Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
ainm stairiúil
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
ridge of (the) two pups, cubs?
Cnoc íseal fada é seo a bhfuil beann ar gach ceann de. Cuir an t-ainm i gcomparáid é le hainmneacha eile den déantús céanna a thagraíonn do bheanna dúbailte nó do chnoic dhébheannacha, m.sh. bf Droim Dhá Chon/Drumacon (#5037) (Mu 20), Sliabh Dhá Chon = bbf Dog Big agus Dog Little (#60363) (FM). Eachtra coitianta go leor i scéalaíocht na hÉireann is ea seanchailleach a dhéanamh cnoic de dhá ainmhí, m.sh. dhá chú Fhinn mhic Cumhaill i gcás Shliabh Dhá Chon thuasluaite i bhFear Manach (féach Bréifne 1981, http://www.placenamesni.org/resultdetails.php?entry=7522).
Maidir leis na foirmeacha béarlaithe in wh-, cf. ainmneacha eile in Oirthear Uladh, m.sh. bf Baile Uí Choileáin > Ballywholan (#63244) (TE 65) agus bf, id, par Gleann an Choire > Glenwhirry (#61394) (Ao 39). Féach leis Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt: “§183. Tá claonadh i Muineachán ar [w] a chur i ndiaidh [k] roimh [ï], m.sh. kwïl′an (kwïl′ən) coileán, kwïɴ′ag cuinneog.”
Is cosúil gurb ionann an cnoc seo agus ‘Druim dha Chuiléin’ a luaitear in Genealogical History of the O’Reillys §42 (leg. Chuilén .i. Choileán?). Déantar trácht ansiúd ar na Caochaigh .i. sliocht Néill Uí Raghallaigh (‘An Caoch’), arb astu ainm na barúntachta Clann Chaoich (ceantar na mbailte Searcóg, Coill an Chollaigh, agus Dún an Rí). Míníonn údar an ghinealaigh conas mar a chaill na Caochaigh a gcuid tailte i dtuaisceart na barúntachta sin:
Méud fós an gheana ar chleamhnas Gall tug orra gluasacht go huachtar na barúntacht & do chaill an chuid íochtarach dóibh ... as é cead duine tainic do dhéanamh gabhaltais ’san ccuid íochtaraigh Conchubhar mc Seain an Einigh do rinne daingneach a nDruim dha Chuiléin. Do chongbhadh fós gealltaighe cíosa o mhaórthuibh Ádhaimh mc Cuuladh [Caochach], cona uime sin marbhthar Conchabhar re cloinn Ádhaimh.
(ibid., lch. 70; Seán an Oinigh †1460, féach Annála Ríocht Éireann)
Paróiste Inis Caoin an lae inniu .i. an chuid sin den bharúntacht atá teorannach le Contae na Mí ar an taobh thoir de shléibhte na Táchairte agus Lochán Leagha, atá i gceist leis an bhfocal ‘uachtar [.i. deisceart] na barúntacht[a]’ anseo. Díol suime, i bhfianaise a bhfuil ráite anseo faoi na Caochaigh, gur le paróiste Inis Caoin amháin a bhaineann na tagairtí don sloinne Mac an Chaoich i gClann Chaoich i gcáipéisí rialtais de chuid an 16ú haois (m.sh. Fiants (Eilíse) 4908, 5792).
- English
ridge of (the) two pups, cubs
[further information in Irish note]
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1609 |
dromcullin
|
MEC Leathanach: 4.21
|
1612 |
Dromcullen
|
Inq. Ult. Leathanach: 19 Car. I
|
1622 |
Dromculan
|
Inq. Ult. Leathanach: 19 Car. I
|
1629 |
Dromcullen is knowne by the name of Drommawhollan
|
Inq. Ult. Leathanach: 19 Car. I
|
1638 |
Dromcallen al' Dromawholan
|
Inq. Ult. Leathanach: 17 Car. II
|
1657 |
Dromoghelan
|
LN Leathanach: D 6956
|
1685 |
Dromoglan
|
LN Leathanach: D 6957
|
1703c |
a nDruim dha Chuiléin
|
Gen. Hist. O'Reilly Alt: 42
|
1752 |
Dromoghelan
|
LN Leathanach: D 6958
|
1920c |
Drumawhellan
|
Anglo-Celt Údar: An Scoláire Bocht, Leathanach: Scoláire Bocht
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1410440.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML