BRABHSÁIL
ionad daonra
Buaile na Bréachmhaí
ginideach: Bhuaile na Bréachmhaí
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Ballinabrackey
(Béarla)

Gluais

buaile, buailidh
Béarla cattle-fold, summer-pasture

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the buaile ("summer pasture") of (at) An Bhréachmhaigh
    An Bhréachmhaigh — logainm

    Rinne an Brainse Logainmneacha taighde cuimsitheach ar an logainm seo sna 1950í agus sna 1960í agus socraíodh Buaile na Bréachmhaí mar ainm oifigiúil Gaeilge san Ordú Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1975 (féach http://www.irishstatutebook.ie/eli/1975/si/133/made/ga/print).

    Is logainm ann féin atá sa dara heilimint, An Bhréachmhaigh (gin. na Bréachmhaí), comhfhocal den déantús bréach "wolf" + maigh "plain". Dhealródh sé gur thit an focal bréach "wolf" as úsáid sa Ghaeilge labhartha go han-luath, b'fhéidir níos mó ná míle bliain ó shin, agus dá bhrí sin is móide gur logainmneacha luatha iad An Bhréachmhaigh agus a leithéid. (Ní ba dhéanaí ar fad, is cosúil, a cuireadh buaile roimh an logainm seo chun logainm nua Buaile na Bréachmhaí a chruthú.) Mar sin féin, tá bréachmhaigh "wolf-plain" coitianta go leor mar eilimint i logainmneacha ar fud na tíre. Tá sé le fáil sa logainm Gaeilge a ndearna bf Bawnabreaky (#38230) de sa Bhéarla, i bpar. Mhaigh Bolg, bar. Cheanannas Íochtarach. Thugtaí 'The Poles of Ballibreachy' ar thailte áirithe i bparóiste dlí úd Mhaigh Bolg freisin (féach https://www.logainm.ie/ga/1900), agus tugann na foirmeacha stairiúla le fios gur Baile na BréachmhaíBaile Bréachmhaí "town(land) of (at) (An) B(h)réachmhaigh" a bhí san ainm Gaeilge.

    Tá an chéad eilimint buaile "cattle-fold, summer-pasture" féin comónta go leor i logainmneacha. Is minic a thraslitrítear é mar Boley, Booly, srl., go háirithe sna foinsí luatha. Ach rinneadh é a litriú mar Bally-, Balli-, srl., chomh maith céanna — dar ndóigh, is é seo an béarlú rialta ar an eilimint fhíorchoitianta úd baile "town(land)" freisin, agus téann sé deacair ar an taighdeoir uaireanta an dá eilimint seo a aithint óna chéile de dheasca an mheascáin seo. Sa chás seo idir chamáin, áfach, taispeánann na foirmeacha béarlaithe 'Bolinebracky' agus 'Boalebracky' gur buaile atá sa chéad eilimint.

  • English

    the buaile ("summer pasture") of (at) An Bhréachmhaigh
    An Bhréachmhaigh — placename

    This placename was thoroughly researched by the Placenames Branch in the 1950s and 1960s and its official Irish form was established as Buaile na Bréachmhaí in the Placenames (Irish Forms) Order of 1975 (see http://www.irishstatutebook.ie/eli/1975/si/133/made/ga/print).

    The second element An Bhréachmhaigh (gen. na Bréachmhaí) is itself a placename, a compound of bréach "wolf" + maigh "plain". The word bréach "wolf" seems to have disappeared from the spoken language at a very early stage, perhaps over a thousand years ago, so placenames such as An Bhréachmhaigh can be considered to have been coined at quite an early stage. (The addition of buaile, resulting in the new place-name Buaile na Bréachmhaí, most likely came at a much later date.) Nevertheless, bréachmhaigh "wolf-plain" is quite a common element in placenames around the country. It is also found in the second element of the Irish forerunner to bf Bawnabreaky (#38230), which is located in the civil parish of Moybolgue in the barony of Kells Lower. Note also that lands on the civil parish of Moybolgue were sometimes referred to as 'The Poles of Ballibreachy' (see https://www.logainm.ie/ga/1900), historical forms of which reflect an underlying Irish Baile na Bréachmhaí or Baile Bréachmhaí "town(land) of (at) (An) B(h)réachmhaigh".

    The first element buaile "cattle-fold, summer-pasture", is also quite common in placenames. Often spelled Boley or Booly, etc., especially in earlier sources, it is also frequently found as Bally-, Balli-, etc., which of course is also the regular anglicisation of the ubiquitous element baile "town(land)". This conflation can lead to much difficulty in correctly identifying the original Irish forms of similar placenames. However, in this instance historical forms such as 'Bolinebracky' and 'Boalebracky' clearly demonstrate that the underlying word is buaile. (CÓC & AMGC)

Lárphointe

53.416, -7.14264domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1540-1
Ballynnebreckyll
This rectory with its members viz ..., Ballochar.
Ir. Mon. Poss.
1548
Boylenebake (Theobald Leynagh, of ...)
CPCR (Morrin) 172 (5. Pardon of Richard Bermegham and Andrew Bermegham, both of Clonavin, Redmond Simeon, of Temon, and Theobald Leynagh, of Boylenebake, in the county of Meath, horns—Feb. 11, 3°)
CPCR
1550
Boylnebraky (Theobald Leynaghe, of ...)
Pardon to Rich. Bremegham, of Clonard, co. Meath, Andrew [Bremegham,] of same, Redmond Simeon, of Temon, same co., and Theobald Leynaghe, of Boylnebraky, same co., kerns. F 6801
F
1569
Boylnabacke (Walter Leynaghe, of ...)
Pardon to … Walter Leynaghe, of Boylnabracke, county Meath. F 1400
F
1582
Boinbrackie (Tho. Leinaghe)
Lease… to Hugh Strobridge, gent. ; of the site of the monastery of canons of the Holy Trinity in the island of the Holy Trinity in Loughowghter in the Brenie, in co. Cavan, with its possessions ; the site of the abbey of the B. V. M. of Dromlahan, in the Brenie, in said county, with its possessions ; land in Boinbrackie in the parish of Casteljordan, co. Meath. parcel of the lands of Tho. Leinaghe, attainted…Maintaining two English horsemen. F 4025
F
1587-8
Ballenebrockill
Lease to Henry Duke, of Castleyordane, co. Meath, gent. of the rectories of Ballibogan and Castleyoirdan, co. Meath… and the tithes arising from the lands of Ballibogan, Hariestone, Killeskellinge, Knockeawoerde, Kilyne Doboraghe, Balliskistie, Cardistone, Castleyoirdane, Ballenebrockill, Ballebochepe, Killodadorie, Doyne, Loughtone, the moiety of Ballyowan, Castlewarnaghe, Moilehoughe, Loughlakinge, Tibberdaloghe, Kilbryd, Grenckedaghe, Ballicorbitt, Tomastone, Dowyn, Clonam, Killimaghe, Kilbride, Corrowgon, Killene, and Clonemore, spiritual possessions of the late monastery of Ballibogan. To hold for 21 years. F 5157
F
1597
Ballinebrockell
Lease to Edward Loftus of Rathfarnham, and Richard Gifford of Ballimagerrott, in the county of Roscommon, of the rectories or parsonages of Ballibogan and Castlejordan … the town and hamlets of Ballibogan, Harieston, Killeskellynge, Knockeaworde, Kiline, Doboraghe, Ballikistie, Cardistowne, Castlejordan, Ballinebrockell, Ballipochepe, Killadorie, Doyne, Loughton, the moiety of Balliowan, Castlewarnaghe, Moilchoughe, Loughlackinge, Tibberdalagh, Kilbride, Grenekedagh, Ballicorbit,Thomaston,Dowynclonam, Killunagh, Kilbride, Carrowgon, Killene, and Clonemore, with all their appurtenances, all which were parcel of the late monastery of Ballibogan CPCR (Morrin II) 428
CPCR
1619
Ballinebracky
Grant…to Thomas Fitz-Morrish, baron of Kerrie…Meath…Ballykinry, Ackerenvard, Knockanbane, Ackerenshanvallee and Ackerekeele in the town of Ballinebracky, a toft or tenement called Killinepissan in the said town, with a little copse or underwood called the Garr. CPR 365
CPR
1654
Ballinibreaghy
Sr John Gifford aforesd. Peirce Lynah Oliver Lynah & Sr Luke Fitz-garrald papists Ballinibreaghy Ballinigaley Ballinoran Clonaghpishan. Lch.191.
CS V
1655-7
Ballinbrakey
DS
1655-7
Ballinabrackey (Sr. Luke Fitzgerald)
DS (P, TCD)

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm