Skip to the search box
Loading
Loading map...
Baile Mhic Cionaín Uachtarach
genitive: Bhaile Mhic Cionaín Uachtarach
(Irish)
Ballykenneen Upper
(English)
Glossary
baile townland, town, homestead
Explanatory note
  • Gaeilge

    the town of the son of Cionaín?
    Cionaín — ainm pearsanta (< Cionaoidhin < Cionaodh?)

    Is dócha gurb ionann bf Ballykenneen agus 1595? ‘Baile mic CnaighinLS Uí Dhuinn 33. Is trí bhotún a cuireadh an alias isteach ina dhiaidh sin .i. ‘alias Garrdha Cnaighin’, de réir cosúlachta. Bhí dhá thagairt don ‘Garrdha Cnaighin’ sin cheana féin sa deontas céanna (féach gur scríobhaí gallda a thras-scríobh an deontas seo — féach ibid. nóta). Thagair an t-ainm úd do chuid de bf Míleac (#28550) i bparóiste Ros Fhionnghlaise agus tá go leor tagairtí dó sna foinsí stairiúla (féach faoi bf Derrykilleen (#1418598)); tabhair faoi deara nach dtugtar alias ar bith air in áit ar bith eile. Féach freisin gur dhá áit ar leith iad ‘Ballivickena’ agus ‘Garriknaighery’ i ndeontas 1593.

    Ach is cosúil ar na samplaí luatha béarlaithe go bhfuil an cáilitheoir céanna ag an dá logainm, mar a thugann na leaganacha Gaeilge sin le fios. Litriú foghrúil atá san eilimint dheiridh in ‘Baile mic Cnaighin’ agus ‘Garrdha Cnaighin’, ní foláir, ach tá sé ar aon fhocal leis na samplaí luatha béarlaithe ar nós 1582 ‘Balleknyne’, 1607 ‘Ballikeneinn’, 1607 ‘Ballikenein’, 1607 ‘Ballikeneine’, 1608/9 ‘Ballyknyen’ (cf. 1593 ‘Garriknaighery’ [leg. -knaighen], 1607/8 ‘Garri[.]nayne’). Ní bheifí ag súil leis an éagsúlacht litrithe seo dá mba é fuaimniú an lae inniu, Ballykenneen /kəˈniːn/ (m.sh. béarlú ar * Baile Mhic Coinín “the town of Mac Coinín”), a bhí ann an uair úd. I bhfianaise ‘Cnaighin’ is féidir na samplaí luatha a léamh mar réaduithe ar * /-kəˈnˠiːn′/ nó * /-kəˈnˠein′/ na Gaeilge. Agus d’fhéadfaimis na foirmeacha gan -n deiridh, m.sh. 1570 ‘Ballykeney’, 1593 ‘Balle vickena’, 1607 ‘Ballickiny’, 1643 ‘Balle Knee’, a léamh mar * /bal′ɪ(v′ɪ)kəˈnˠiː/ nó * /bal′ɪ(v′ɪ)kəˈnˠei/ (cf. 1593 ‘Garryknaighe[n]’, 1607/8 ‘Garri[k]nayne’ > 1607/8 ‘Gary Camagh’ [leg. Cannigh?], 1627 ‘Garrykeny’, le béim ar an siolla deiridh freisin is dócha).

    De ghnáth ba réasúnta a mheas gur tuaiplis litrithe nó drochscaoileadh noda ba chúis le -n a theacht is imeacht as an bhfianaise stairiúil, ach ba mhór an chomhtharlúint a leithéid sa dá logainm seo agus iad chomh cosúil le chéile. Agus díol mór suntais go bhfuil an malartú céanna le sonrú san fhianaise do logainm eile sa chontae atá cosúil leo seo .i. 1549 ‘Aghcrosny’, 1753 ‘Crosneen’, 1812 ‘Crosnee’ < bf Crois Naíon (#28852) i Sliabh Mairge. (Cf. freisin an litriú Gaeilge 1561 ‘cloiche naighe’ [gin.] < Cloch Naí i Loch Garman, pléite ag Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Clonee Lower, Upper.)

    Má chuirimid i gcás go bhfuil an fhoirm Ghaeilge ‘Baile mic Cnaighin’ cruinn sa mhéid is go dtosnaíonn an eilimint dheiridh in c- /k/ seachas n- /n/, áfach, d’fhéadfaí an t-ainm pearsanta Cionaoth/Cionaodh, atá luaite i nginealaigh Uí Dhuinn, a mheas. Liostaíonn Ó Dubhagáin an sloinne Ó Cionaoith i measc ‘riogha Ó bhFailghe’, agus luann sé ‘Clann Chionaoith’ le hUí Fhailghe chomh maith sa dán féin (1450c). Más ea, d’fhéadfaí na foirmeacha in -n /n/ deiridh a mhíniú le foirm dhíspeagtha gan urrús ar nós ‘Cnaighin’ < * Cionaoidhín < Cionaodh.
    (Ní dócha gurb é an sloinne úd Mac Fhinín, a bhí ar theaghlach de chuid Mhic Giolla Phádraig in Osraí (m.sh. 1601 ‘Donogh McKenen’ F, 1602 ‘Deyrmot McLaghlin McKennyne’ F, 1602 ‘Shane McJeffrey McKenyn’ F), atá againn anseo.)

    Foranna stairiúla:
    Ní léir conas mar a réitíonn na foranna stairiúla Mór/Beag “big/small” agus Dáibhí (?) “of Dáibhí” leis an dá bhaile fearainn Upper/Lower sa lá atá inniu ann. Úsáidimid Uachtarach/Íochtarach dá bharr.

Irish Grid

N 28343 10620

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28366.aspx
Folklore

Open data