Skip to the search box
Loading
Loading map...
An tOireadh
genitive: an Oiridh
(Irish)
Nyra
(English)
Explanatory note
  • Gaeilge

    the tilled land?

    Tagann a lán tagairtí stairiúla anuas chugainn ón chéad chuid den 17ú haois, ach déanann roinnt de na foinsí aithris ar a chéile. Is iad seo a leanas na bunfhoirmeacha neamhspleácha:

    1) 1607 ‘the Nerye’;
    2) 1607 ‘Newry’;
    3) 1622i ‘Nerry’ (aithris air seo is ea 1622ii ‘Nerry’, 1622 ‘Nerrie’, 1639i ‘Nerry’);
    4) 1629 ‘Nerry’ (aithris air seo is ea 1639ii ‘Nerry’, 1662 ‘Nerry’);
    5) 1636 ‘Nerry’

    Tá cúig chinn de shamplaí neamhspleácha againn, mar sin, agus is cosúil go bhfuil á chur in iúl ag ceithre chinn díobh go raibh an chéad siolla gairid .i. * /ˈnerɪ/ (Béarla). Mar leis an eisceacht 1607 ‘Newry’ de, tá sé sin le fáil in ionchoisne dar dáta 22 Meán Fómhair, mar a luaitear an gabháltas ‘Owen O Melone of Newry, gent.: 7 acres in Rinn’. Ach nuair a bhí téarmaí na hionchoisne sin á leagan síos i mí Iúil 1607 dúrthas go mbeifí ag iniúchadh talamh oidhreachta ‘Owen O Moloyne of the Nerye’, inter alia (‘Commission … for taking of Inquisition’ LS Uí Dhuinn 29–32). Dar linne nach bhfuil sa ‘Newry’ seo ach botún (ar * Nerry, b’fhéidir).

    Mar sin tá leanúnachas sna foirmeacha seo ón chéad leath den 17ú haois. Is fiú iad a chur i gcomparáid leis an bhfianaise don tseandúiche par Oireadh (#1415) (.i. deisceart bharúntacht Phort na hInse), atá teorantach leis an mbarúntacht seo lastoir: 1563c ‘Eri’, 1573 ‘Erree’, 1591 ‘Errye’ (ba cheart a lua go bhfuil foirmeacha in i-tosaigh níos comónta sa chás sin, m.sh. 1589 ‘Irry’), agus don bf Oiridh (#41984) i dtuaisceart Chontae Uíbh Fhailí: 1567 ‘Erre’, 1603 ‘Erry’, 1634 ‘Errye’ (cf. 1613 ‘Irry’ san ainm seo freisin). Is cosúil gurb é an focal céanna atá againn anseo.

    Dar linne gur iarsma den alt atá in N-tosaigh na bhfoirmeacha béarlaithe, is é sin gurb é An tOireadh “the tilled land” foirm an ainmnigh (féach www.dil.ie s.v. aired), agus gur réaduithe iad leithéid 1607 ‘the Nerye’ ar [do]n Oireadh, [ó]n Oireadh, srl. Tá fianaise Gaeilge ar úsáid an ailt leis an logainm seo in áiteanna eile: féach 1410c ‘in tOireamhLec. 73a faoi bf An tOireamh i Maigh Eo; cf. freisin 1664 ‘Teyrey’, 1723 ‘Erryroe’ < An tOireadh Rua (#39709) i gContae Mhuineacháin.

    Ach más ea is cosúil go raibh fuaimniú an lae inniu tagtha ar an ainm faoi thús an 18ú haois .i. 1722 ‘Nyree’ (b’fhéidir chomh luath le 1660c ‘Neyrie’, an litriú sa chóip den BSD atá in Oifig na dTaifead Poiblí; ‘Nerie’ sa chóip de atá san Acadamh Ríoga). Is deacair a leithéid d’athrú a mhíniú. Forás rialta sa Bhéarla is ea i-fada /iː/ a fhorbairt go défhoghar /əi/ ach ní bheifí ag súil le 1607 ‘Nerry’ * /ˈnerɪ/ in e-gairid a fhorbairt go 1722 ‘Nyree’ * /ˈnəiri/ mar seo. Ach is cosúil gurb amhlaidh a tharla, mar níl aon rian de dhéfhoghar ar na foirmeacha luatha anseo: cuir iad i gcodarsnacht leis an bhfianaise luath faoi bf An tOidhre (#28316) (2005 /əiriˑ/) i gCluain Eidhneach, a thaispeánann an défhoghar tríd síos: 1563 ‘Tyrre’, ‘Neire’, 1570 ‘Tyre’, 1616 ‘Tyre al’ Eyre’, 1655 ‘Eyrie’ (tabhair faoi deara freisin tionchar an ailt ar na foirmeacha sin freisin: réaduithe iad ar An tOidhre, [ó]n Oidhre, Oidhre).

    Tháinig athrú béime is fuaimnithe ar ainm an bhaile fearainn teorantaigh bf Camira Glebe (2005 /kaˈməirə/) freisin. B’fhurasta a thuairimiú gur imir ainm amháin tionchar ar an ainm eile ach má d’imir ní féidir é a thaispeáint.

Irish Grid

N 42243 10803

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28476.aspx

Open data