Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- English
wood of (the) bare hill Nuair a chuirtear an fhianaise stariúil agus an fuaimniú áitiúil den logainm seo le chéile, athchruthú sásúil den mbunfhoirm is ea Fiodh Fharnochta nó Fiodh Fharnocht: Tógaimis mar shampla an fhoirm Bhéarlaithe Fiarnaght (bliain 1622), mar aon leis an bhfoirm Ghaeilge a scríobhadh le peann luaidhe in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis, bliain 1836, Fíodh Fhearnacht, chomh maith leis an bhfuaimniú áitiúil ón mbliain 2007, [ˌfʲiːˈaːrnət]. Gheobhadh farnocht a bheith ina ainmfhocal sa ghinideach uatha anseo sa chiall ‘bare, exposed hill’ (Joyce 1875: 400-1), ag tagairt don chnoc suaithinseach atá ar an mbaile fearainn, nó neachtar acu ina aidiacht (féach eDIL, s.v. fornocht, ‘bare’). Cé nach féidir dul ar iontaoibh na sínte fada mar chomhartha ar ghutaí fada amháin sa litriú a chleacht an Braonánach (1794), ní miste a thabhairt faoi deara go bhfuil an guta fada sa dara siolla den logainm, faoi mar a fuaimníodh é go haitiúil i mbliain 2007, ag teacht le Fíothárnach sa lámhscríbhinn. Tá trí shampla eile den mhír farnocht caomhnaithe i mbailte fearainn Co. Liatroma, dha áit den ainm Farnocht gan aon cháilitheoir (www.logainm.ie, uimhreacha tagartha 29295 agus 30354) chomh maith le Gréach Farnocht (uimhir thagartha 29125). I gcás gach logainm díobhsan, is guta fada atá sa chéad siolla de Farnocht i bhfuaim an lae inniu. Is minic a fhadaitear guta gearr ó bhunús roimh an carn consan rn i Leath Choinn (O’Rahilly, 1972: 50). Tá sampla eile de fhadú an ghuta roimh rn léirithe sa dán Raghailleach Átha Cárnn cuir i gcás a chum Uilliam Ó Maoil Chiaráin san 18ú haois arbh as tuaisceart na Mí dó, mar a gcuireann an mheadaracht comhfhuaim in úil idir Cárnn, táim, cás srl. (Ó Muirgheasa 1933: 37 agus 2015: 52). Tá Áth Cárnn suite i gCo. na Mí – féach Áth Carn www. logainm.ie, uimhir thagartha 38362.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
"Arch. Inventory: Standing stone (site). On a shelf with a quarry to N and lower ground to W. Marked only on the current ed. of the OS 6-inch map. The field has been reclaimed and the standing stone removed (23). Bullaun stone. On a W-facing slope. An oval stone with a small basin on one side close to a well which is an opening defined by boulders which is no known to be a holy well (192). "
|
||
n/a |
"Pinkman: Fearnacht = A place of alder trees. The Down Survey writes the name Fiarnaght."
|
|
"Príomhshruth na hÉireann: “Idir Dromad, iar Fhearnach” (21:71) (Fíotharnach, Ó Tuathail)"
|
||
pointe triantánachta anseo, ar chnoc 286 troigh
|
||
1622 |
Fiarnaght
|
CPR Leathanach: 529a
|
1622 |
Fearnaght
|
CPR Leathanach: 529a
|
1622 |
*Fiarnagh
|
CPR Leathanach: 529a
|
1655 |
Fiarnaght
|
|
c1660 |
Ffiaraght
|
BSD Leathanach: 27
|
c1660 |
?Ffernaght
|
BSD Leathanach: 22
|
1667 |
Farnaght
|
ASE Leathanach: 167
|
1685 |
Fiarnagh
|
|
1709 |
Feyarnaght
|
CGn. Leathanach: 8.462.3142
|
1728 |
Fearnaght
|
CGn. Leathanach: 57.282.38477
|
1743 |
?Fairnaght (Shanley)
(nó Farnaght PO?)
|
Uachtanna, Féach Breifne 1960 Leathanach: 237
|
1793 |
?Farnaught (Reynolds)
(nó Farnaght PO?)
|
Uachtanna, Féach Breifne 1966 Leathanach: 149
|
1794 |
Fíotharnach (:Beirneach) Fíothárnach LS
(Fearnach, leagan 1994)
|
'The River Shannon': Ó Tuathail Leathanach: 280
|
1829 |
Feearnaght
|
TAB Leathanach: innéacs 22, Nóta: (61:16/13)
|
1836 |
Fiarnaght
|
BS:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Farnagh
|
CM:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Farnaght
|
Buck, H.:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fiedh-naght, 'the slaughter of the deer'
|
Mc Donough, I.:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Farnaght
|
HCons PR:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fearnagh
|
HCER 1826:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fiarnaght
|
DS Ref.:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fíodh Fhearnacht
|
pl:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fearnacht, 'a place of alder trees'
|
OD:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fearnaght
|
OD:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
[Fearnaght]
"'The Hackler's Hill' is on the mail coach road."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: C001,1,27
|
1836 |
Fiarnaght
|
|
1836 |
Farnagh
|
|
1836 |
Farnaght
|
|
1836 |
Fiedh-naght
'the slaughter of the deer'
|
|
1836 |
Farnaght
|
|
1836 |
Fearnagh
|
|
1836 |
Fiarnaght
|
|
1836 |
Fíodh Fhearnacht
|
|
1836 |
Fearnacht,
'a place of alder trees'
|
|
1836 |
Fearnaght
|
|
1836 |
[Fearnaght]
"'The Hackler's Hill' is on the mail coach road."
|
|
2007 |
ˌfʲiːˈaːrnət (2), ˌfʲiːˈaːrnərt
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/30244.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML