BRABHSÁIL
sráid
Plás Lincoln
ginideach: Phlás Lincoln
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Lincoln Place
(Béarla)

Sráidainmneacha, ainmneacha bóithre, ainmneacha foirgneamh, srl.

Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar. Cuireann an Brainse Logainmneacha comhairle ar fáil do na húdaráis áitiúla ar iarratas. Féach Sráidainmneacha: Treoirlínte agus Sráidainmneacha: Treoirlínte (Achoimre 2022).

Is iondúil go mbíonn an sráidainm Gaeilge ag logainm.ie curtha ar fáil ag an údarás áitiúil cuí agus b’fhéidir go mbeadh sé fós le deimhniú.

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    'St. Patrick's Well Lane' an t-ainm a bhí, tráth, ar na sráideanna darb ainm inniu Sráid Nassau/Nassau Street, Sráid Laighean Theas/Leinster Street South agus Plás Lincoln/Lincoln Place ar theorainn theas Choláiste na Tríonóide; féach, mar shampla, léarscáil Brooking (1728) (féach leis 1680 ‘Way to St. Patricks well’ ar Léarscáil 9 in IHTA 19). Tobar beannaithe laistigh den Choláiste a thug a ainm don lána seo. De réir léarscáil de Gomme (1673), bhí an tobar seo suite sa chúinne thoir theas den pháirc ar chúl an Choláiste i dtreo Phlás Lincoln sa lá atá inniu ann, tamall ó Shráid Nassau.
    Thug Rocque aitheantas do na hainmneacha nua, Nassau Street agus Leinster Street, ar na trí léarscáileanna a thug sé amach in 1756 agus 1757. Ar Phlás Lincoln an lae inniu tugann sé 'S. Patricks Lane' ar an Exact Survey of the City and Suburbs of Dublin; tugann sé 'St. Patricks Lane' ar an tsráid agus is cosúil go léiríonn sé suíomh an tobair féin le 'Well' díreach os cionn an tsráidainm seo ar Survey of the City and Suburbs of Dublin; rinneadh 'Patricks Well La[ne]' de seo ar an mapa Survey of the City, Harbour, Bay and Environs of Dublin. Ba é an Tiarna Molesworth a thug Nassau Street ar an gcuid thiar den seanlána sa bhliain 1749 i ndiaidh a mhic nuashaolta, Richard Nassau Molesworth (a bhí ainmnithe as Rí Liam Oráiste, Cunta Nassau), agus athraíodh ainm na coda láir go dtí Leinster Street i ndiaidh an Bhíocunta Laighean am éigin idir 1747 (an uair a bunaíodh an teideal áirithe sin) agus 1756. 'St. Patrick's Well Lane' a bhí ar Phlás Lincoln (an lae inniu) sa bhliain 1762 fós (léarscáil Eastát Pheambróg sa Chartlann Náisiúnta) ach bhí sin athraithe go 'Park Place' faoi 1773 agus sa bhliain 1862 a fuair sé an t-ainm atá air ó shin.
    Mhol Seosamh Laoide an t-ainm Gaeilge 'Sráid Thobair Phádraig' ar Nassau Street sa leabhrán Post-Sheanchas (1905), ach, faoi mar a mhínigh an Laoideach sa réamhrá, bhí sé curtha roimhe aige ainmneacha de bhunús gallda a ghaelú. Sa bhliain 1921, mhol fochoiste de Bhardas Bhaile Átha Cliath rún chun na hainmneacha Nassau Street/Leinster Street a athrú go 'Tubber Patrick Street' (níor luadar Plás Lincoln ar aon chor) ach diúltaíodh dó; féach Ó Dubhthaigh in Sráidainmneacha na hÉireann (An Gúm, 1998). Sráid Nassau an t-ainm Gaeilge oifigiúil atá sa leabhrán Srádainmneacha Bhaile Átha Cliath a d'fhoilsigh an Chomhairle Cathrach sa bhliain 2004.

  • English

    The streets which are nowadays called Nassau Street/Sráid Nassau, Leinster Street South/Sráid Laighean Theas and Lincoln Place/Plás Lincoln, on the southern boundary of Trinity College, once formed part of 'St. Patrick's Well Lane'; see, for example, Brooking’s map (dated 1728) (see also 1680 ‘Way to St. Patricks well’ on Map 9 in IHTA 19). This lane got its name from a holy well on the College grounds. According to de Gomme’s map (1673), the well was situated in the south-east corner of the park behind the College, in the vicinity of where Lincoln Place is today and a short distance from Nassau Street.

    Rocque included the newly coined names of Nassau Street and Leinster Street on the three maps he brought out in 1756 and 1757. What is now Lincoln Place he calls 'S. Patricks Lane' on his Exact Survey of the City and Suburbs of Dublin; he calls the street 'St. Patricks Lane' and appears to mark the position of the 'Well' just above that streetname on the Survey of the City and Suburbs of Dublin; this has become 'Patricks Well La[ne]' on the Survey of the City, Harbour, Bay and Environs of Dublin. Lord Molesworth had renamed the western end of the lane Nassau Street in 1749 after his newborn son, Richard Nassau Molesworth (whose name derives from the title of King William of Orange, Count of Nassau), and the central part was called Leinster Street after Viscount Leinster at some stage between 1747 (when that particular title was created) and 1756. Modern Lincoln Place was still called 'St. Patrick's Well Lane' in 1762 (Pembroke Estate map, National Archives) but this had become 'Park Place' by 1773, and in 1862 it received the name it bears to this day.

    'Sráid Thobair Phádraig' was proposed as the Irish name of Nassau Street in Post-Sheanchas (1905), an English-Irish gazetteer consisting mainly of post-towns. Its author, Seosamh Laoide, explained in the introduction to the booklet, that a conscious effort was made by him to gaelicise the names of English origin. In 1921, a subcommittee of Dublin Corporation proposed a motion to change the names Nassau Street/Leinster Street to 'Tubber Patrick Street' (Lincoln Place was not mentioned); the motion was rejected; see Ó Dubhthaigh in Sráidainmneacha na hÉireann (An Gúm, 1998). Sráid Nassau is given as the official Irish name of Nassau Street in Dublin City Streetnames / Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath which was published by Dublin City Council in 2004.

Lárphointe

53.342, -6.25058domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm