Logainmneacha agus an lucht leighis
Baile Uí Choileáin/Ballycullen “the town(land) of Ó Coileáin”
(féach logainm.ie #55319)
Dáta: 01/02/2025
Luamar an tseachtain seo caite go dtugtaí Baile Ó gCearnaigh “the town(land) of the people surnamed Ó Cearnaigh” tráth ar an gceantar timpeall ar Dhiméin Bhaile an Chinnéidigh i gContae Chill Mhantáin, agus thairis sin gur dócha gur bronnadh na tailte seo ar Mhuintir Chearnaigh an chéad lá de dheasca an stádais a bhí acu mar theaghlach gairmiúil. Ach níorbh iad Muintir Chearnaigh na Gaeil ba dhéanaí a bhí i seilbh anseo ach Muintir Choiliúin (< NGM Ó Cuileamhain) agus Na Branaigh (O’Byrne). Tagann a lán gníomhas talún anuas chugainn ó thús an 17ú haois a luann an dá theaghlach seo go minic, Muintir Choiliúin go háirithe.
Bhí scríobh na Gaeilge ag beirt de Mhuintir Choiliúin ar a laghad – mar ba dhual do theaghlaigh ghairmiúla – agus síníonn siad a n-ainmneacha as Gaeilge ar cheann de na gníomhais .i. ‘sean o cuileamhin’ agus ‘cormac o cuileam[h]ain’ (NLI MS 38, 638/12, dorso). (Tá an Brainse Logainmneacha fíorbhuíoch do Therese Hicks as na cáipéisí seo agus tuilleadh nach iad a chur ar ár súile dúinn.) Is léir ó cháipéisí gallda na linne go raibh fuaimniú cosúil leis an leagan caighdeánach Nua-Ghaeilge Ó Coiliúin le clos faoin am sin cheana féin: cuir i gcás O’Cullon (Calendar of Patent Rolls lch.30) (anno 1603) agus O’Cullone (Fiant [Eilís] §6577) (1601), a léiríonn go raibh guta déanta den -mh- (próiseas a cuireadh i gcrích sa 13ú haois).
Bronnadh pardún ar Chonchúr mac Mathúna Ó Coiliúin (Conoghor m‘Mahown O’Cullon) a bhí ina chónaí i mBaile Ó gCearnaigh (Ballegane, leg. Ballegarne) i 1586 (Fiant [Eilís] §4853). Is é an Conchúr céanna atá ainmnithe (Connor O’Cullen [sic] as Ballygarvy (leg. Ballygarny)) i measc na ngiúrthóirí a rinne ionchoisne ar mhainéar Chúirt an Phaoraigh i 1611 (CPR lch.208). (Tabhair faoi deara an litriú béarlaithe Cullen a bhí ag éirí níos coitianta ag tús an 17ú haois.) Sa bhliain 1616 is mar Conn O’Cullen a fhaighimid tagairt don Chonchúr seo agus é ag díol fearann talaimh (the town part of B’garny) lena dheartháir Fearghal (Farrell) (NLI MS 38,638/22). Sna blianta beaga ina dhiaidh sin rinneadh go leor gníomhas eile a bhain le tailte seo Mhuintir Choiliúin. Ar deireadh, briseadh an nasc a bhí acu le Baile Ó gCearnaigh nuair a tháinig Robert Kennedy i dtír ar réimeas na Nua-Ghall chun an gabháltas a bhí ag Fearghal Ó Coiliúin a cheannach i 1626/7 (NLI MS 38,582/1). Fuair an Cinnéideach seo seilbh ar an gcuid eile den talamh anseo, ó Bhrian (nó Bran) Ó Broin (Bran Birne) as Cúirt Phóil, i 1632 (NLI MS 38,638/22). As an Roibeard seo agus a shliocht a athainmníodh Baile an Chinnéidigh agus Diméin Bhaile an Chinnéidigh (see Therese Hicks, No mere Irish: The Kennedys of Mount Kennedy (2022)).
Cé nach dtagann aon fhianaise luath anuas chugainn, is maith an seans go bhfuair Muintir Choiliúin na tailte seo i mBaile Ó gCearnaigh toisc gur theaghlach oidhreachtúil leighis ab ea iad sa chóras Gaelach (cf. Aoibheann Nic Dhonnchadha, ‘Medical writing in Irish, 1400-1700’). Go deimhin, lean an teaghlach ag gabháil don ghairm sin isteach sa 17ú haois. Tá tagairt i dTeistíochtaí 1641 do Dhónall agus Liam Ó Coiliúin (Donnell, William Cullen) a bhí ina máinlianna (chirurgeons) (féach Donnell Cullen; William Cullen). Máinlia ab ea Cian Ó Coiliúin (Keane Cullon) i mBaile Átha Cliath, freisin (Dublin Wills, lch.208). Is cosúil gurbh ionann an Cian seo agus Kean O’Cullom as Cowlenekille (Cúil na Cille / Coolnakilly (#55474) idir Gleann Fhaidhle agus baile Chill Mhantáin) a ainmnítear i bpaitinn dar dáta 1620 (CPR lch.465). De réir chuntas Nic Dhonnachadha (ibid.), bhí géag de Mhuintir Chearnaigh féin ag gabháil don leigheas freisin, chomh maith le Muintir Choiliúin a fuair seilbh na háite ina ndiaidh. Is cosúil, mar sin, gur le teaghlaigh leighis na tailte seo i mBaile Ó gCearnaigh go speisialta ar feadh na gcianta.
Níor bhaist Muintir Choiliúin a sloinne féin ar an áit ach d’fhág an seanlogainm Baile Ó gCearnaigh mar a bhí rompu. Ach níl sé as an áireamh gurb iad Muintir Choiliúin atá caomhnaithe sa bhunleagan Gaeilge den logainm Ballycullen (logainm.ie #55319), a thagraíonn do bhaile fearainn tuairim is 10km slí ó dheas ó Dhiméin Bhaile an Chinnéidigh, an-ghar do Chúil na Cille ina raibh an Cian Ó Coiliúin úd ina chónaí. Mar a dúramar cheana, ag tús an 16ú haois faighimid Cullen a theacht chun solais mar bhéarlú caighdeánach ar an sloinne Ó Coiliúin. (Ar na samplaí luatha eile tá tagairt sa bhliain 1600 do Gillernowe O’Cullen (F §6401), arbh é Giolla na Naomh Ó Coiliúin as Caisleán Chaoimhín, gar do Dhiméin Bhaile an Chinnéidigh, a bhí i gceist.) Ach cé gur féidir a thuairimiú dá bhrí sin gur Ó Coiliúin atá taobh thiar den fhianaise is luaithe don logainm ‘Ballicullen’ (1604), cheal aon réadú soiléir ar an sloinne sin níl an dara suí sa bhuaile againn ach glacadh leis gurb é an sloinne forleathan Ó Coileáin atá i gceist leis an mbéarlú leanúnach -cullen, -cullin (cf. Sloinnte Gaedheal is Gall s.n. Ó Cuileáin). Sin é an fáth a mholtar an fhoirm oifigiúil Baile Uí Choileáin “the townland of Ó Coileáin” sa chás seo.
Dar ndóigh, bhí gairm léannta ag cuid mhaith teaghlaigh de Mhuintir Choileáin féin. Airchinnigh i ndeoise Chlochair ab ea cuid acu (SGG ibid.), agus bhí cuid eile ina gcléirigh i ndeoisí Ard Mhacha (Calendar of Papal registers relating to Britain and Ireland III lgh.108-117 [CPL]), Chluana (CPL V lgh.449-455), Dhoire (CPL VII lgh.263-271) agus Thuama (CPL VIII lgh.415-421). Díol spéise, más ea, go bhfuil Ó Coileáin ar na sloinnte Gaelacha is raidhsiúla a thagann i gceist in ainmneacha bailte fearainn na tíre. Measaimid gur Baile Uí Choileáin “the town(land) of Ó Coileáin” atá sna logainmneacha béarlaithe seo a leanas go léir: Ballykillane (logainm.ie #3028) i gContae Cheatharlach; Ballycullaun (logainm.ie #6740) i gContae an Chláir; Ballycullane i gContaetha Chorcaí (logainm.ie # 9990), Chiarraí (logainm.ie #22729), Chill Dara (logainm.ie #25105), Luimnigh (logainm.ie #30683), Phort Láirge (logainm.ie #49143) agus Loch Garman (logainm.ie #53588); Ballycoolan (logainm.ie #28260) agus Ballykillane (logainm.ie #28456) i gContae Laoise; Ballycollin (logainm.ie #41303) i gContaetha Uíbh Fhailí; agus Ballykilliane (logainm.ie #53853) i gContae Loch Garman.
Gan trácht ar na truaillithe a bhaineann leis an bpróiseas béarlaithe, áfach, ba cheart meascán eile a lua a d’fhéadfadh a tharlú laistigh den Ghaeilge féin. Tá cur amach againn go léir ar an bhfocal coileán .i. madra óg. Baineadh úsáid as seo mar ainm fir fadó, agus is é an t-ainm pearsanta sin atá sa sloinne Nua-Ghaeilge Ó Coileáin “descendant of Coileán”. Tabhair faoi deara, áfach, gur forbairt neamhrialta a thug an ginideach Nua-Ghaeilge coileáin; sa Mheán-Ghaeilge is éard a bhí ann cuilén, gin. u. cuilíuin [sic] (eDIL s.v. cuilén; féach freisin Thurneysen, Grammar of Old Irish §272). Dá bhrí sin, i sloinne bunaithe ar an ainm pearsanta Meán-Ghaeilge Cuilén, gin. Cuilíuin, bheimis ag súil leis an bhforbairt rialta *Ó Cuiliúin (le -ú- sa siolla deiridh) sa Nua-Ghaeilge Mhoch. Tá cuma fhíorait air sin inniu, dar ndóigh, ach is amhlaidh atá a mhacasamhail dhíreach le fáil sa logainm Ros Mhic Thriúin / New Ross (#1416678) i gContae Loch Garman. Forbairt rialta é sin ar Mheán-Ghaeilge trén ‘(duine) tréan’, gin. u. tríuin, murab ionann is an Nua-Ghaeilge chaighdeánach tréan, gin. u. tréin. D’fhéadfaí a thuairimiú gur mhair an fhorbairt rialta i bhfoirm chalctha mar Ó Cuiliúin (seachas Ó Coileáin) isteach sa 13ú agus sa 14ú haois – díreach faoi mar a mhair Ros Mhic Thriúin (seachas Ros Mhic *Thréin) – agus dá bharr sin go raibh an sloinne i dteagmháil leis an bhfuaimniú nuabhunaithe Ó Cuiliúin den sloinne eile úd Ó Cuileamhain (tar éis guta a dhéanamh de -mh- faoin 13ú haois). Más ea, ba dheacair gan an dá shloinne a mheascadh sa chaint, agus é seo i bhfad roimh aimsir na dTúdarach, an tréimhse as a dtagann an chuid is mó den fhianaise luath anuas chugainn. Gan amhras, d’fhéadfaí a mhalairt a tharlú freisin agus d’fhéadfaí teaghlaigh dar shloinne Ó Cuiliúin (< MG Cuilíuin .i. Ó Coileáin) an fhoirm chomhfhuaimneach Ó Cuileamhain a ghlacadh chucu féin mar fhorcheartú. Ní bheifí ag súil leis an meascán seo i gcás an teaghlaigh léannta as Baile Ó gCearnaigh faoi chaibidil againn anseo, áfach!
Is ar an bhfianaise a thagann anuas chugainn ar ámharaí an tsaoil a bhímid ag brath i gcónaí, dar ndóigh, agus tá seans ann gur Baile Uí Choiliúin “the town(land) of Ó Coiliúin” nó Baile Uí Choiliúin atá taobh thiar de chuid de na samplaí thuas de Baile Uí Choileáin ó cheart. Níl aon teora le castachtaí na ceirde seo, taighde ar ainmneacha Gaeilge na mbailte fearainn.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Baile Uí Choileáin/Ballykillane
- Baile Uí Choileáin/Ballycullaun
- Baile Uí Choileáin/Ballycullane
- Baile Uí Choileáin/Ballycullane
- Baile Uí Choileáin/Ballycullane
- Baile Uí Choileáin/Ballycoolan
- Baile Uí Choileáin/Ballykillane
- Baile Uí Choileáin/Ballycullane
- Baile an Cholláin/Ballycollin
- Baile Uí Choileáin/Ballycullane
- Baile Uí Choileáin/Ballycullane
- Baile Uí Choileáin/Ballykilliane
- Baile Uí Choileáin/Ballycullen
- Cúil na Cille/Coolnakilly
- Díméin Bhaile an Chinnéidigh/Mount Kennedy Demesne
- Ros Mhic Thriúin/New Ross