Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
subunits
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
the garden of —
Ní léir bunús an cháilitheora anseo. Bheifí ag súil le rian éigin den fhréamhchonsan san fhianaise dá mba mhír Ghaeilge a bhí ann (m.sh. * siodar = seadán). D’fhéadfadh sé gur leagan gaelaithe d’ainm nó de shloinne Angla-Normannach atá ann. Bheadh a leithéid neamhchomónta go leor mar ainm baile fearainn sa bharúntacht seo, ach cf. 1593 ‘Garrigallared’ pléite faoi bf An Garrán Cnó (#28643) agus bf An Briotás (#28387).
Díol spéise na foirmeacha béarlaithe ‘-hudder’, ‘-hiddert’, ‘hid(d)er’ anseo a chur i gcomparáid leis an sloinne Angla-Normannach seo a leanas a thagann i gceist in áiteanna eile: 1540 ‘Goddardsgraunge’, 1752 ‘Greogedar’ faoi bf Gráig Ghodard/ Gragadder (#25389) i gCill Dara; 1665 ‘Donnogh Gidder’ (ainm Gaeil), 1666 ‘Ballygider’, bf Baile Ghoidir (#45976) i dTiobraid Árann. Cf. 1659 ‘Guithers Towne’, bf Gudderstown/Baile Ghudair (#33445) i gContae Lú agus 1297 ‘Cordelet Godar’ (ainm Gaill) CJR (Tiobraid Árann/Cill Dara). Tá guta cúil /o/ nó /u/ níos comónta i gcéad siolla an leagain ghallda (‘Goddards-’, ‘Godar’), ach tá guta tosaigh /i/ nó /e/ sa chéad siolla sna leaganach gaelaithe (‘-gedar’, ‘Donnogh Gidder’, ‘-gider’). Measaimid gur Goddard an sloinne atá sna samplaí seo go léir, agus é gaelaithe mar Goidir/Giodar(d). Ar an múnla céanna, d’fhéadfaí an sloinne Hodder a chur i gcás sa logainm idir chamáin, go ndearna Hoidir/Hiodar(d) de sa Ghaeilge. Cloímid leis an litriú Hoidir anseo mar réiteach fuaime.
Ní luaitear an baile fearainn seo i Leabhar na nDeachúna; is cosúil go bhfuil an chuid thuaidh de san áireamh faoi ‘Coolagh’ (= bf Cúlach (#28375)) agus an chuid theas de san áireamh faoi ‘Lahoole’ (cf. dr Droichead na Leathchúile/Lahoole Bridge (#107022) in iarthar an bhaile fearainn) (is féidir na sloinnte faoin dá fho-roinn sin sa Tithe Applotment Book a chur i gcomparáid le dáileadh na sloinnte faoi Garryhedder in Griffith’s Valuation chun an suíomh a bheachtú). Cf. tagairtí stairiúla ar nós 1639 ‘Garryhederbegg, Garryhedermore’.
Centrepoint
Historical references
1566 |
Garryhudder
|
F Leathanach: 973
|
1569 |
Garihidert
|
O Doyne Ms. Leathanach: 154
|
1571 |
Garryhudert
|
F Leathanach: 1804
|
1578 |
Garryhunder
|
F Leathanach: 3399
|
1586 |
Garryhande
|
F Leathanach: 4923
|
1601 |
Garryhudder
|
F Leathanach: 6522
|
1601 |
Garryhubert
|
F Leathanach: 6523
|
1604 |
Garrihande
|
CPR Leathanach: 3
|
1607 |
Garryhider
|
O Doyne Ms. Leathanach: 21
|
1607 |
Garryhidermore
|
O Doyne Ms. Leathanach: 21
|
1607 |
Garrihidermore
|
O Doyne Ms. Leathanach: 21
|
1630 |
Garriherdermore
|
Inq. Lag. Uimhir: 6 Car. I
|
1630 |
Garryherderbegg
|
Inq. Lag. Uimhir: 6 Car. I
|
1639 |
Garryhederbegg
|
O Doyne Ms. Leathanach: 181
|
1639 |
Garryhedermore
|
|
1655 |
Garrihidder and Lisneroad
|
|
1659 |
Garrihuddet or Garrihunder
|
Cen. Leathanach: 505
|
1660c |
Garrihudder & Lisneroade
|
BSD (La) Leathanach: 123
|
1667 |
Garryhidder and Lisneroode
|
ASE Leathanach: 135
|
1685 |
Garihider
|
|
1819 |
Garryheddar
"[Derivation] Not ascertained."
|
Par. Stat. Leathanach: 331
|
1838 |
Garriherdermore, Garryherderbegg
|
Inq. C I:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garrihudder
|
DS:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garry-heather
[siombail ghairid ós cionn an 'a']
|
pron.:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garryheader
|
BS:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garryhider
|
HCons PR:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garryheader
|
Map 1824 (Warnesford):AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garryhider
|
HCSV:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garryhider
|
CM:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Gardaidh oitir, 'ottar's oak wood'
|
OD:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garry heather
|
pl:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
Garryhedder
|
OD:AL Leathanach: La036,34
|
1838 |
[Garryhedder]
"It contains a sub-denomination called 'Lahool'."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La036,34
|
1997 |
ˌgariːˈhedər
|
Áit. Uimhir : C897b2
|
2005 |
gariˑˈhedar
|
|
2011 |
ˌgariˈhedər
[d] leathan déadach; Oifig an Phoist, Baile Mhic Adaim (UF), 3km siar uaidh
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28376.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML