Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilgethe (oak-)wood of Cantún? 
 Cantún — sloinne (< Canton na nAngla-Normannach)?An sloinne Angla-Normannach Canton atá sa cháilitheoir anseo, is cosúil. Féach na samplaí seo a leanas ó Loch Garman: ‘Gaspar Canton’, ‘James Canton’ sna Fiants (16ú haois) agus ‘David de Cannteton’, ‘David de Caunton’ sa Calendar of Justiciary Rolls (14ú haois). Ní dócha gurb é an sloinne Angla-Normannach Condon atá ann; Condún an fhoirm choitianta Ghaeilge de sin. Is éard atá i gceist ag Ó Donnabháin leis an nóta 1838 ‘Fitz Anthony’ ná gur mheas sé go bhféadfadh sé gur réadú é 1655 ‘Derrycantan’, srl., ar Doire Mhic Antáin “the (oak-)wood of Mac Antáin (< Fitz Anthony)”. An t-ainm athartha seo is bunús leis an logainm Gaeilge bf, b Baile Mhic Andáin (#1411901) i gCill Chainnigh (< 1224 ‘Thomas Fitz Anthony’, Seanascal Laighean; díol spéise go dtagraíonn ainm Béarla an bhaile, Thomastown, don duine ceanann céanna). Cf., b’fhéidir, ‘Lawrence Anthony’ i bparóiste Achadh Bhó in Griffith’s Valuation. 
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
| 1655 | Derrycantan | |
| 1660c | Derrycanton | BSD (La) Leathanach: 148
           | 
| 1667 | moiety of Derrycanton | |
| 1712 | Dericanton | CGn. Leathanach: 9.299.3678
           | 
| 1838 | Derry, oak wood, and Canton, a family name "Fitz Anthony" [dúch] | OD:AL Leathanach: La046,13
           | 
| 1838 | Derrycanton | OD:AL Leathanach: La046,13
           | 
| 1838 | Derrycanton | BS:AL Leathanach: La046,13
           | 
| 1838 | Derrycanton | Bar. Cons.:AL Leathanach: La046,13
           | 
| 1838 | Derrycantan | DS:AL Leathanach: La046,13
           | 
| 1838 | Derrycanton | Despard:AL Leathanach: La046,13
           | 
| 2004 | (Derry)ˈcɑnton | |
| 2004 | (Derry)ˈcanton | 
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
 
                            