2025-04-28

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Cúnna oibre is cúnna allta.
Cúil na Conairte / Coolnaconarty
“the recess of the pack of hounds”
(féach logainm.ie #9695)

Dáta: 23/04/2025

Is minic sinn ag tagairt sna nótaí seo don leabhar Early Irish Farming (EIF) le Fergus Kelly, an foinse is tábhachtaí amuigh ar chúrsaí feirmeoireachta is talmhaíochta – agus tuilleadh nach iad – in Éirinn anallód. Maidir leis an téama idir lámha againn faoi láthair, mar atá na madraí i logainmneacha, tugann Kelly scagadh an-áisiúil ar an eolas atá le fáil sna seantéacsanna dlí i dtaobh cúnna cosanta, cúnna seilge, cúnna tréadaíochta anuas go dtí peataí gadhairíní féin (EIF lgh.114-121; cf. Kelly, Early Irish Law [EIL] lch.275 §48 Conṡlechta “dog-sections”). I dtearmaíocht na Sean-Ghaeilge, ba é an t-árchú (comhshuíomh le ár “slaughter”) an cú cosanta ba fhíochmhaire. Díobh seo ba é an cú ceathardhorais (SG cú chethardoruis) “(guard) dog of the four doors” ba airde céim agus ba mhó luach. Díre mhór a ghearrtaí ar éinne a mharódh a leithéid gan chúis .i. “ten cows and … a dog of the same breed that will perform the dead one’s services” (aistriúchán ag Kelly ar théacs Laidine in EIL lgh.354-355 §4; cf. EIF lgh.115-116). Maidir leis an bhfocal mada(dh) “dog” a phléamar an tseachtain seo caite, ní dtagann an focal SG matad i gceist ach in ainm an chú ba ísle céim .i. SG aithechmatad (NG aitheachmhadadh) nó “peasant cur” (EIF lch.117). Tá go leor samplaí againn de mada(dh)/madra in ainmneacha bailte fearainn, faoi mar a chonaiceamar cheana, ach níor thánamar ar aon tagairt don árchú uasal fós!

Thugtaí míolchú (SG mílchú) (“animal-hound”) (eDIL s.v. mílchú) ar an gcú seilge. Ní raibh an luach céanna air seo is a bhí ar an árchú (EIF lch.117), ach féach gur baineadh úsáid as Míolchú (gin. M(h)íolchon) mar leasainm nó ainm pearsanta mar sin féin (cf. Ó Muraíle (eag.), Leabhar Mór na nGenealach). Fágann sin nach féidir a bheith cinnte cé acu duine nó cú a thug ainm do leithéid Cloichín Míolchon / Clogheenmilcon (logainm.ie #9264) agus Cluain Míolchon / Cloonmalonga (logainm.ie #48892) i gContae Thiobraid Árann, cuir i gcás. (Féach freisin eDIL s.v. 1 Miliuc.) Ach níl an deacracht chéanna ag baint le Cluain Ó Míolchon / Clonamicklon “the meadow, pasture of the Uí Mhíolchon” (logainm.ie #48448), Contae Thiobraid Árann, ná le Cill Ó Míolchon / Kilmeelchon “the church of the Uí Mhíolchon” (logainm.ie #41496) i gContae Uíbh Fhailí, mar is cosúil gurb é an t-ainm treabhchais Uí Mhíolchon (gin. Ó Míolchon) “descendants of Míolchú” atá iontusan.

Ba é conbhuachaill (SG conbúachaill) “dog-herder” an seantéarma ar an gcú tréadaíochta. Leagann na seantéacsanna dlí leathmhéid de luach an árchú ar an gconbhuachaill seo. Ach dála an fhocail árchú féin, níor tháinig aon sampla den chomhshuíomh seo conbhuachaill chun solais fós mar eilimint in ainm bhaile fearainn. Ní mar sin don eilimint buachaill “(cow)herd [male or female]; boy” féin (eDIL s.v. búachaill), atá an-bhisiúil i logainmneacha gan amhras: féach mar shampla Aghavoghil / Achadh Bhuachaill “field of (the) herder; boy” (logainm.ie #29442) i gContae Liatroma nó Cnocán na mBuachaill / Knocknamohill “the hillock of the herders; boys” (logainm.ie #55242) i gContae Chill Mhantáin. Tá an dara logainm seo le fáil in áiteanna eile mar Cnocán na mBuachaillí agus na foirmeacha béarlaithe seo a leanas air: Knockanenabohilly i gContaetha Chorcaí (logainm.ie #10149) agus Thiobraid Árann (logainm.ie #46212); Knocknabohilly (logainm.ie #11083; #13762) i gContae Chorcaí; agus Knockannamohilly (logainm.ie #46728) i gContae Thiobraid Árainn. (Is néata an leagan Béarla é Boyhill (logainm.ie #19607) i gContae na Gaillimhe, a thugann leis brí agus fuaim an logainm Ghaeilge Cnocán na mBuachaillí in aon iarracht!) Is ann freisin do logainmneacha ina sheasann an focal buachaill leis féin mar ainm samhlaitheach ar ghné aiceanta nó saorga ar thalamh ard, sa chiall “guardian, protector” (eDIL s.v. búachaill, ciall (b)): féach mar shampla An Buachaill / Boughil (logainm.ie #20582) ar theorainn Chontae na Gaillimhe le Contae Ros Comáin. B’fhéidir go mbeidh tuilleadh le rá againn faoi seo i nótaí eile amach anseo.

Ar ndóigh bhí peataí madraí ag na sean-Ghaeil chomh maith linn féin. Measchú (SG meschú) “pet-dog” (cf. FGB s.v.) nó measán (SG messán) “little pet” (eDIL s.v. 3 mes(s)) a thugtaí orthu. Dála tíortha eile, is leis na banuaisle Gael is mó a luadh na peataí seo, agus bhí luach cuíosach ard ag roinnt leo dá réir (EIF lch.120). Ní dócha gur cheart na gadhairíní seo a thuiscint leis an bhfocal measán i logainmneacha, áfach, mar is mó go mór an seans gur díspeagadh ar meas sa chiall “fruit fruit of forest tree, mast’ a bhíonn faoi thagairt (eDIL s.v. 2 mes(s); cf. FGB s.v. meas2): cuir i gcás Coill Mheasáin / Kilmissan (logainm.ie #3564) i gContae Cheatharlach, Machaire Measáin / Magheramason (logainm.ie #1166432; placenamesni.org) i gContae Thír Eoghain, Cill Mheasáin / Kilmessan (logainm.ie #1416711) i gContae na Mí.

Más deacair teacht ar shamplaí deimhnithe de na seantéarmaí teicniúla seo i logainmneacha, níl aon easpa samplaí den téarma ginearálta “hound” féin. Mar a chonaiceamar le mada(dh)/madra “dog” cheana, tá chomh comónta sin in ainmneacha bailte fearainn nach féidir ach blaiseadh beag a sholáthar anseo. (Tabhair faoi deara go raibh idir bhainiscne agus fhirinscne ag an bhfocal sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge agus gurbh é con an fhoirm ghinideach i ngach uimhir, rud a fhágann gin. u. an chon, na con; gin. iol. na gcon.)

Ar na samplaí san uatha tá Ceathrú na Con / Carrownacon “the quarter(land) of the hound” (logainm.ie #34782) i gContae Mhaigh Eo; Gort na Con Rua / Gortknockaneroe “the field of the red hound” (logainm.ie #10649) agus Lios na Con / Lisnacon “the ring-fort of the hound” (logainm.ie #10588) i gContae Chorcaí.

Mar le samplaí san iolra de, tá Baile na gCon / Ballynagun “the town(land) of the hounds” (logainm.ie #7091), Com na gCon / Coumnagun “the recess of the hounds” (logainm.ie #7604) agus Dromainn na gCon / Drimmeenagun “the ridge of the hounds” (logainm.ie #7896) i gContae an Chláir. Is maith an seans gur Poll na gCon “the hole, pool of the hounds” a thug Poulnagun (logainm.ie #6636) sa chontae céanna, de réir mar a sheasann an taighde faoi láthair, logainm a bheadh cosúil go leor le Log na gCon / Lugnagun “the hollow of the hounds” (logainm.ie #54635) i gContae Chill Mhantáin. Tá samplaí éagsúla de Cúil na gCon “the recess of the hounds” agus é béarlaithe Coolnacon i gContae Loch Garman (logainm.ie #52385) agus mar Coolnagun i gContaetha Thiobraid Árann (logainm.ie #47366) agus na hIarmhí (logainm.ie #51241). Cluain na gCon “the meadow of the hounds” a thug Cloonagun (logainm.ie #45028) i gContae Shligigh agus Clonagun i gContae Fhear Manach (logainm.ie #59366; placenamesni.org). Talamh níos airde atá i gceist sa logainm Cnocán na gCon “the hillock of the hounds”, atá béarlaithe Knocknagun (logainm.ie #24264) i gContae Chiarraí agus Knockaunnagun (logainm.ie # 31804) i gContae Luimnigh; mar an gcéanna do Cnoc na gCon / Knocknagon “the hill of the hounds” (logainm.ie #34449) i gContae Mhaigh Eo.

Mar a tharlaíonn le hainmhithe eile, is minic a shonraíonn an logainm dhá chú, m.sh. Cluain Dá Chon / Cloondacon “meadow, pasture of (the) two hounds” (logainm.ie #36871) i gContae Mhaigh Eo. De réir bhéaloideas na háite, is iad Bran agus Sceolaing – an dá chú a bhí ag Fionn mac Cumhaill – atá faoi thagairt sa logainm Sliabh Dá Chon “mountain of (the) two hounds” (logainm.ie #60363; placenamesni.org) i gContae Fhear Manach: chuireadar olc ar chailleach éigin a rinne dhá chnoc díobh. Níorbh aon iontas é dá mbeadh an míniú traidisiúnta céanna taobh thiar d’fhormhór na logainmneacha eile a luann ‘dhá chú’. Ach ar an athrú teanga go Béarla, tugadh Big Dog agus Little Dog ar an dá bheann anseo (McKay, Dictionary of Ulster Place-Names lch.57)!

Níos mó ná dhá mhadra atá againn i logainmneacha amhail Cúil na Conairte / Coolnaconarty “the recess of the pack of hounds” (logainm.ie #9695) i gContae Chorcaí. Ní fada ón mbrí chéanna atá an logainm Conach / Connagh atá le fáil i gContaetha Chorcaí (logainm.ie #9896) agus Loch Garman (logainm.ie #53407), más amhlaidh is comhshuíomh de con (< ) + -ach, iarmhír chnuasaigh, sa chiall “a place abounding in hounds”. (Sa sampla i gContae Loch Garman, cuireann an litriú luath ‘Chonnach’ (1247) i gcoinne con+achadh “dog-field”, comhshuíomh a bheadh inchurtha le Ardach / Ardagh (logainm.ie #33031), Contae an Longfoirt [< ard+achadh] agus mar sin de; cf. Ó Cearbhaill, ‘An logainm Ardach’ in Ainm 14 (2018) lgh.68-77).

D’fhéadfaí a lán eile a rá faoi logainmneacha a bhfuil “hound” iontu. Is leor a lua faoi láthair go dtugtaí an cú allta ar an mac tíre. Thugamar faoi deara an tseachtain seo caite gur tuigeadh an focal madra sa logainm Cúil an Mhadra / Coolamaddera (logainm.ie #54665) i gContae Chill Mhantáin mar a bheadh tagairt don madra allta ‘mac tíre’ (‘Collywhaddere’ 1547, ‘Wolf-ys-hole’ 1560, ‘Wolfesden’ 1627). Níl sé as an áireamh gur tuigeadh an bhrí cú allta i roinnt de na logainmneacha thuasluaite chomh maith céanna, do lucht a mbaiste an chéad lá nó do na glúinte a lean iad.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí