2025-03-23

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Deireadh le hainmneacha na mBreatnach go fóill
Baile an Rísigh / Ballinreeshig
“the town(land) of An Ríseach (duine dar sloinne Rís [< Rhys na Breatnaise])”
(féach logainm.ie #53377)

Dáta: 22/03/2025

Beidh deireadh againn leis na Breatnaigh i logainmneacha tar éis nóta na seachtaine seo. Tosnóimid leis an sloinne/ainm athartha Breatnaise ap Rhys. Is ionann ap (< mab) na Breatnaise agus mac na Gaeilge, ach is é Rice, Rys, srl., leis féin an sloinne béarlaithe atá le fáil i measc na nAngla-Normannach sa choilíneacht luath in Éirinn, go háirithe i Leath Mhogha (see K. Muhr & L. Ó hAisibéil, The Oxford Dictionary of Family Names in Ireland). Murab ionann is an sloinne dúchasach Ó Maolchraoibhe, ar ‘béarlaíodh’ é freisin mar Rice ní ba dhéanaí, ba é Rís an leagan Gaeilge den sloinne Angla-Normannach Rice (< (ap) Rhys), ar ndóigh, agus An Ríseach an aidiacht ainmfhoclaithe a fhaightear i logainmneacha. Bhí baint mhór ag na Rísigh le Cathair Luimnigh agus le Daingean Uí Chúis (cf. de Bhulbh, Sloinne Gaedheal is Gall s.n. Rís). I mBaile an Ghóilín, lasmuigh den Daingean, atá na seanfhothracha darb ainm Caisleán na Ríseach “the castle of Na Rísigh” (logainm.ie #1393844) (cf. archaeology.ie KE053-011); agus dar ndóigh tá cuimhne fós ar Bess Rice – an tiarna talún cruálach úd – i mbéaloideas Chorca Dhuibhne. Foirm eile den ainm gaelaithe seo atá le fáil, is cosúil, sa logainm Baile Mhic Rís / Ballymacreese “the town(land) of the son of Rís [< Rhys]” (logainm.ie #31166) i gContae Luimnigh.

Ach ní i gContaetha Chiarraí agus Luimnigh amháin a bhí na Rísigh seo le fáil. Tá Baile an Rísigh / Ballinreeshig “the town(land) of An Ríseach” (logainm.ie #9330) gar do Charraig Uí Leighin i gContae Chorcaí (‘Ballynrisig’ 1573). Agus tá baile fearainn darb ainm Ricetown (logainm.ie #37666) i gContae na Mí, i bhfad ó bhaile ó Chúige Mumhan. Logainm de bhunús Béarla atá i Ricetown seo na Mí: tá tagairt againn ón mbliain 1340 do Richard Rys a fháil deontas talún i Ryston óna athair Eustace. Ach bhí Gaeilge á labhairt anseo anuas go dtí an 19ú haois, gan amhras, tráth ar bhreac scoláirí na Suirbhéireachta Ordanáis an fhoirm ‘Baile Ís’ (1836) ó mhuintir na háite. D’fhorbair an leagan neamhghnách sin ó *Bail’ Rís, nuair a comhshamhlaíodh R- tosaigh an tsloinne le -l deiridh an fhocail bail’ (< baile, giorrú a fhaightear go minic i logainmneacha an cheantair seo). (Is éard is comhshamhlú ann athrú fuaime i bhfocal chun é a dhéanamh cosúil le fuaim eile san fhocal céanna. Is minic a tharlaíonn sé leis na consain /d/, /l/, /n/, /r/, toisc go bhfuaimnítear iad timpeall ar an bpointe céanna sa bhéal.) Fuarthas foirm neamhghnách eile de An Ríseach i gContae Chill Chainnigh sa 19ú haois, mar a dtugtaí ‘talamh a risti’ [Talamh an Rístigh] (1839) ar Ricesland (logainm.ie #27295) go háitiúil. Cé gurb ionann é, ó thaobh foirme de, is an sloinne neamhghaolmhar An Rísteach < Ríste (< AN Riche), is féidir linn a bheith cinnte go dtagraíonn ‘talamh a risti’ (1839) don sloinne AN Rice sa chás seo. Ba le Philip Rys an baile fearainn seo sa bhliain 1312, mar chuid de mhainéar Chnoc an Tóchair (Red Book of Ormond, lch.127), agus faighimid tagairt do thailte i seilbh John Rys sa mhainéar céanna 100 bliain ina dhiaidh sin (Calendar of Ormond Deeds II, lch.307). Maidir leis an bhfoirm ‘a risti’ (1839), mar sin, is léir gur sádh an /t/ isteach agus nár chuid den bhunleagan é. Samplaí coitianta dá leithéid d’fhoghar sáite i gcaint an lae inniu is ea aríst (< arís), téimist (< téimis) agus mar sin de. (Dála an scéil, tá an sloinne eile úd An Rísteach (< AN Riche) le fáil sa logainm Baile an Rístigh / Reechestown (logainm.ie #48066) i gCo. Thiobraid Árann: ‘baile ríste’ (1840).)

Tá go leor logainmneacha eile timpeall ar Chnoc an Tóchair, Contae Chill Chainnigh, a thagraíonn do Bhreatnaigh a bhí páirteach sa choilíneacht Angla-Normannach sa cheantar. Chomh maith le Talamh an Rístigh / Ricesland, luamar cheana Baile Héil / Ballyhale “the town(land) of Hwyel (Howell)”, Caisleán Héil / Rossenarra Demesne “the castle of Hwyel (Howell)” agus go deimhin an sliabhraon Sliabh Breatnach / Walsh Mountains féin .i. “mountain of (the) Walshes” (logainm.ie #1418629). Ní haon iontas, más ea, gur áiríodh Walsh i measc na ‘Principall Irish Names’ i mbarúntacht Chnoc an Tóchair sa 17ú haois (A Census of Ireland, Circa 1659, lch.423).

Ní cuntas uileghabhálach a thugamar le cúpla seachtain anuas, agus tá go leor sloinnte Breatnaise eile a d’fhéadfaimis a lua. Tá cuid acu seo níos comónta ná a chéile. Sloinne eile atá díortaithe ó ap Rhys is ea Price, atá coitianta go leor: sin é atá le fáil sa logainm Béarla Priesthaggard (logainm.ie #53472) i gContae Loch Garman. (Aistriúchán is ea an leagan oifigiúil Gaeilge Agard an Phrísigh. Pléitear bunús eile le Price in Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch.1428.) Sloinne Breatnaise níos neamhchomónta atá againn sa logainm Gaeilge Bealach Saghais “the way, pass of Saghas” (logainm.ie #54758) i gContae Chill Mhantáin, mar atá Sais ‘Sasanach, Gall’ (féach Sloinnte Gaedhal is Gall, lch.666 s.n. Saghas) – ba dheacair é sin a thuiscint ar an leagan oifigiúil Béarla Ballysize. Castar go minic le Madóg freisin i logainmneacha Gaeilge, mar ainm pearsanta agus mar shloinne. Tagann sé seo ó Madog na Breatnaise: m.sh. Achadh Mhadóg / Aghamaddock “the field of Madóg” (logainm.ie #28223), Garraí Mhadóg / Garrymaddock “the garden of Madóg” (logainm.ie #28193) agus an dá bhaile fearainn i gContae Laoise darb ainm Baile Mhadóg / Ballymaddock “the town(land) of Madóg” (logainm.ie #27731; #28222). Faightear Baile Mhadóg i gcontaetha eile agus foirmeacha béarlaithe éagsúla air: Ballymadog (logainm.ie #13585) i gContae Chorcaí; Ballyvaddock (logainm.ie #32104; #32111) i gContae Luimnigh; agus Maddockstown (logainm.ie #26774) i gContae Chill Chainnigh, ar a dtugtaí ‘baile Mandog’ [sic] (1839) go háitiúil sa 19ú haois. Tá an t-ainm céanna le fáil i Leath Choinn chomh maith, mar a bhfaightear Fearann Mhadóg / Maddoxland (logainm.ie #33929) i gContae Lú: ‘Madoxland’ (1655), ‘Ferrunmadocke’ (*c.*1661).

Tá an Brainse Logainmneacha i mbun taighde speisialta ar an bhfianaise sna logainmneacha ar na Breatnaigh a tháinig anall le hionradh na nAngla-Normannach, agus gach seans go dtiocfaimid ar ais chuig an ábhar seo arís. Go fóill beag, áfach, ní mór dúinn hwyl! a rá le Héil, le Rís agus le Madóg. Tá súil againn gur thugamar blaiseadh den eolas ríluachmhar a thugann na logainmneacha seo dúinn faoin ról a bhí ag lucht na Breataine Bige i gcoilíneacht luath na Sean-Ghall in Éirinn. Agus tabhair faoi deara aríst eile go bhfuil tuilleadh fianaise sna logainmneacha céanna ar ghaelú na Sean-Ghall – pé acu Béarlóirí, Frainciseoirí nó Breatnaiseoirí a sinsear – agus é sin i gcroílár na coilíneachta féin .i. i gContae na Mí agus i ndeisceart Chontae Loch Garman.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí