BRABHSÁIL
baile fearainn
Achadh an Chairn
ginideach: Achadh an Chairn
(Gaeilge)
Summerhill or Aghnaharna
(Béarla)

Gluais

achadh, -ach
Béarla field
Béarla cairn, pile of rocks

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the field of the cairn

    Ar theorainn thoir an bhaile fearainn seo tá sruthán beag (féach 1608 ‘the glen of Glanbarrowe’ faoi bf Baile Uí Mhaonaigh (#28617)), a dtéann an bóthar ón tSráidbhaile trasna ar an teorainn thuaidh. D’fhéadfaí áth “ford”, a mbeadh fuaim -ch /x/ ina dheireadh i gcanúint na háite, a chur san áireamh mar aicmitheoir dá bharr. Measaimid mar sin féin gur fearr a oireann an fhianaise le achadh “field” — thairis sin ní fios cé acu is sine an bóthar nó an t-ainm.

    D’oirfeadh Achadh an Charna (malairt foirme de ghinideach uatha < carn) don fhianaise chomh maith céanna — cf. bf, par Áth Charna (#27760). Ní dócha ar aon chuma go mbéarlófaí Achadh na hAirne “the field of the sloes” mar 1660c ‘Aghancharrin’ (féach 1838 ‘Ach na h-airnídh’ ag Ó Donnabháin).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Díol spéise ainm an phortaigh mhóir a bhfuil rian de le feiscint, mar thalamh lochach, ar léarscáil www.epa.ie sna bailte fearainn bf Ráth Liag (#28615) agus bf An Doire (#28489) ní fada soir ó dheas uaidh seo .i. 1608 ‘a moor called Monecharin … Monacharan’ < Móin an Chairn “the bog(land) of the cairn” (CPR 113a).
    2. Cf. freisin an mionainm 1551 ‘Rahynenenarran’, 1568 ‘Rathenenarren’, 1608 ‘Rathuneran’ < Ráithín na nAirne (?) “the (little) ring-fort of the sloes”, sa chuid sin de bf Ráth Liag (#28615) a ghobann isteach i bparóiste Shrúbh Bó, teorantach leis an mbaile fearainn seo laisteas.

Lárphointe

53.0279, -7.27839domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1660c
Aghancharrin
BSD (La) Leathanach: 94
1713
Aghanaharna
s.n. John Baldwin
Leighlin Wills Leathanach: 36
1765
Aghanharan
CGn. Imleabhar: 242, Leathanach: 108, Uimhir: 155934
1767
Summerhill
s.n. Alice Baldwin
Leighlin Wills Leathanach: 36
1805
Summer Hill
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA012,3
1805
Summer hill
Cahill (La)
1811
Aughnaharna
CGn. Imleabhar: 636, Leathanach: 174, Uimhir: 436577
1812
Summer-hill
Leet II Leathanach: 221
1817
Aughnaharna now called and known by the name of Summer Hill
CGn. Imleabhar: 720, Leathanach: 521, Uimhir: 492457
1838
Aughnaharnagh or Summer Hill
BS:AL Leathanach: LA012,3
1838
Aghnahary
HCSV:AL Leathanach: LA012,3
1838
Ach na h-airnídh, 'field of the sloes'
OD:AL Leathanach: LA012,3
1838
Agh na harney
pl:AL Leathanach: LA012,3
1838
Aghnaharna or Summerhill
OC (corr.):AL Leathanach: LA012,3
2005
aknəˈharnə
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm