BRABHSÁIL
baile fearainn
An Bháiteog
ginideach: na Báiteoige
(Gaeilge)
Bauteogue
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the flooding river?
    the flooded land?

    Pointe trasnaithe taobh thiar de bhaile Thigh Maodhóg. De réir Laurence (Maoileachlainn) Uí Bhroin ba é Áth Bháiteoige “the ford of (An) B(h)áiteog” marc teorann thuaidh Fhearann Ó gCeallaigh (féach AL anseo, cf. LSO Uíbh Fhailí I 60). Is cosúil gur thug an abhainn ainm don áth, a thug ainm ansin don bhaile fearainn beag ar an taobh thuaidh de (cf. foirm an Bhranaigh le 1733 ‘Bateogebridge’), ach níl a mhalairt d’fhorbairt le cur as an áireamh áfach.

    Féach an focal céanna, le malairt túschonsain m-, mar ainm abhann in abh An Mháiteog (#106078) (/). Maidir le ‘talamh bháite’ de, féach bf Mullach na Báiteoige (#40912) i Muineachán agus go háirithe an plé ag Fiachra Mac Gabhann ar ainm bf Máiteog (#34388) i Maigh Eo (“place subject to inundation with water” Logainmneacha Mhaigh Eo bar. Thír Amhlaidh).

    Is é an bóthar siar ó thuaidh ón áth seo an bealach a thug ainm do bf Coill an Bhealaigh (#28250) de réir dealraimh.

Lárphointe

52.995, -7.18425domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1733
Bateogebridge
CGn. Leathanach: 71.323.50997
1838
Bottogue
BS:AL Leathanach: LA023,6
1838
Báiteóg, 'a swamp'
"The ford of Baiteog, according to Old Laurence Byrne of Fallybeg, was the northern boundary of O'Kelly's country." [Nóta OD]
OD:AL Leathanach: LA023,6
1838
Bauteogue
OD (corr.):AL Leathanach: LA023,6
1838
Bottogue
[scriosta]
OC:AL Leathanach: LA023,6
2006
bɑːˈtoːg
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm