Scadharc Á lódáil...
ginideach: Scadhairce
ainm neamhdheimhnithe
(Gaeilge)
Skirk Á lódáil...
(Béarla)
- Nóta mínithe
-
- Gaeilge
Ní cinnte brí an logainm seo.
Tá an fhianaise luath, m.sh. 1294 ‘Scatheryck’, 1316 ‘Scatheryk’, breá soiléir mar réadú ar scaderc na Meán-Ghaeilge, a raibh an fhuaim /ð/ ag -d- (-dh-) fós ann. Bhí an fhuaim seo imithe as an nGaeilge faoi lár an 14ú haois — mar atá le feiscint in 1351 ‘Skaryk’. (Seanlitriú atá i 1500c ‘Skathryk’.)
Ní léir cad atá i gceist le scadharc (< scáth + derc “mirror”, www.dil.ie) mar logainm anseo, áfach. Tá samplaí eile i Loch Garman (#53623) agus sa Mhí (#38271), agus tá cnoic le fáil sna háiteanna seo go léir — d’fhéadfadh sé mar sin gur bhrí éigin cosúil le ‘radharc’ a bhí leis (féach Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman s.n. Scark).
- Gaeilge
- Taifid chartlainne
- Nasc buan
- https://www.logainm.ie/1458.aspx
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Eochair API ag teastáil
Ar fáil faoin gceadúnas
Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Linked Logainm
Sonraí XML (dímholta)
Ar fáil faoin gceadúnas
Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- contae
- barúntacht
- paróiste dlí
- Scadharc/Skirk
- fo-aonaid