BRABHSÁIL
paróiste dlíbaile fearainn
Sléibhte
ginideach: Shléibhte
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Sleaty
(Béarla)

Gluais

Béarla mountain, moor

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Ní léir a bhrí.

    Téann an fhianaise Ghaeilge i bhfad siar, m.sh. 700c ‘o Sleibtiu’, 800c ‘Slebti’, ‘i Sleibti’, agus níl aon dabht faoi fhoirm cheart an logainm seo. É sin ráite, ní foirm iolra den fhocal sliabh “mountain” atá ann: s-thamhan ab ea an slíab sin sa tSean-Ghaeilge, slébe (.i. sléibhe) san iolra (féach www.dil.ie s.v. slíab). Thuairimigh T.F. O’Rahilly gur foirm uatha le foirceann atá sa logainm Sléibhte: ‘what the suffix is I cannot say … In Middle Irish slébte replaces O. Ir. slébe as plural of sliab (Already slebte, gen.pl., in LU 4022). Strachan has suggested that the new plural “is probably due to association with glenn and fán”; but it is more likely that the existence of O. Ir. slébte, sg., with collective (?) force, was responsible for the innovation’ Ériu 13 (1942) 137–8.

    Taispeánann an fhianaise traslitrithe 1197 ‘Slefta’, 1204 ‘Sleb[t]e’ rian den -bh- láir caol /βʹ/, /vʹ/. Rinneadh guta den chonsan áirithe seo i gcanúintí an deiscirt, áfach, agus tá fuaimniú an lae inniu le sonrú ar 1549 ‘Maydeslietye’ < Maide Sléibhte “the (crossing-)stick of Sléibhte” (ag tagairt don Ford SO nó do Sleaty Bridge SO, is dócha). Tá iarracht den ársaíocht nó den choimeádachas ag roinnt le litriú 1466 ‘Slebte’, is cosúil (sna Papal Letters atá sé sin le fáil, an foinse céanna arbh as 1204 ‘Sleb[t]e’ thuas); is é is dóichí ná go raibh an t-athrú fuaime seanbhunaithe faoin tráth sin.

Lárphointe

52.8579, -6.94799domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

n/a
hi Sleibte
Four Lat. Lives Leathanach: 93.20
n/a
Fiach i Slepti
Four Lat. Lives Leathanach: 157.16
660–700
Feec ... hi Sleibti
Pat. Texts Leathanach: M 1.19
660–700
Ordinauit Feccum Album i Sleibti
Pat. Texts Leathanach: T 51.4
700
Aedh o Sleibtiu
ATig. Imleabhar: XVII, Leathanach: 216
700
Quies Aedho anchorite o Sleibtiu
AU I Leathanach: 158, Alt: 2
800/830c
Fiac et Fiachra ... i Sleibti
12 Deireadh Fómhair
Mart. Tall. Leathanach: 79
800/830c
Aidi episcopi Slebti
7 Feabhra
Mart. Tall. Leathanach: 15
800c
i Slebti
Pat. Texts Alt: Add. 14.3
800c
Epscop Aed bói i Sléibti
Pat. Texts Alt: Add. 16.1
900c.
Fíacc...hi Sleibti
Bethu Phát. Leathanach: 32
900c.
i Sléibti
Bethu Phát. Leathanach: 116
900c.
Sleibte
Bethu Phát. Leathanach: 116
900c.
Fíacc...hi Sleibti
Bethu Phát. Leathanach: 117
900c.
hi Sléibtiu
Bethu Phát. Leathanach: 117
900c.
Lotar Fiacc co Sléibti
Bethu Phát. Leathanach: 143
900c.
dochum Sléibti
Bethu Phát. Leathanach: 143
900c.
co Sleibti
Bethu Phát. Leathanach: 146
1100c.
Fiac Slebti
CGSH Iontráil: 286
1100c.
Fiacc epscop Sléibti
CGH Leathanach: 50
1100c.
Fiacc Slebe
CGSH Iontráil: 662, Foroinn: 169
1160c.
ic Sleibti
LL Imleabhar: VI, Líne: 49848
1160c.
Fiac Slebti
LL Imleabhar: VI, Líne: 48156
1170c
Fiac Shleibte; Fiac epscop Sleibti; Fiacc Sleibte i nHuib Bairche
s.v. Dlom Fiacc 7 Fiachraig, 12 Mí Ochtimbir
FOeng. Leathanach: 222
1170c
Aed epscop Slebhti
FGorm. Leathanach: 32
1170c
Fiacc, epscop Slebhte
FGorm. Leathanach: 194
1181-99
Slefta, the church of St. Patrick
Alen's Reg. Leathanach: 26
1200c.
Fiach i sleibtib
CPL Imleabhar: I, Leathanach: 8
1204
Slebre
CPL Leathanach: 1, 18
1302-6
Glefer
Pap. Tax. Leathanach: 249
1390c.
Fiac Slebhti
BB Leathanach: 222, Colún: e, Líne: 51
1400c.
Fiac Slebhti
Lec. Leathanach: 44, Colún: vb, Líne: 27
1400c.
Fiach i sleibtib
Lis Leathanach: 5, Colún: Va, Líne: 25, Líne: 26
1466
Slebte
CPL
1503
Sleduc
CPL Imleabhar: XVIII, Leathanach: 330
1507
Sclethy
CPL Imleabhar: XVIII, Leathanach: 745
1513
Sleti
CPL Imleabhar: XX, Leathanach: 61
1549
Maiddeslitie
Carrigan MS
1549
Mayddslietye
F Leathanach: 249
1549
Maydeslietye
F Leathanach: 249
1564
Sleyty, rector of
F Leathanach: 608
1570c
Sletye
Carew Mss. Leathanach: 67, Imleabhar: 635
1607
Slety
O Doyne Ms. Leathanach: 2
1620
Sleatre rectory
CPR Leathanach: 481
1650c
Slebhte
'go hAth Leathnocht ag ...'
LGen. Imleabhar: II, Alt: 450
1650c
easbog Slebte
LGen. Imleabhar: II, Alt: 464.5
1650c
o Shlebhtibh Droma Ghabla
LGen. Imleabhar: II, Alt: 724.5
1660c
Sleaty Parish
BSD (La) Leathanach: 85
1685
Sleatie
Hib. Del.
1837
Slieb-teach
Top. Dict. Imleabhar: II, Iontráil: 563
1837
Slatey, Sleaty, Sletty
Top. Dict. Imleabhar: II, Iontráil: 562
1838
The word is translated montes by Colgan, and Duald Mac Firbis, speaking of St. Fiacc, the patron of the place, calls him Fiacc of Cill Sleibhe.
LSO (La) Imleabhar: II, Leathanach: 22

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm