Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilgethe town of the wisp, wispy person? Tá an fhianaise an-ghann. Measaimid gur réadú é 1720 ‘hopican’, 1747 ‘huppehawn’, srl., ar cháilitheoir dar túschonsan sh- /h-/. Réiteodh an chuid is mó den fhianaise leis an ainmfhocal coitianta sopachán “shakedown; nesting material” (féach FGB agus Ó Duinnín s.v.). D’fhéadfaí ainm dílis a chur san áireamh chomh maith, tharla go dtagraíodh an t-ainmfhocal coitianta úd do dhaoine freisin, m.sh. leasainm Sopachán “wispy, unkempt man” nó sloinne *Ó Sopacháin mar a mholann Ó Donnabháin (1838) — tá an dá ainm seo gan urrús, áfach, go bhfios dúinn. Díol spéise an litriú 1720 ‘-cuppacan’ sa tagairt is luaithe dá dtagann anuas chugainn (cf. 1758). Thabharfadh sin le fios gurbh é c- /k-/ túschonsan radaiceach an cháilitheora agus gur réadú ar ch- /x-/ atá in 1720 ‘-hopican’, srl. Ach más ea ní heol dúinn aon fhocal *copachán i logainmneacha, ná ní dóigh linn gur meititéis ar an logainm Copanach (#5473, #27220, #3519, srl.) a bheadh ina leithéid. Ó tá an áit seo suite ar leirg sléibhe, ní fhéadfaí a chur as an áireamh gur buaile “cattle-fold, summer pasture” a bhí sa chéad eilimint ó cheart. 
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
| 1720 | Ballyhopican | CGn. Leathanach: 28.271.17582
           | 
| 1720 | Ballycuppacan | CGn. Leathanach: 28.271.17582
           | 
| 1747 | Ballyhuppehawn | CGn. Leathanach: 127.375.87128
           | 
| 1758 | Ballycuppaban | Kildare Wills  Leathanach: 134
           | 
| 1758 | Ballacuppahane | Kildare Wills  Leathanach: 142
           | 
| 1805 | Ballyhuppahane | |
| 1823 | Ballyhapahane Ballyhupahane san innéacs | |
| 1838 | Ballyhuppahane | BS:AL Leathanach: La056,5
           | 
| 1838 | Ballyhuppahane | Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,5
           | 
| 1838 | Ballyhuppane [No date] | Map:AL Leathanach: La056,5
           | 
| 1838 | Ballyhupahane | Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,5
           | 
| 1838 | Baile Ui Shopachain, 'O'Soppahan's town' | OD:AL Leathanach: La056,5
           | 
| 1838 | Ballyhuppahane | OD:AL Leathanach: La056,5
           | 
| 2005 | baliˑˈhopəhɑːn | 
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28638.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
 
                            