Léim go dtí an bosca cuardaigh
Á lódáil
Léarscáil á lódáil...
Bré Á lódáil...
ginideach: Bhré
ainm deimhnithe
(Gaeilge)
Bray Á lódáil...
(Béarla)
Nóta mínithe

Is baile, paróiste dlí agus baile fearainn é Bré i gCo. Chill Mhantáin. Tá dhá bhaile fearainn eile ann atá ainmnithe as Bré, eadhón Coimín Bhré agus Bré Beag. Tá Bré Beag, mar aon le cuid de Choimín Bhré, suite ar bhruach thuaidh na Deargaile. I gCo. Bhaile Átha Cliath a bhí an talamh sin go dtí gur aistríodh é de thoradh Acht Rialtais Áitiúil na bliana 1898 go Co. Chill Mhantáin. Seo mar a d’aithnítí líomatáiste Bhré lastuaidh den abhainn ón gceantar theas i gcáipéisí Stáit, little Brey (bliain 1566 m.sh.) agus Moche Bree (1538). Is ón logainm bunaidh céanna a dhíorthaigh Ceann Bré chomh maith le Bray River (= Bray water 1655c), an t-ainm a bhí ar an Deargail tráth. Go deimhin níor éirigh le Liam Price ina shaothar The Place-Names of Co. Wicklow ainm abhann na Deargaile a rianú níos faide siar ná an t-ochtú haois déag. Ainm gleanna ba ea é ó cheart.

Maítear ar uairibh gur Brí Chualann / Cualann ainm Gaeilge Bray. Dealraíonn sé nach sine an fhoirm Ghaeilge sin ná tosach an fichiú haois. Thug Seosamh Laoide aitheantas do Brí Cualann sa leagan Béarla-Gaeilge dá ghasaitéar, Post-Sheanchas ina bhfuil cúigí, dúithchí, conntaethe agus bailte puist na hÉireann a cuireadh i gcló sa bhliain 1905. Sa leagan Gaeilge-Béarla den Post-Sheanchas a cuireadh i gcló an chéad uair sa bhliain 1911, mhol an Laoideach dhá fhoirm Ghaeilge an babhta seo, Brí Chualann agus Brí. Brí Cualann a mhol Risteárd Ó Foghludha sa ghasaitéar s’aigesean, Logainmneacha .i. [A] Dictionary of Irish Placenames (bliain 1935). Thug an tAthair Pádraig Ó Duinnín aitheantas do Brí Cualann chomh maith ina fhoclóir Gaeilge-Béarla (eagrán 1927) faoin bhfocal brí, ‘a hill’. Ainm dúthaí ársa is ea Cuala (ginideach Cualann). Toisc gur theastaigh ón Laoideach seanainmneacha na ndúthaí a chur in ionad ainmneacha na gcontaetha a bhunaigh na Gaill, b’fhéidir gurbh eisean a shocraigh ar Cuala a chur leis an logainm.

Brí na Gaeilge atá taobh thiar den logainm Bray. Is focal ársa ar chnoc é brí atá caomhnaithe i logainmneacha, ar nós Brí Mhór lastuaidh de Bhaile Brigín i gCo. Bhaile Átha Cliath nó Brí Ois atá cóngarach do bhaile Thiobraid Árann i gCo. Thiobraid Árann agus a chiallaíonn cnoc an fhia. Bhí P. W. Joyce, údar Irish Names of Places, ar dhuine díobhsan a mheas gurbh fhoirm eile de *Brí é Bray. ‘Bri [bree]’, a scríobh sé sa chéad imleabhar dá shaothar iomráiteach, ‘signifies a hill or rising-ground ... Bray, which is the name of several places in Ireland, is another form of the same word. Bray in Wicklow is called Bree in old church records and other documents’.

Le bheith cruinn, faightear idir Bre agus Bree i ndoiciméid Stáit agus eaglasta de chuid an tríú haois déag. Is é foirm is sine áfach sna taifid úd ná Bre (féach samplaí stairiúla den logainm i The Place-Names of Co. Wicklow). Níl na foirmeacha traslitrithe sin ag freagairt do Brí na Gaeilge áfach. Cuimhnimis nár tharla an t-athrú suaithinseach i bhfuaimniú na ngutaí fada sa Bhéarla ar a dtugtar an ‘great vowel shift’ go dtí an cúigiú haois déag meastar. De thoradh an athruithe sin, ardaíodh guta fada [ē] an tSean- agus an Mheán-Bhéarla go dtí [i] i bhfocail ar nós fēt / feet, sē / see.

Tá samplaí le fáil den logainm atá faoi chaibidil, de réir dealraimh, i ndán Gaeilge a cumadh i dtosach an deichiú haois faoi rithe Laighean. Breä, logainm déshiollach, a bhí sa dán úd (féach Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge: Ainmneacha i B). Faightear an logainm Dún mBrea sa Dindshenchas a cuireadh i dtoll a chéile ina dhiaidh sin. I gCríoch Cualann a bhí an dún úd de réir an Dinnseanchais chéanna, mar a raibh inbhear agus ‘ard-ler’ (nó farraige). Tá tagairt luath chomh maith i litríocht na Gaeilge do Dún Bré.

In eagrán 19 Aibréan 1927 den Irish Times, foilsíodh litir leis an Ollamh Osborn Bergin inar mhínigh sé nach raibh aon bhunús stairiúil leis an leagan Brí Chualann. Siod é clabhsúr na litreach, ‘To sum up, Middle Irish scholars knew of a place called Dún Bré, at the mouth of a river in a district comprising the southern part of County Dublin and the northern part of County Wicklow ... The identification seems obvious [i.e. with Bray]. I do not know of any old authority for the name Brí Chualann’.

Ba é tuairim Liam Price, údar a lán aistí agus sraith leabhar faoi logainmneacha Co. Chill Mhantáin, gurbh ainm ar abhainn na Deargaile é Bré ó bhunús. Mhíneodh sin cén chúis a nglaotar Loch Bré ar an loch ina n-éiríonn géag d’abhainn na Deargaile. Bíodh an focal scoir ag Liam Price as an aiste ‘The name of Bray’ a foilsíodh in Éigse (imleabhar IV): ‘To sum up, Brea and Bré seem to be the early forms of the name Bray ... it does not seem likely that it represents the word brí, ‘a hill’; and it is possible that it is an old river name’.

Eangach Náisiúnta

O 27 19

Airíonna

Tá postoifig anseo nó bhí tráth.

Taifid chartlainne
Nasc buan
https://www.logainm.ie/16662.aspx
Tuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas

Tá ábhar béaloidis a bhaineann leis an áit seo ar fáil i mBailiúchán na Scol (1937-1939) »

Sonraí ríomhaireachta