Logainm an lae
Baile an Phiaróidigh/Ballyfeerode
Fáilte
Téama faoi thrácht
Eoin Baiste, Oíche Fhéile Eoin agus an sloinne Ó Maoileoin
Teampall Eoin / Saint John’s “the church of Saint John the Baptist”
(féach logainm.ie #2147)
Dáta: 21/06/2025
Radharc coitianta i nGaeltacht Chontae na Gaillimhe an taca seo den bhliain is ea an tine chnámh ar 23 Meitheamh, Oíche Fhéile Eoin. Is cosúil gur aistríodh traidisiún seo na dtinte cnámh go dtí lár an tsamhraidh ó sheanfhéile na Bealtaine, faoi mar a phléigh Kay Muhr san alt cuimsitheach léi ‘Bealtaine in Irish and Scottish Place-Names’ (Journal of Scottish Name Studies 10). Ach sin scéal thairis.
Is é naomh atá i gceist, dar ndóigh, Eoin Baiste. Is ait le rá nach bhfuil an naomh seo luaite in Felire na Naomh nÉireannach, a cuireadh i dtoll a chéile sa 17ú haois mar a bheadh uasdátú ar na seanfhéilirí a thagann anuas chugainn ó ré na Sean-Ghaeilge féin. Anuas air sin, tabharfar faoi deara láithreach gur sna ceantair is mó lonnaíocht Angla-Normannach atá na paróistí atá tiomnaithe don Eoin seo: cuir i gcás sampaí de Paróiste Eoin / Saint John’s i gContaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Chill Chainnigh, Laoise, Luimnigh, Loch Garman agus Phort Láirge (féach logainm.ie). Bhí na Sean-Ghaill luaite leis na paróistí darb ainm Teach Eoin / Saint John’s “the (religious) house of Saint John” (logainm.ie #2112) i gContae Ros Comáin agus Teampall Eoin / Saint John’s “the church of Saint John” (logainm.ie #2147) i mbaile Shligigh. Agus beirt Angla-Normannach, Simon Lumbard agus Hugh Talun, a bhunaigh an phrióireacht in Teampall Eoin / Templeowen (logainm.ie #3548) gar don Tulaigh, Co. Cheatharlach, sa bhliain 1314 (Amharcóir Timpeallachta Stairiúil: CW008-045001).
Is iad na logainmneacha dar chéadeilimint cill “church” is inspéise, b’fhéidir, de na logainmneacha siúd a chomórann Eoin: cuir i gcás Cill Eoin / Killone “the church of Saint John” (logainm.ie #485) gar don Inis i gContae an Chláir. Is sa seanré is mó a bhí an eilimint cill bisiúil agus dá bharr sin is gnách dó tagairt do láthair eaglasta ársa (cf. Pádraig Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann II: Cill i logainmneacha Co. Thiobraid Árann (2007) lch.2). Sa chás seo i gContae an Chláir, áfach, is é láthair eaglasta atá i gceist clochar a bhunaigh Ó Briain ar thailte de chuid na nAgaistíneach timpeall 1189, tar éis teacht na nAngla-Normannach. Tá samplaí eile den chomhlogú cill + Eoin againn i gContaetha Chorcaí, an Dúin, na Gaillimhe agus Phort Láirge. Is furasta é a mheascadh leis an logainm Cill Eoghain “the church of (Saint) Eoghan”, ainmnithe as an naomh dúchasach, atá ábhairín níos coitianta. Is mar a chéile a fhuaimnítear an dá logainm seo Cill Eoin agus Cill Eoghain i nGaeilge an lae inniu, gan amhras, agus is minic a bhímid ag brath ar fhianaise stairiúil agus ar fhianaise thánaisteach eile amhail dátaí pátrúin, más ann dá leithéid. (Maidir leis an litriú oifigiúil béarlaithe, is amhlaidh a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarracht Killone a úsáid i gcomhair Cill Eoin agus Killowen i gcomhair Cill Eoghain, de réir bhreithiúnas na scoláirí Gaeilge sa Rannóg Topagrafaíochta. Ní i gcónaí a bhí an breithiúnas sin cruinn ag an am, cheal fianaise.)
Baineadh úsáid as teideal iomlán an naoimh, dála an scéil, in ainm Gaeilge an bhaile fearainn Gráinseach Eoin Baiste / Baptistgrange “the grange of Saint John the Baptist” (logainm.ie #47624) i gContae Thiobraid Árann: ‘grainseach Eóin Baiste’ (1840), logainm eile de bhunús Angla-Normannach is cosúil.
Is léir, más ea, go raibh na hAngla-Normannaigh an-cheanúil ar Eoin Baiste mar naomh. Ach ní hionann sin is a rá nach raibh urraim ag na sean-Ghaeil dó roimhe sin, agus go deimhin tá fianaise ainmeolaíochta againn a thugann a mhalairt le fios. Luamar cheana nach raibh Eoin Baiste luaite sa leagan d’Fhéilire na Naomh ón 17ú haois. Ach féach go bhfuil tagairt dó le fáil i bhFéilire Aonghasa [Félire Óengusso Céili Dé] (*c.*830) .i. ‘Ríg-gein Iohain baptaist…’ [Breith ríoga Eoin Baiste…], faoin dáta 24 Iúil [recte 24 Meitheamh]. (Tagann Eoin ó Johann an Bhíobla Laidine, murab ionann is na hainmneacha pearsanta Seon agus Seán a tháinig isteach leis na hAngla-Normannaigh: gaelú iad ar John an Bhéarla agus Jehan na Fraincise, faoi seach.) Ní hionann seo is cruthúnas ar chultas dúchasach, ar ndóigh, mar tá go leor naomh eachtrannacha eile nach é atá luaite san Fhéilire luath seo nár adhradh riamh sa tír seo. Ach is amhlaidh atá fianaise láidir againn ar chultas Eoin Bhaiste in Éirinn na Luath-Chríostaíochta, is é sin, sa sloinne Ó Maoileoin “descendant [lit. grandson] of the follower of Saint John” (Brl. Malone de ghnáth). An réimír Ó [MG Úa] atá tábhachtach anseo, mar ní raibh an mhír sin bisiúil i gcumadóireacht sloinnte tar éis teacht na nAngla-Normannach. (Is leis an réimír mac “descendant [lit. son] of…” a chumtaí sloinnte nua as an tréimhse sin amach, m.sh. Mac Seáin [Brl. McShane], cé is moite de dhornán sloinnte gan réimír ar bith, amhail Caomhánach [Brl. Kavanagh (ach béarlaíodh cúpla sloinne eile mar Kavanagh freisin)].) Dá bhrí sin, léiríonn an sloinne seo Ó Maoileoin go raibh cultas adhraithe Eoin i measc na nGael abhus roimh theacht na nAngla-Normannach. Tá an sloinne féin bunaithe ar an ainm pearsanta Maoileoin [MG Mael Eóin] (eDIL s.v. 3 Mael (c); cf. ‘Maoileoin, epscop acus angcoiri’ [easpag agus ancaire] i bhFéilire na Naomh nÉireannach faoin dáta 20 Deireadh Fómhair).
Tarraingíonn de Bhulbh aird ar theaghlach mór le rá dar sloinne seo a bhí ina n-easpaig agus ina n-abaí ar Chluain Mhic Nóis (SGG s.v. Ó Maoileóin). Ní raibh Muintir Mhaoileoin teoranta don láthair seo i Lár Tíre, áfach. Tá tagairtí deimhnitheacha do chléirigh den sloinne céanna a bheith gníomhach i ndeoisí Chluain Fearta, Chill Dálua agus Thuama, agus tagairtí measartha cinnte in áiteanna eile nach iad (féach Calendar of Papal Registers, passim). I gcuid de na tagairtí seo faighimid cuntais ar dhíolúine nó dispeansáid speisialta á chur ar fáil do chléireach toisc gur shagart a athair agus bean gan phósadh a mháthair. Luamar cheana go raibh na díolúintí seo chomh coitianta in Éirinn gur léir gur ghairm í an tsagartacht a chuirtí ar aghaidh ón athair don mhac in eaglais na nGael! D’eascair teaghlaigh ‘eaglasta’ as an nós seo, nós a mhair i bhfad tar éis don Róimh an mhóid aontumha a bhrú mar pholasaí oifigiúil tríd an gcuid eile den Eaglais. Tháinig an traidisiún anuas go dtí an nua-aois féin, gur bualadh an buille scoir ar an sochaí Gaelach sa 16ú agus sa 17ú haois. Cuir i gcás litir ón bpápacht dar dáta Eanáir 1412, a shonraigh go raibh ardú céime le bronnadh ar chléireach darbh ainm Dónall Ó Maoileoin (Donald Omulluyn), as deoise Chill Dálua, ‘to all, even holy orders and [to] hold a benefice … of Castro Conayng’ [Caisleán Uí Chonaill / Castleconnell (logainm.ie #31374)]. Ach níorbh fhada roimhe sin a bhí dispeansáid speisialta faighte ag an Dónall seo, agus é ina mhac do shagart le bean gan phósadh (Calendar of Papal Registers VI, lgh.254–270). Bhí an dispeansáid chéanna faighte ag Seán/Eoin Ó Maoileoin (John Omuleoyn), sagart de chuid dheoise Thuama, sular bronnadh reachtaireacht Mhaigh Charnáin (logainm.ie #217) (‘Magcarnana’) air i 1422 (Calendar of Papal Registers VII lgh.228–229). Tabhair faoi deara gur tháinig an follúntas chun solais nuair a cailleadh an seanreachtaire Maolmhuire Ó Maoileoin (Maurianus Omuleoyn): is maith an seans gurbh eisean athair an fhir nua féin! (Thugtaí Maurianus/Marianus mar laidiniú ar an ainm pearsanta Maolmhuire [MG Mael Muire], a bhí coitianta go leor i measc an chléir le linn na tréimhse seo. Baineadh úsáid as freisin mar ainm (eaglasta) laidinithe don ardeaspag Chaisil, Mairín Ó Briain (†1236) (AIF anno 1238), ar dhíspeagadh díreach é Mairín ar ainm na Maighdine Muire (SG/MG Maire).)
Rud eile a luamar go minic sna nótaí seo is ea an easpa sloinnte Gaelacha in ainmneacha na mbailte fearainn, nuair nár thógtha ar dhuine a bheith ag súil lena mhalairt. De réir an taighde atá déanta againn le tamall maith anuas, má thagann sloinne Gaelach i gceist, is gnách gur teaghlach gairmiúil léannta a bhí i gceist tráth – pé acu cléireach, dlíthiúil, liteartha, nó mar sin de – toisc gurbh iad na teaghlaigh seo a d’fhaigheadh na coinníollacha is fearr, ó thaobh sealbhaíochta talún de, i gcomórtas leis na Gaeil eile. (Féach C. Ó Crualaoich, ‘Townland and Defunct Placenames in Sligo: Evidence for Surnames in the Historical Forms of Townland and other Placenames’ (Part I), Sligo Field Club Journal, 3 (2017); (Part II), Sligo Field Club Journal, 4 (2019).) Ná cuireadh sé aon iontas orainn, más ea, go bhfuil an sloinne seo Ó Maoileoin – agus an oidhreacht láidir eaglasta aige mar a chonaiceamar thuas – le fáil in ainmneacha bailte fearainn. Tá Baile Uí Mhaoileoin “the town(land) of Ó Maoileoin” le fáil faoi dhó, agus é béarlaithe Ballyvelone i gContae Chorcaí (#9890) agus Ballymalone i gContae an Chláir (#7768). Is é is dóichí gur bronnadh na tailte ar na teaghlaigh seo de dheasca a stádais ghairmiúil.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Maigh Charnáin/Moycarn
- Cill Eoin/Killone
- Teach Eoin/Saint John's
- Teampall Eoin/Saint John's
- Teampall Eoin/Templeowen
- Baile Uí Mhaoileoin/Ballymalone
- Baile Uí Mhaoileoin Thiar/Ballyvelone West
- Caisleán Uí Chonaill/Castleconnell
- Gráinseach Eoin Baiste/Baptistgrange