- Gluais
-
cnoc hill
- Nóta mínithe
-
- Gaeilge
Is aistriúchán í an fhoirm Ghaeilge.
Ainmneacha stairiúla:
Léiríonn léarscáileanna an 17ú haois dhá logainm ar an láthair seo nó ar chuid di. Tá an chéad cheann díobh soiléir go leor .i. An Srath “the river-meadow” (1549–1685). Ach ní léir bunús 1655 ‘Cuday’, 1659 ‘Cuddy’, 1660c ‘Cudany’. Cf. an nóta faoi bf Codach (#27929) in Uí Fhairchealláin, b’fhéidir. Féach leis gur bhéarlú rialta ar cuid oíche .i. saghas tobhaigh, ab ea cuddy i gcáipéisí gallda (féach www.dil.ie s.v. cuit 5 ‘freq. cuitig’; cf. bf Lios na Coda Oíche (#9944) i gCorcaigh agus féach Ó Crualaoich in Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Courtnacuddy).Tá bearna san fhianaise idir 1685 agus 1779, nuair a thagann an t-ainm Béarla chun solais. Díol spéise, ar aon chuma, gur úsáid Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin (1751–1838) an leagan Béarla den logainm seo de réir dealraimh: 1837 ‘Ath Fuiseóige near Cooper-hill’ an t-eolas a thug sé ar theorainn theas na seandúiche Fearann Ó gCeallaigh (LSO Uíbh Fhailí I 61).
- Gaeilge
- Eangach Náisiúnta
-
S 67145 80853
- Taifid chartlainne
- Nasc buan
- https://www.logainm.ie/28828.aspx
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Sonraí XML (dímholta)
- contae
- barúntacht
- paróiste dlí
- baile fearainn
- Cnoc an Chúipéaraigh/Cooperhill Demesne
- fo-aonaid