BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

ginideach:
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Lea
(Béarla)

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Ní léir brí an logainm seo, cé go dtagann roinnt tagairtí anuas chugainn ó ré na Meán-Ghaeilge féin.

    Tá cur síos san Fhardal Seandálaíochta ar an gcaisleán agus ar an teampall (www.archaeology.ie). Déantar amach ansin go mb’fhéidir gurb é baile caisleáin Lé a bhí i gceist le 1297 ‘Newtown of Leys’ (CJR I 167), et var.; cf. an mionainm stairiúil 1582 ‘Pullaghballenowe’ < Pollach an Bhaile Nua díreach laisteas (faoi bf Ráth Mhaoilis (#28293)). Ach féach freisin an nóta faoi bf Carraig na Páirce Dún Másc (#28296) i nDíseart Aonghais taobh theas den Fhraoch Mór.

    Ag seo Ó hUidhrín (1400c):

    Aoibhinn an chríoch, cian ro chlos,
    Tuath Léighe na learg solos;
    Ó Ceallaigh Léighe ón tráigh thoir,
    céile an chláir eangaigh iubhroigh.

    Tugann Fitzgerald stair na háite seo in JKAS IV 325–351. Díol spéise fuaimniú béarlaithe an ainm phearsanta Cathaoir sa chomharsanacht lena linn (c. 1903): ‘By the peasantry his name [sc. Cathaoir na gCapall Ó Díomasaigh] is pronounced “Caw-heer”’ (cf. nóta faoi bf Baile Mhadóg (#28222) sa Sráidbhaile). Luann Coote crann fuinseoige suntasach sa bhaile seo in 1801 ‘Near to the castle, in the village, stands the great ash tree, which is by far the largest in the kingdom…’ Stat . Surv. 136 (cf. ainm an bhaile fearainn bf Ráth Rua-uinseann (#28656) tamall ó dheas).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. 1805 ‘Sley na lack’ Cahill, 1814 ‘Mullaghalig’ Par. Stat., 1841 Mullaghlea SO, 1903? ‘Mullaghaleege’ JKAS IV 343 < Mullach Liag (??) “summit of (the) stone”.
    2. Trasna na Bearú tá Cauchamore Ford SO 25ʺ (gan ainm ar SO 6ʺ) nach léir bunús an ainm.
    3. Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil do Dempsey’s Island SO.

    Ainmneacha stairiúla:
    1518 ‘Diryeltyn 80 acres’ Kildare Rental , 1814 ‘Derryelton’ Par. Stat. (lastoir de ‘Old Lea’) < Doire Eiltín (?) “(oak)wood of (the) little doe, hind”. Dreelthan an leagan de seo a bhailigh Liam Price c. 1950 (cartlann an Bhrainse Logainmneacha).

Lárphointe

53.1517, -7.1346domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

976 [recte 978]
tighearna Leighe 7 Rechet
ARÉ Imleabhar: II, Leathanach: 706
978
ri Leighe 7 Rechet
ATig. Imleabhar: XVII, Leathanach: 340
1100c.
Dálán mac Rosa Failgi a quo Húi Onchon la hÁes Lége
CGH Iontráil: 122, Foroinn: bb49
1100c
Léige
Tír Úa Failge
MDind. Imleabhar: IV, Leathanach: 260
1100c
Lége
<Líag ingen Trescait
MDind. Imleabhar: IV, Leathanach: 246,252
1200c
tar Berba ... & i Tóchar Léghi ingine Cuarnatan, airim i torchair Liagh le Conall
Féach Ballintogher SO
AcS Leathanach: 56, Líne: 695
1204
Lega
CDI Imleabhar: I, Alt: 195
1270
Leye
CDI Imleabhar: II, Alt: 867
1273
Legh'
CDI Imleabhar: II, Alt: 970
1274
Leghey, Leythe
CDI Imleabhar: II, Alt: 1039
1297
Leye
CJR Imleabhar: I, Leathanach: 167
1297
Leghe, castle of
CDI Imleabhar: IV, Leathanach: 269, Alt: 565
1389
Muiris Maol h. Conchobair Fhailgi do marbad ... le fer d'Ib Cellaig Leíge
AConn. Leathanach: 360, Alt: 8
1389
Muiris mael hUa Concobuir do marbadh ... le hUib Cellaigh Leighi
AU Imleabhar: III, Leathanach: 20
1389
d'Uíbh cCeallaigh Legi
ARÉ Imleabhar: IV, Leathanach: 714
1400c.
Tuath Léighe na learg solas; Ó Ceallaigh Léighe
Top. Poems Leathanach: 37, Líne: 990-1
1432
Ley
COD Imleabhar: iii, 101
1452
caislén Leige
ARÉ Imleabhar: IV, Leathanach: 978
1518c
Lye, the castell of
Kildare Rent. Leathanach: 288
1518c
Ley, the manor of
Kildare Rent. Leathanach: 288, 289
1537
Leye
Forf. (N. L.)
1540
Ley
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 177
1540c
Lye
Crown Surv. Leathanach: 160
1549
Castell lye
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 100
1561
Leye
F Leathanach: 6786
1563c
C. Lea
Cotton Map
1575
Ley alias Castell Ley
Ex. Inq. 192 Eliz. I (BÁC)
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
1583
Castellie
Edw. Fitz Gerald
F Leathanach: 4251
1612
Leay
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1612
Leay
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1621
Lea
Inq. Lag. Leathanach: 20 J I
1622
Lea
CPR Leathanach: 561
1625
Lea
CPR Leathanach: 590
1636
Ley in Clanmaliere
s.a. 1389
AClon. Leathanach: 313
1637
Ley
Inq. Lag. Leathanach: 22 C I
1659
Lea
Cen. Leathanach: 502
1660c
Lea & Insicolly
BSD (La) Leathanach: 119
1666
the Castle of Legey
The Annals of Ireland, 1443-46, s.a. 1452
Misc. Ir. Arch. Soc. Leathanach: 232, Imleabhar: I
1695
Lea, maner de
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
1783
Lea
Taylor (Cill Dara)
1814
Lea, otherwise spelled Leagh and Lay
Par. Stat. Imleabhar: I, Leathanach: 515
1838
Lea
BS:AL Leathanach: La041,32
1838
Lea
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: La041,32
1838
Lea
Beaufort:AL Leathanach: La041,32
1838
Leix
"Wrong."
Evans Map 1811:AL Leathanach: La041,32
1838
Leagh
HCSV:AL Leathanach: La041,32
1838
Lea
HCPR 1824:AL Leathanach: La041,32
1838
Lea
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,32
1838
Lea
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,32
1838
Leagh
HCons PR:AL  Leathanach: La041,32
1838
Ley
Inq. C I:AL Leathanach: La041,32
1838
Leay, Leigh, Lea
Inq. J I:AL Leathanach: La041,32
1838
maner' de Lea
Inq. G III:AL Leathanach: La041,32
1838
Lea
OD:AL Leathanach: La041,32
1838
Leighe
LSO (La) Imleabhar: I, Leathanach: 248, Leathanach: 249
2003
Aos Léighe
FSÁG Foroinn: 1, Leathanach: 70

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm