Meacain inite agus meacain indreaptha
Gort an Mheacain/Gortavacan
(logainm.ie #30089)

Dáta: 24/11/2025

Mí na Nollag, i gceartlár an gheimhridh, agus is dual do roinnt feirmeoirí bheith ag baint an fhómhair fós. Tiúbair iad formhór an bharra a bhaintear i mí na Nollag: tornapaí, cairéid agus mar sin de. Dá bhrí sin ní miste féachaint ar shamplaí den fhocal meacan in ainmneacha bailte fearainn, téarma ginearálta a chiallaíonn “any tap-rooted plant, as a carrot, a parsnip” (Dinneen 1904 s.v. meacan) sa ghnáthchaint, nó le heimilintí sonraithe meacán bán “parsnip”, meacán buí/dearg “carrot”, meacán ráibe “turnip” (FGB s.v. meacan).

Sna foinsí Sean- agus Meán-Ghaeilge dhealródh sé gur ‘planda/glasra fréimhithe (curaíochta)’ is mó a bhí i gceist (eDIL s.v. mecon). (Deirtear san Fhéineachas gurb é an saghas talún is fearr ina bhfásann eorna agus cruithneacht tír trí mecon cona tuar téchta ‘tír trí [3] mheacan, gona tuar téachta (.i. leis an leasú cuí)’: Kelly, Early Irish Farming, lch.229.) Ach ní i gcónaí is féidir glacadh le meacan mar chomhartha diongbháilte ar thalmhaíocht, mar is ainm é ar a lán speicis fhiáine freisin, cuid acu níos inite ná a chéile (FGB ibid.; cf. Dinneen 1927: 721 s.v. meacan). (Cuir i gcás an míniú áitiúil ar Na Meacain/Mackan (#29361) i gContae Liatroma: “Meacain … so called, according to Old Moran, from the abundance of wild carrots it produced” (1836).)

Agus é sin ráite, nuair a bhíonn meacan le fáil mar cháilitheoir leis an bhfocal gort, is dócha gur meacan curaíochta a bhíonn i gceist: mar sin, d’fhéadfaí Gort an Mheacain/Gortavacan (logainm.ie #30089) i gContae Liatroma agus Gort na Meacan/Gortnamackan (logainm.ie #19987) i gContae na Gaillimhe a mhíniú as Béarla mar “the field of the cultivated root(s)”. Tá tagairt déanta againn i nótaí eile don athúsáid a bhaintí as seanráthanna agus -liosanna mar imfháluithe talmhaíochta: d’fhéadfadh sé gurb in é bunús na logainmneacha Lios na Meacan/Lisnamacka (logainm.ie #39371) i gContae Mhuineacháin agus Ráth na Meacan/Ranamackan (logainm.ie #19678) i gContae na Gaillimhe, agus “the ring-fort of the (cultivated/edible) roots” i gceist leis an dá ainm. (Ar an láimh eile is furasta fás fiáin a shamhlú le fothracha chomh maith céanna!) Is nuair a fhaightear meacan in éineacht le heilimintí topagrafaíochta a laghdaíonn an dealraitheacht gur bharra curadóireachta a bhí i gceist ó cheart. Dá bhrí sin, cé go bhféadfaí curadóireacht a shamhlú le Cluain Meacan/Cloonmackan “pasture of (the) (cultivated/edible) roots” (logainm.ie #6698) i gContae an Chláir, is deacair a leithéid a mhaíomh do Log na Meacan/Lugnamackan “the hollow of the (cultivated/edible) roots” (logainm.ie #45087) i gContae Shligigh ná do Alt na Meacan/Altnamackan “the height, abyss of the (cultivated/edible) roots” (logainm.ie #56385) i gContae Ard Mhacha (féach freisin placenamesni.org Altnamackan).

Tagann an aidiacht meacanach – atá díorthaithe ó meacan, gan amhras – tagann sí i gceist i logainmneacha agus í ag feidhmiú mar ainmfhocal a chiallaíonn ‘áit lán de mheacain (curadóireachta/inite?/fiáine)’: cuir i gcás Meacanach/Mackanagh (logainm.ie #48694) agus Meacanaigh/Mackney (logainm.ie #46548) i gContae Thiobraid Árann. Logainm eile sa chontae céanna – ach gan aon bhaint aige leis an dá cheann deiridh seo – is ea Coill na Meacanaí/Mackinawood (logainm.ie #48541), atá le míniú mar “the wood of/at An Mheacanach [logainm]” (féach ‘Mackinagh’ (1726), ‘Mackina Wood’ (1840)); ach is dócha gur fearr Gort na Meacanaí/Gortnamackanee (logainm.ie #22082) i gContae Chiarraí a mhíniú – de dheasca an aicmitheora gort – mar “the field of the place abounding in carrots, parsnips, turnips, etc.”

Tá na míniúcháin thuas go léir bunaithe ar an ngnáth-thuiscint ar an bhfocal meacan i logainmneacha .i. planda de shaghas éigin. Chuir T.S. Ó Máille tuairim eile chun cinn in alt a scríobh sé i 1967 (‘Meacan in Áitainmneacha’, Dinnseanchas II (1967) lgh. 93–97). Tar éis dó dornán samplaí a tharraingt anuas as an litríocht ina raibh brí fháthchiallach leis an bhfocal, rinne sé iniúchadh ar 18 sampla de logainmneacha ina bhfuil meacan le fáil sa chiall “meall, meall do chnoc”, dar leis. Is inmheasta an mheafair í, b’fhéidir, ach bheadh tuilleadh taighde de dhíth chun comhtharlúint a chur as an áireamh.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)