Léim go dtí an bosca cuardaigh
Á lódáil
Léarscáil á lódáil...
Cluain Cuas
ginideach: Chluain Cuas
ainm neamhdheimhnithe
(Gaeilge)
Cloncourse
(Béarla)
Gluais
cluain
(freisin: cluaine)
meadow, pasture
cuas hollow; cove, creek
Nóta mínithe
  • Gaeilge

    pasture of (the) hollows?

    Tá baile fearainn den ainm Béarla céanna Cloncourse i bparóiste Chluain Eidhneach agus Chluain Caoin (La 12, 17) (#28684). Sa dá chas is inmheasta gur tháinig -r- isteach roimh -s sa leagan Béarla den ainm agus nach aon chuid den bhunainm Gaeilge atá ann.

    Anseo tá réadú breá soiléir ar an défhoghar Gaeilge -ua- (~/uə/) le sonrú sna foirmeacha béarlaithe 1631, 1655, 1659, 1660c agus 1666 [leg. ‘Cluoncuose’]. Is féidir talamh slán a dhéanamh de gurbh é an Béarla a chéadionannaigh cuas le -course.

    Sa logainm eile úd i bparóiste Chluain Eidhneach agus Chluain Caoin (#28684) tá an -r- le feiscint chomh luath le 1713 ‘Cloncourse’.

Eangach Náisiúnta

S 22296 89815

Taifid chartlainne
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28749.aspx

Sonraí oscailte