BRABHSÁIL
An Fosadh nó Tigh Mochua
ginideach: an Fhosaidh, Thigh Mochua
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Fossy or Timahoe
(Béarla)

Gluais

teach, steach, stigh, tigh
Béarla house

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    An Fosadh
    the halting-place, encampment?

    Réadú ar -dh /ð/ atá le feiscint sa litriú 1205 ‘Fosseth’. D’imigh an fhuaim seo as an nGaeilge faoin 14ú haois. Féach FGB, Dinneen s.v. fosadh agus www.dil.ie s.v. fosad. B’fhéidir go bhfuil an t-alt léirithe i bhfoirm 1606 ‘Parkefoss’ < Páirc an Fhosaidh (?). Tá logainm i gCiarraí a bhfuil fianaise ar úsáid an ailt leis: féach ‘Cnocán an Fhosaidh’ faoi bf An Fosadh (Ci) (#23499). Cf. bf Gráig an Fhosaidh

    Tigh Mochua
    the (religious) house of Mochua
    Mochua — ainm ceana naoimh

    Crónán an naomh atá i gceist le Mochua anseo, de réir dealraimh (cf. bf Cill Chrónáin (#27772)).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Ar léarscáil 1563 tugtar ‘Feranoprior’ < Fearann an Phrióra “the land of the priory” ar an gceantar seo (cf. foirm na bliana 1568). Cf. Fearann na Manach “the land of the monks” faoi bf Diméin Mhainistir Laoise (#27730).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Maidir le Boheravurder SO < Bóthar an Mhurdair “the road of the murder” ar imeall thuaidh an bhaile fearainn, dar le muintir na háite in 1838 ‘friars dwelt in the abbey of Timahoe until the year 1650 when Colonels Hewson and Reynolds … murdered all the friars of this abbey and dismantled their house. The place where they were massacred is still called Boher a wurther or murdering road’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis I 278–9; cf. bf Baile Uí Chearúill (#28298) agus bf Cúil na Carraige (#28488)). Díol spéise an malartú idir w- agus v- i dtosach an fhocail deiridh; dhealródh sé gur ghné suntasach de chanúint Ghaeilge Achadh Bhó in iardheisceart an chontae ab ea mh-/bh- leathan tosaigh a fhuaimniú mar /v/ i gcónaí (cf. Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis I 1 faoi par Achadh Bhó (#1412)).

Lárphointe

52.9586, -7.21133domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1204
Thechmochna
CPL Leathanach: 1, 18
1302-6
Taghmoho
Pap. Tax. Leathanach: 250
1455
Techmucuo
CPL
1540
Tymochoo
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 162
1549
ffarryneprior
Carrigan MS
1551
Farrin eprior in Lixe
F Leathanach: 830
1552
Faryneprior, the lordship of Tymochoo alias
F Leathanach: 1131
1552
Tymochoo alias Faryneprior, the lordship of
F Leathanach: 1131
1552
Tymoghoo alias Tymochoo
F Leathanach: 1131
1563
Feranoprior
Cotton Map
1563
Farny-pryornye, Tymoho alias
F Leathanach: 575
1563
Tymoho alias Farny-pryornye, rectory and vicarage of S. Mocho the confessor
F Leathanach: 575
1568
Farrienpriory, the manor of Tymochoo alias
F Leathanach: 1216
1568
Tymochoo alias Farrinepriory
F Leathanach: 1216
1568
Tymochoo alias Tymachoo
F Leathanach: 1216
1570
Tymoho alias Fernypriorie, the Church of
F Leathanach: 1622
1589
Farrenepriory alias Timogho
COD Imleabhar: vi, 54
1606
Timocho
CPR Leathanach: 140
1608
St. Mocho, of Tymocho or Farrennepriory
CPR Leathanach: 124
1660c
Timochoe Parish
BSD (La) Leathanach: 95
1660c
Fossey Parish
BSD (La) Leathanach: 101
1838
The name seems an anglicising of the Irish word Fásach, a wilderness though such a name is not now applicaple to the Townland in which the old Church stands.
LSO (La) Imleabhar: I, Leathanach: 264

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm