Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the tilled land?
Tagann a lán tagairtí stairiúla anuas chugainn ón chéad chuid den 17ú haois, ach déanann roinnt de na foinsí aithris ar a chéile. Is iad seo a leanas na bunfhoirmeacha neamhspleácha:
- 1607 ‘the Nerye’;
- 1607 ‘Newry’;
- 1622i ‘Nerry’ (aithris air seo is ea 1622ii ‘Nerry’, 1622 ‘Nerrie’, 1639i ‘Nerry’);
- 1629 ‘Nerry’ (aithris air seo is ea 1639ii ‘Nerry’, 1662 ‘Nerry’);
- 1636 ‘Nerry’
Tá cúig chinn de shamplaí neamhspleácha againn, mar sin, agus is cosúil go bhfuil á chur in iúl ag ceithre chinn díobh go raibh an chéad siolla gairid .i. * /ˈnerɪ/ (Béarla). Mar leis an eisceacht 1607 ‘Newry’ de, tá sé sin le fáil in ionchoisne dar dáta 22 Meán Fómhair, mar a luaitear an gabháltas ‘Owen O Melone of Newry, gent.: 7 acres in Rinn’. Ach nuair a bhí téarmaí na hionchoisne sin á leagan síos i mí Iúil 1607 dúrthas go mbeifí ag iniúchadh talamh oidhreachta ‘Owen O Moloyne of the Nerye’, inter alia (‘Commission … for taking of Inquisition’ LS Uí Dhuinn 29–32). Dar linne nach bhfuil sa ‘Newry’ seo ach botún (ar * Nerry, b’fhéidir).
Mar sin tá leanúnachas sna foirmeacha seo ón chéad leath den 17ú haois. Is fiú iad a chur i gcomparáid leis an bhfianaise don tseandúiche par Oireadh (#1415) (.i. deisceart bharúntacht Phort na hInse), atá teorantach leis an mbarúntacht seo lastoir: 1563c ‘Eri’, 1573 ‘Erree’, 1591 ‘Errye’ (ba cheart a lua go bhfuil foirmeacha in i-tosaigh níos comónta sa chás sin, m.sh. 1589 ‘Irry’), agus don bf Oiridh (#41984) i dtuaisceart Chontae Uíbh Fhailí: 1567 ‘Erre’, 1603 ‘Erry’, 1634 ‘Errye’ (cf. 1613 ‘Irry’ san ainm seo freisin). Is cosúil gurb é an focal céanna atá againn anseo.
Dar linne gur iarsma den alt atá in N-tosaigh na bhfoirmeacha béarlaithe, is é sin gurb é An tOireadh “the tilled land” foirm an ainmnigh (féach www.dil.ie s.v. aired), agus gur réaduithe iad leithéid 1607 ‘the Nerye’ ar [do]n Oireadh, [ó]n Oireadh, srl. Tá fianaise Gaeilge ar úsáid an ailt leis an logainm seo in áiteanna eile: féach 1410c ‘in tOireamh’ Lec. 73a faoi bf An tOireamh i Maigh Eo; cf. freisin 1664 ‘Teyrey’, 1723 ‘Erryroe’ < An tOireadh Rua (#39709) i gContae Mhuineacháin.
Ach más ea is cosúil go raibh fuaimniú an lae inniu tagtha ar an ainm faoi thús an 18ú haois .i. 1722 ‘Nyree’ (b’fhéidir chomh luath le 1660c ‘Neyrie’, an litriú sa chóip den BSD atá in Oifig na dTaifead Poiblí; ‘Nerie’ sa chóip de atá san Acadamh Ríoga). Is deacair a leithéid d’athrú a mhíniú. Forás rialta sa Bhéarla is ea i-fada /iː/ a fhorbairt go défhoghar /əi/ ach ní bheifí ag súil le 1607 ‘Nerry’ * /ˈnerɪ/ in e-gairid a fhorbairt go 1722 ‘Nyree’ * /ˈnəiri/ mar seo. Ach is cosúil gurb amhlaidh a tharla, mar níl aon rian de dhéfhoghar ar na foirmeacha luatha anseo: cuir iad i gcodarsnacht leis an bhfianaise luath faoi bf An tOidhre (#28316) (2005 /əiriˑ/) i gCluain Eidhneach, a thaispeánann an défhoghar tríd síos: 1563 ‘Tyrre’, ‘Neire’, 1570 ‘Tyre’, 1616 ‘Tyre al’ Eyre’, 1655 ‘Eyrie’ (tabhair faoi deara freisin tionchar an ailt ar na foirmeacha sin freisin: réaduithe iad ar An tOidhre, [ó]n Oidhre, Oidhre).
Tháinig athrú béime is fuaimnithe ar ainm an bhaile fearainn teorantaigh bf Camira Glebe (2005 /kaˈməirə/) freisin. B’fhurasta a thuairimiú gur imir ainm amháin tionchar ar an ainm eile ach má d’imir ní féidir é a thaispeáint.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1607 |
Newry
|
O Doyne Ms. Leathanach: 17
|
1607 |
the Nerye
|
O Doyne Ms. Leathanach: 31
|
1622 |
Nerry
to Thomas Gray
|
CPR Leathanach: 552
|
1622 |
Nerry
to sir Robert Loftus
|
CPR Leathanach: 552
|
1622 |
Nerrie
W Greame
|
CPR Leathanach: 560
|
1629 |
Nerry
|
O Doyne Ms. Leathanach: 177
|
1636 |
Nerry
|
O Doyne Ms. Leathanach: 178
|
1639 |
Nerry
|
O Doyne Ms. Leathanach: 179
|
1639 |
Nerry
|
O Doyne Ms. Leathanach: 180
|
1642 |
Ira?
|
Dep. 1641 Leathanach: 232r
|
1660c |
Neyrie
|
BSD (La) Leathanach: 120
|
1660c |
Nerie
|
|
1662 |
Nerry
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 C II
|
1669 |
Nerrygraige
Nyra agus Graigue le hais a chéile
|
Dunne Papers Leathanach: 135
|
1722 |
Nyree
|
CGn. Imleabhar: 34.137.20901
|
1811 |
Iry
|
|
1819 |
Newry
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 332
|
1819 |
Newry
"New fort."
|
Par. Stat. Leathanach: 332
|
1823 |
Nira
|
|
1838 |
Nyrah
|
BS:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
Nira
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
Iry
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
Irry
*Ní hionann* - seo an dúiche Oireadh (#1415)
|
Inq. C I:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
Nerry
|
Inq. C II:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
Neyrie
|
DS:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
N-iubhrach, 'abounding in yews'
|
OD:AL Leathanach: La056,25
|
1838 |
Nyra
"This retains the name of the destract mentioned in the Act of Parliament…Phil et Mary."
|
OD:AL Leathanach: La056,25
|
2005 |
nəirə
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28476.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML