dúiche
Gaoth Dobhair
ginideach: Ghaoth Dobhair
ainm deimhnithe
(Gaeilge)
Gweedore
(Béarla)

Gluais

Béarla inlet, estuary

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    *the estuary of (the river) Dobhar *
    Tá an dúiche a dtugtar Gaoth Dobhair air suite sa cheann thiar de pharóiste Thulacha Beigile, i mbarúntacht Chill Mhic Réanáin. Is ó ainm an inbhir fhada chaoil atá ina theorainn idir an paróiste sin agus paróiste Theampall Cróna i mbarúntacht Baollach a fuair an dúiche seo a ainm, an gné a ainmnítear mar Gweedore River ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis agus a dtugtar An Gaoth air go háitiúil. Tá an mhír gaoth le fáil sa chiall ‘inbhear farraige’ i logainmneacha eile ar chósta Dhún na nGall, mar atá, Gaoth Beara/Gweebarra agus Gaoth Luacharois Mór/Loughros Beg Bay.
    Seanainm ar an abhainn a dtugtar Abhainn Chroithlí/Gweedore River uirthi inniu é an t-ainm Dobhar. Maireann an t-ainm seo Dobhar mar ainm ar bhaile fearainn ar bhruach an Ghaoith.

  • English

    *the estuary of (the river) Dobhar *
    The district called Gaoth Dobhair is situated in the western end of the parish of Tullaghobegly, in the barony of Kilmacrenan. The area took its name from the long, narrow inlet which forms the boundary between this parish and the parish of Templecrone in the barony of Boylagh; this feature is marked on Ordnance Survey maps as Gweedore River, but is known locally as An Gaoth. The element gaoth occurs in the sense ‘sea estuary’ in two other placenames along the coast of Donegal, namely Gaoth Beara/Gweebarra and Gaoth Luacharois Mór/Loughros Beg Bay.
    Dobhar was the old name for the river now known as Abhainn Chroithlí/Gweedore River; it survives as the name of a townland on the banks of An Gaoth.

Lárphointe

55.0361, -8.25027domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

GGaeltacht
POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

n/a
Gaoth Dobhair: ainm ar cheantar mór Gaeltachta agus paróiste caitliceach in Iarthuaisceart Thír Chonaill. Tá sé ar cheann dena ceantracha tuaithe is dlúithe daonra in Oirthear na hEorpa. Gidh nach bhfuil trácht ar bith ar Ghaoth Dobhair mar ainm ar an cheantar seo roimh an 19ú céad, thig linn a rá go bhfuil an logainm i bhfad níos sine ná sin. Ba don inbhear farraige atá ina luí idir an paróiste seo agus ceantar na Rosann ar an taobh ó dheas de a thagair an t-ainm ar tús, an t-inbhear sin a bhfuil An Gaoth mar ainm air sa lá atá inniu ann. Agus is maith mar a fhóireann an t-ainm don áit, nó is é inbhear an míniú atá leis an fhocal gaoth. Níl an focal seo gaoth beo sa chaint níos mó taobh amuigh de dhornán beag logainmneacha ar chósta Dhún na nGall agus Maigh Eo: Gaoth Beara ar an taobh ó dheas dena Rosaibh, Gaoth Luacharois in Iardheisceart an Chontae, agus Gaoth Sáile in Iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo.
Nóta
n/a
Gaoth Dobhair: I dtaca leis an dara cuid den ainm de, focal iontach suimiúil amach é an focal dobhar. Tá Dobhar mar ainm ar bhaile fearainn atá ag síneadh leis an Ghaoth. Ach arís chan do bhaile fearainn a thagair an t-ainm an chéad lá ach don abhainn a éiríonn i Loch an Iúir agus atá ag reachtáil isteach sa Ghaoth a bhfuil Abhainn Chroithlí uirthi inniu. Tá trácht ar an abhainn seo i dtéacs Gaeilge de chuid an 14ú céad: Ó Eidhnigh co Dobhar ndil, sileas as na garbhshléibhtibh 'ón Eidhnigh go dtí an Dobhar a shileann asna garbhshléibhte'. Macasamhail an fhocail gaoth, níl an focal dobhar beo sa chaint agus is fada an lá ó bhí. Is é 'uisce'an chiall atá leis an fhocal agus tá sé le fáil i gcúpla seanfhaocal leis an chiall sin, mar shampla, dobharchú 'madadh uisce'. Maireann an focal mar an gnáthfhocal ar uisce sa Bhreatnais faoin chulaith dwfr nó dwr. I dtaca leis an logainm Dobhar, is fiú a rá gurb ionann é go díreach agus an logainm Dover i Sasain.
Nóta
n/a
Gaoth Dobhair: Díol suime é fosta an dá ainm eile ar thrácht mé orthu aroimhe, Gaoth Beara agus Gaoth Sáile nó is focal a chiallaíonn 'uisce' atá sa darna cuid den dá sin fosta: Beara an fhoirm ghinideach den fhocal bior, focal nach maireann níos mó ach a mhínítear mar 'uisce' sna seantráchtais, agus Sáile an gnáthfhocal ar 'uisce na farraige'. Dónall Mac Giolla Easpaig
Nóta
1654
The river of Gidore
CS III Leathanach: 114
1655
The River Dora
DS
1778
Guydore R. Ní luaitear oiread is baile amháin sa pharóiste ar T & Skinner. Bhí an bealach mór agus cloghanlea go dtí Dunfanaghy ag dul trasna an ghaoith ó Rinn na feirste - Trá Anagaire.
T&S
1834
Giddore River (ar an ghaoth)
DL

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.