 |
ratˈməilz
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28293.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML