Durlas
ginideach: Dhurlais
ainm deimhnithe
(Gaeilge)
Thurles
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Durlas / Thurles:
    oaken ring-fort, enclosure
    < daur (dair) +* *lios?

    Tá a lán samplaí stairiúla den logainm seo ar fáil. Seo iad na foirmeacha is luaithe de in ord aimsire, ‘go Dúrlas’ (bliain 1174), ‘gu Durlus U Fócarta’ (1174), ‘cath Durluis' (1174), 'cath Durlais’ (1174), ‘ag Durlas O Fogarta’ (1175), ‘a Durluis h. Fogarta’ (1192), ‘cath Durlais Ua Fhocarta’ (1192). I mbailiúcháin éagsúla Annála a fhaightear na tagairtí úd. Tabhair faoi deara gur logainm ann féin, gan cháilitheoir, é Durlas i dtrí cinn de na heiseamláirí. Uí Fhógarta (Ó bhFógarta ginideach), príomhchlann Dheisceart Éile, an cháilitheoir a bhí leis an logainm sna cásanna eile.

    An tagairt is luaithe do Dhurlas iar dteacht na Normannach ná tíolacadh talún Laidine ó thimpeall 1200 inar luadh caisleán Durles go sonrach. As sin amach is gnáthach an logainm a scríobh i gcáipéisí Laidine nó Béarla ar nós litriú Béarla an lae inniu, 'Thorlys' (1286), 'Therles' (1290), 'Thorles' (1293), 'Thurles' (1306), srl. Ón gceathrú haois déag amach, Thurles is minicí a scríobhtar i gcáipéisí stáit agus eaglasta. Bhí eisceachtaí ann áfach, eisceachtaí a bhí níos cóngaraí do litriú Gaeilge an logainm, ar nós 'Durlus' (1480), 'Dorles' (1571), 'Thurles alias Dourlesse' (1596).

    Tá dornán tagairtí Gaeilge ar fáil chomh maith ón gcúigiú haois déag go dtí an seachtú haois déag. Seo iad, ‘i nDurlus’ (1460c.), ‘ar Dhurlas’ (1470c.), 'Dúrlais' (ginideach, 1550 & 1588), 'Durlais' (ginideach, 1614). Tabhair faoi deara ar feadh na haimsire sin nár cuireadh ‘Éile’ leis an logainm oiread is uair amháin. Ba iad na foirmeacha Gaeilge a scríobhadh in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis (1840) ná Dúr lus agus Dúrlas. Is é an bhrí a bhain muintir na háite as an logainm an trath úd ná dubh ar lus, ‘black upon leek’. Cé nach bhfuil aon bhunús leis an míniú sin—‘oaken enclosure’ is brí le Durlas de réir Logainmneacha Co. Luimnigh—tabhair faoi deara nach bhfuil Éile ann ar aon chor.

    Go deimhin nior éirigh linn ach cúpla sampla stairiúil de Durlas Éile a fháil. Tá 'Thurless-Elly' luaite timpeall 1700 i liosta aontaí agus margaí; ‘go dTúrrlas Fhéile’ atá in amhrán áirithe i lámhscríbhinn Ghaeilge ón naoú haois déag; ‘Dá mbeimis ag a chéile, ag ól i nDurlas Éile’ atá in amhrán eile fós, ‘Iníon an Fhaoitigh ón nGleann’. Dar ndóigh, seans gur ar mhaithe leis an mheadaracht a fhaightear leagan fada den logainm sna hamhráin. I gcás amhráin eile de, a bailíodh i gCo. Chill Chainnigh sa naoú haois déag, luadh ‘A bhfuil ó Chluain geal Meala go Carraig na Siúire / Chuaigh sé go Caiseal is as sin go Durlas’. Dá bhrí sin níor cheart an iomarca brí a bhaint as foirmeacha na logainmneacha in amhráin. Le hAthbheochan na Teanga, bhí claonadh follasach ann aitheantas a thabhairt d’fhoirmeacha fada logainmneacha sa Ghaeilge. Ba é Seosamh Laoide ba thúisce a thiomsaigh agus a d’fhoilsigh liosta dhátheangach de bhailte poist uile na tíre, i leabhar dar teideal Post-Sheanchas (1905). Moladh dhá leagan sa saothar sin, Dúrlas Uí Fhógartaigh agus Dúrlas Éile. Is tríd an gcóras oideachais a leathnaigh an fhoirm Durlas Éile gan amhras.

Lárphointe

52.6712, -7.8163domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1120c
co Durlus
CCC Leathanach: 10
1450c
do dherg Durlus
Ir. Bard. Poet Leathanach: 155, Líne: 53, Véarsa: 1
1666c
Dúrlais (gin.)
Ó Bruadair Imleabhar: I, Leathanach: 198
1728c
Dúrlas Éile
Ó Rathaille Leathanach: 228
1743
Dhurlais (gin.)
"Ar mbeith ag fuagradh cogadh naghaidh na Spáinnibh do lucht Dhurlais..."
LN G135

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Fo-aonaid