BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

fo-aonaid

baile fearainn
Cluain Laighean
ginideach: Chluain Laighean
(Gaeilge)
Clonlyon
(Béarla)

Gluais

cluain, cluaine
Béarla meadow, pasture

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    pasture of the Leinstermen

    Ní heol dúinn aon sampla níos sine ná 1824 ‘Clonlyon’. Tá an baile fearainn seo suite ar imeall Chontae Uíbh Fhailí an lae inniu, ar an tseanteorainn idir Uí Riagáin i gCúige Laighean agus Tuath Ghéisille i gCúige na Mí (cf. Ó hUidhrín 1400c ‘Do ghabh Tuath Ghéisille gheal / taoiseach do leathbhord Laighean’; féach suíomh 1563c ‘Tovogeishel’ Cotton Map díreach taobh thuaidh d’Uí Riagáin).

    Cf. c. 807AD ‘hi Cloin Lagen’, tagairt luath Ghaeilge do bf Cluain Laighean/ Clonlyon (#37929) ar theorainn Chontae na Mí le Contae Chill Dara .i. an teorainn idir na seandúichí Breá (< Breagha) i gCúige na Mí agus Uí Fhaoláin i gCúige Laighean.

    Ar a dhéanaí is atá an fhianaise, d’fhéadfaí an t-ainm pearsanta Laighneach a chur san áireamh, m.sh. Cluain Laighnigh, agus a thuairimiú gur thit an guta deiridh i léig. Cf. 1571 ‘Pardon to Tirrelagh O’Dun mac Moriertagh, of Garryhudert [.i. bf Garraí Hoidir (#28376) laisteas], in the country of O’Dun, gent., Dermot and Lenaghe, his sons, and Dermot mac Moroghe O’Dun, his servant’.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Derry Bog SO < Doire “(oak-)wood” is ainm don phortach in oirthear an bhaile fearainn (cf. 1824 ‘Bogaderry’ [léigh ‘Bog of Derry’?] TAB), mar a bhfuil Derries Hill SO 6ʺ (cf. 1824 ‘Derries’ TAB).
    2. Tá sruthán (gan ainm SO) ar theorainn thuaidh na barúntachta anseo ar a dtugtar 1655 ‘Glashinahorna’ ar an Down Survey agus 1659 ‘Glasscanahoarna’ in CS X 24 — ach trí thimpiste, de réir gach dealraimh: sin é seanainm Glashagh Water SO (féach faoi bf An Chois Íochtarach/Uachtarach (#28402, #28403)) ar theorainn thoir thuaidh na barúntachta.

Lárphointe

53.1632, -7.61734domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1824
Clonlyon
TAB
1838
[Clonlyon]
…the bogs are called 'the Derries' and 'the Derries Hill'."
Desc. Rem.:AL Leathanach: La036,19
1838
Clonlyon
BS:AL Leathanach: La036,19
1838
Clonline
CM:AL Leathanach: La036,19
1838
Cluain liatháin, 'lawn of the grey man'
OD:AL Leathanach: La036,19
1838
Clonlyon
"Compare. Occurs very often." [Nóta OD]
OD:AL Leathanach: La036,19
2005
klənˈləin
Áit.
2005
klɑnˈləin
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid