BRABHSÁIL
Port Laoise
ginideach: Phort Laoise
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Port Laoise
(Béarla)

Gluais

Béarla port, bank, fort

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the fort of Laois

    Is mó ainm a bhí ar an mbaile plandála seo i mBéarla (Fort Protector, Newfort, Maryborough, Queenstown) agus i nGaeilge (Campa, Port Laoise). Is féidir an dá ainm Gaeilge 1548 ‘an campa hi Laoighis’ agus 1580 ‘Port Laoighisi’ a chur i gcomparáid leis an tagairt luath Béarla 1549 ‘the fort at Leyx’. Díobh seo is é Port Laoise a chuaigh i dtreis ag lucht na Gaeilge mar ainm ar an mbaile. Díol spéise go bhfuil an guta deiridh ar lár ag Ó Mealláin in 1646 ‘go Port Laoiis’, ‘d’iarradh Port Laoiis’, srl. (Ollscoil Chorcaí LS 3 41, 42 ar www.isos.ie).

    Ba é fianaise Laurence (Mhaoileachlainn) Uí Bhroin (1751–1838) (féach #28176): ‘in his time, the old inhabitants of the county, when speaking Irish, called Maryborough by this name, viz. Port, .i. town, Laoighise, .i. of Laoighis’ (LSO I 168). Féach an leagan clóite de na hAnnála faoin mbliain 1580: ‘This is still the Irish name for the town of Maryborough throughout Leinster’ atá ansiúd (ARÉ V lch.1750 *n.*g). Níor ghnách leis an Donnabhánach an béal bán mar seo agus is féidir glacadh leis go raibh foinsí eile de bhreis ar an mBranach ina thaobh (cf. par Mainistir Eimhín (#1208) i gContae Chill Dara).

    Sa bhliain 1929 a baisteadh an leagan Gaeilge ‘Portlaoighise’ mar ainm oifigiúil ar an mbaile. Féach leis Bradley, Laois: History & Society 267–271, Cosby ibid. 309–313.

Lárphointe

53.0377, -7.29517domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1709
Marriburrow
Samuel Molyneaux's Tour of Kerry
JKAHS Imleabhar: 3, Leathanach: 80
1725c
Port Laoidhis
Eólas ar an Domhan

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid