Baill choirp, an bolg agus Naomh Eolang:
  • Achadh Bolg/Aghabulloge (féach logainm.ie #492)

Dáta: 04/03/2024

Is minic a bhuailtear le hainmneacha ball coirp mar théarmaí ar ghnéithe aiceanta i logainmneacha na hÉireann. Faightear An Cloigeann agus é ag tagairt do phointí tíre agus An tÉadan ag tagairt d’aillte nó do thaobhanna géara cnoc; tá An tSrúibh (= srubh) le fáil mar ainm ar ghoib talún agus An tUcht mar ainm ar ghnéithe atá cosúil le brollach mná. Tá sampla suntasach den téarma deireanach sin le fáil san áit ar a dtugtar Baile Uchta/Ballyhought “town(land) of, at (the) breast(-like hill)” idir Baile Uí Chonnmhaí agus baile Loch Garman (#52301). Faigheann an áit sin ainm ó dhá chnocán ar imeall an bhaile fearainn teorantaigh, Meathánach. Tá na cnocáin seo le feiscint taobh thoir den R741 tamaillín ó dheas ón Unyoke Inn, agus is léir sa radharc ón mbóthar sin a chosúla is atá siad le cíocha (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 343). Tá tagairtí do bhaill coirp ró-iomadúil in ainmneacha bailte fearainn na hÉireann chun iad a phlé go cuimsitheach anseo, áfach. (Scríobh Art Ó Maolfabhail, iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha, dhá alt ar an ábhar seo san iris Ainm 1 (1986), 2 (1987).) Ar na samplaí is coitianta agus is mó a bhfuil cur amach ag daoine orthu, is dócha, tá béal sa chiall ‘oscailt’ nó ‘bealach isteach’, agus é le fáil go minic in éineacht leis an eilimint áth “ford”, m.sh. Béal an Átha/Ballina “the mouth of (i.e., approach to) the ford” (#9935). Sampla coitianta eile is ea lorga “shin” sa chiall ‘droim fada íseal’ nó ‘stráice talún’, mar atá le fáil sa logainm Baile na Lorgan “the town(land) of the long low ridge, strip of land” i gContae Mhuineacháin (#1167095). (Faigheann an baile sin a ainm Béarla Castleblayney ó phlandálaí darbh ainm Edward Blayney, ar ar bronnadh tailte a gabhadh ó na Gaeil anseo i dtús an 17ú haois.) Ní nach ionadh, tá lorga an-choitianta mar eilimint i logainmneacha Chontaetha Mhuineacháin agus an Chabháin, ceantar mór na ndroimníní. Castar leis an tuiseal tabharthach reoite lorgain go minic freisin, mar shampla in ainm an bhaile úd i gContae Ard Mhacha, An Lorgain/Lurgan (#1166423) (féach freisin placenamesni.org s.n. Lurgan). Nuair a úsáidtear ainm baill coirp i logainm bíonn an bhrí thopagrafaíochta soiléir go hiondúil — cuir i gcás droim ‘cnoc fada’, ceann ‘pointe tíre’ — ach ní bhíonn i gcónaí. Mar shampla, tá réimse fada bríonna le bolg, focal atá coitianta go leor i logainmneacha: féach FGB s.v. bolg, mar a bhfuil sé mínithe mar “bag”, “bellows”, “bulge”, “broad part”, “middle”, srl. Bheadh sé réasúnta a ghlacadh leis go dtagraíonn bolg do ghobadh maol cruinn éigin sa tírdhreach — ach tá míniú topagrafaíochta eile le fáil i seanfhoinsí Gaeilge, mar atá “chasm; gap, cleft” (eDIL s.v. 1 bolg). (Seans, áfach, gur ghluaiseoirí déanacha a cheap an bhrí dheiridh sin.) Agus anuas orthu seo go léir is ann don seanainm treabhchais Boilg (eDIL s.v. Bolg), nach dtagraíonn do ghné aiceanta ar bith. Fágann sin nach féidir deimhin a dhéanamh de gurb iad na trí chnoc os cionn 70m ar airde mórthimpeall ar an sráidbhaile a thug ainm do Cluain Bolg/Clonbulloge i gContae Uíbh Fhailí (féach logainm.ie #41652), cuir i gcás, faoi mar a bheadh “pasture of, at (the) bumps”, toisc go mbeadh ciall le “pasture of, at (the) gaps” agus “the pasture of the Boilg (ainm treabhchais)” chomh maith. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí Achadh Bolg/Aghabulloge (nó Aghabullogue) i gContae Chorcaí a mhíniú mar “field of (the) bumps” nó “the field of the Boilg”. Ó tharla an talamh cnocach mórthimpeall ar an sráidbhaile, is é an chéad mhíniú is dóichí. Ba é Eolang éarlamh na seanláithreach eaglasta anseo, agus a ainm fite fuaite leis an áit, mar atá le feiscint in Féilire Óengusso, féilire naomh de chuid an 9ú haois:

Eolang, cáid, cáin áge, Achidh Bó [recte Bolg], búaid lére

“Eolang, a beauteous pillar, of Aghabulloge, triumph of piety”

(The Martyrology of Oengus the Culdee, lch. 192; féach freisin Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge, Fascúl I (Ainmneacha in A-))

Bhí an gaol seo idir Eolaing agus Achadh Bolg thar a bheith tábhachtach i bpolaitíocht na heaglaise i dtús a ré in Éirinn. Cuireadh amach an-chuid litríochta chun béim a leagan ar an ngaol sin agus, freisin, ar an gcaidreamh a bhí ag Eolang le Fionnbharr (féach Pádraig Ó Riain, ‘To be Named is to Exist: The instructive case of Achadh Bolg’ in P. O’Flanagan & C. Buttimer (eag.), Cork – History and Society (Dublin, 1993), lgh. 45‒61; féach freisin Pádraig Ó Riain, A Dictionary of Irish Saints (Dublin, 2012), lch. 297). Ní raibh Eolang srianta d’Achadh Bolg, áfach, ná do Chontae Chorcaí féin: is cosúil gurbh é a thug ainm do Tuaim Eolaing/Timolin “the hillock of Eolang” (féach logainm.ie #41176) i gContae Uíbh Fhailí agus Cam Eolaing/Camolin “(river-)bend of Eolang” (féach logainm.ie #53095) i gContae Loch Garman freisin (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 604). Go deimhin, dhealródh sé go raibh an domhan siúlta ag Eolang Achadh Bolg — de réir an naomhsheanchais chuaigh sé ar oilithreacht go dtí an Róimh i dteannta le Fionnbharr Chorcaí agus Maodhóg Fhearna:

Dochuaidh Bairri iarsin do Roimh, do ghabail gradh nespuicc ar áen ocus Eolang, ocus Maedhócc Ferna

“Bairre went after that to Rome, to take the grade of bishop together with Eolang, and Maodhóg of Ferns”

(Bethada Náem nÉrenn I, lch. 17)