Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Ní léir bunús an ainm. Is réiteach fuaime é * Bróglach ar a dtagann anuas chugainn d’fhianaise bhéarlaithe.
Ach ní gá go mbeadh an -g(h)- láir sna foirmeacha déanacha béarlaithe seo ag freagairt do -g- /g/ sa bhunainm Ghaeilge — cuir i gcás go ndearna 1997 /ˌkuːləˈbuːglən/ de bf Cúil an Bhuachaláin (#28398), 2km soir uaidh seo. Tá an baile fearainn seo idir chamáin suite cois portaigh agus ar imeall contae agus seans go bhféadfaí bruach “bank; border, boundary” a chur san áireamh sa chéad eilimint. Ní heol dúinn aon sampla deimhnitheach de * bruach + -lach i logainmneacha, áfach (“place of (turf-)banks (?)”; cf. bruach móna “turf-bank” FGB s.v. bruach; cf. leis Ó Duinnín agus www.dil.ie s.v. bruach).
Ní dócha go bhfuil aon bhaint ag an logainm seo le bf Brothlach (#41191), áit eile cois portaigh lastuaidh de Chill Chormaic i gContae Uíbh Fhailí, 14km siar uaidh seo (1422 ‘caslen Brothalaig’ ACon. (FSÁG s.n. Brothalach), 1601 ‘Broghlowe’, 1666 ‘Brogholloe’, 1837 ‘Broughal’). Is mór idir foghraíocht an logainm úd (2017 /ˈbrɔhəl/) agus an fuaimniú áitiúil 2005 /ˈbroːgla/ anseo.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Léirítear Knockane SO < An Cnocán (?) “the hillock” ar na mapaí — ardán beag carraigeach sa phortach (www.epa.ie) i dteorainn le bf Doire (#28405) lastoir.
- Is sa bhaile fearainn seo atá an tóchar darb ainm 1655 ‘a Togher Moueherna’ DS, 1805 ‘Togher of Monaberne [sic]’ Cahill, 1841 Togher of Monahorn SO < Móin na hEorna (?) “the bogland of the barley” (féach nóta faoi bf Cluain Laighean (#28374)). (Ar an gcéad eagrán, tá an tóchar seo léirithe i dtuaisceart bf Baile an tSagairt (#28373).)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28372.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML