Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
(the) ring-fort of —
Is dócha gurb ionann an baile fearainn seo ar imeall thiar thailte na Sean-Ghall agus 1282–83 ‘Rathtaffyn’ v.l. ‘Rathteffyn’, talamh scriosta i mainéar Dhún Másc narbh fhiú faic é de thoradh ionsaithe na nGael (CDI II 468, Inq. PM 2 II 268). Bhí an áit sin i seilbh ‘Richard Coffyn’.
Faighimid tagairt do dhuine den ainm céanna i gCill Dara sa bhliain 1298 mar ar cuireadh gadaíocht i leith ‘Gregory … Richard … Thomas Coffyn’ (CJR I 196); thóg ‘Richard Coffyn’ cás dlí i gcoinne ‘Henry Duneght’ (ó ‘Bernegeyh’, bf Bearna na Gaoithe (#25472)) i dtuaisceart Chill Dara i 1305 (CJR II 94). Sa cheantar céanna bhí logainm eile bunaithe ar an sloinne .i. 1299 ‘Coffyniston’ (CJR I 246). Sloinne Angla-Normannach é seo, díorthaithe ó chauf, cauf “bald” de réir dealraimh (féach 1273 ‘Richard Chaufin’, 1327 ‘Caffyn’ ag Reaney, Dictionary of British Surnames 64 faoin iontráil Chaffin, Chafen, Chauvin, Caffin, Caffyn).
Ach má ta gaol idir ‘Coffyn’ agus ‘Rathteffyn’ is deacair é a shamhlú. D’fhéadfaí an t-ainmfhocal coitianta taoibhín “side-patch; splinter of stone; small addition” a chur san áireamh freisin (Dinn.) (féach freisin taoibhín “side-wedge” ibid. s.v. troighthín).
Tá an táthú -th + th- > /t/ le sonrú ina lán den fhianaise anseo, rud a thiocfadh le Ráth Thaoibhín.
Ní mhaireann aon iarsmaí imfhálaithe anseo.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1282–83 |
?Rathtaffyn
|
CDI Imleabhar: II, Leathanach: 468
|
1282–83 |
Rathteffyn
|
Inq. PM 2 Leathanach: 268
|
1549 |
Raetevin
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 56
|
1549 |
Raetevin
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 56 & 58
|
1551 |
Raetyvyn
|
F Leathanach: 703
|
1551 |
Raetyvyn, Raetevin
|
F Leathanach: 896
|
1552 |
Ryvoghvane?
Connall priory
|
F Leathanach: 1131
|
1567 |
Rathtyven
|
F Leathanach: 1168
|
1568 |
Ryveghvane
|
COD Imleabhar: 36
|
1568 |
Riowoghvan
|
F Leathanach: 1216
|
1569 |
Ratyvyne
|
F Leathanach: 1327
|
1571 |
Ratyvyne
|
F Leathanach: 1802
|
1593 |
Rativine
Anthony Rogers
|
F Leathanach: 5824
|
1597 |
Ratyvin
|
F Leathanach: 6064
|
1606 |
Rioughvane?
Connall priory
|
CPR Leathanach: 140
|
1660c |
Rathseuine
|
BSD (La) Leathanach: 94
|
1805 |
Rathevan
|
|
1838 |
Rathevan
|
BS:AL Leathanach: LA012,22
|
1838 |
Rathevan
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA012,22
|
1838 |
Rath aoibhinn, 'delightful rath, or fort'
|
OD:AL Leathanach: LA012,22
|
1838 |
Rathevan
"Compare" [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: LA012,22
|
1838 |
[Rathevan]
"…contains a lough called 'Red Lough'."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: LA012,22
|
1838 |
Ratheevan
|
pl:AL Leathanach: LA012,22
|
2004 |
raˈt̪iːvən
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28613.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML