BRABHSÁIL
baile fearainn
Bróglach Beag
ginideach: Bhróglach Beag
(Gaeilge)
Brogherla Little
(Béarla)

Gluais

beag, big
Béarla small

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Ní léir bunús an ainm. Is réiteach fuaime é * Bróglach ar a dtagann anuas chugainn d’fhianaise bhéarlaithe.

    Ach ní gá go mbeadh an -g(h)- láir sna foirmeacha déanacha béarlaithe seo ag freagairt do -g- /g/ sa bhunainm Ghaeilge — cuir i gcás go ndearna 1997 /ˌkuːləˈbuːglən/ de bf Cúil an Bhuachaláin (#28398), 2km soir uaidh seo. Tá an baile fearainn seo idir chamáin suite cois portaigh agus ar imeall contae agus seans go bhféadfaí bruach “bank; border, boundary” a chur san áireamh sa chéad eilimint. Ní heol dúinn aon sampla deimhnitheach de * bruach + -lach i logainmneacha, áfach (“place of (turf-)banks (?)”; cf. bruach móna “turf-bank” FGB s.v. bruach; cf. leis Ó Duinnín agus www.dil.ie s.v. bruach).

    Ní dócha go bhfuil aon bhaint ag an logainm seo le bf Brothlach (#41191), áit eile cois portaigh lastuaidh de Chill Chormaic i gContae Uíbh Fhailí, 14km siar uaidh seo (1422 ‘caslen BrothalaigACon. (FSÁG s.n. Brothalach), 1601 ‘Broghlowe’, 1666 ‘Brogholloe’, 1837 ‘Broughal’). Is mór idir foghraíocht an logainm úd (2017 /ˈbrɔhəl/) agus an fuaimniú áitiúil 2005 /ˈbroːgla/ anseo.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Léirítear Knockane SO < An Cnocán (?) “the hillock” ar na mapaí — ardán beag carraigeach sa phortach (www.epa.ie) i dteorainn le bf Doire (#28405) lastoir.
    2. Is sa bhaile fearainn seo atá an tóchar darb ainm 1655 ‘a Togher Moueherna’ DS, 1805 ‘Togher of Monaberne [sic]’ Cahill, 1841 Togher of Monahorn SO < Móin na hEorna (?) “the bogland of the barley” (féach nóta faoi bf Cluain Laighean (#28374)). (Ar an gcéad eagrán, tá an tóchar seo léirithe i dtuaisceart bf Baile an tSagairt (#28373).)

Lárphointe

53.1679, -7.56201domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1824
Brogola, little
TAB
1838
Little Brogherly
BS:AL Leathanach: La036,46
1838
Little Brogherly
OD:AL Leathanach: La036,46
2005
ˈbroːgla
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm