BRABHSÁIL
baile fearainn
Doire Chraith Rua
ginideach: Dhoire Chraith Rua
(Gaeilge)
Derrycarrow
(Béarla)

Gluais

Béarla (oak-)wood, grove, thicket
rua, ruadh
Béarla red; red place

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    (oak-)wood of red Crath?
    Crath — ainm pearsanta?

    Tá an cáilitheoir anseo an-éiginnte.

    Ba dhóigh le duine gur foirmeacha lochtacha iad 1655, 1660c ‘Derrycraroe’ in -cr- as na foinsí gaolmhara Down Survey agus Book of Survey and Distribution agus nach bhfuil in 1838 ‘Derrycraroe’ (Smith:AL) ach aithris orthusan. Bheadh le tuiscint ansin gur foirmeacha chruinne iad 1666 ‘Derrycarrow’ (as foinse nach bhfuil ag brath ar DS/BSD) agus na foirmeacha san Ainmleabhar, agus gur ceartúchán ar an seanlitriú lochtach é 1763 ‘Derrycarrow alias Derrycraroe’. Más iad na foirmeacha seo in -carrow, -carrough atá cruinn, mar sin, d’fhéadfadh sé gur réadú ar Doire Cora “the (oak-)wood of the weir” atá ann. (Cuir na foirmeacha seo i gcomparáid le 1786 ‘Kilnacarrow’, 1802 ‘Killnekara’ faoi bf Coill na Cora/Kilnacarra (#42282) (UF 8).) Féach go bhfuil Cascade léirithe ar an sruthán i ndeisceart an bhaile fearainn ar an teorainn le bf Ros na Críne (SO 6ʺ).

    É sin ráite, tugann 1566 ‘Derrecrar[..]’ sna Fiants breis údaráis do na foirmeacha úd in -cr- agus ní mór aitheantas a thabhairt dóibh sin. Is furasta an fhorbairt 1655 -craroe ~/kraˈruə/ > -carrow /kaˈruː/ (2004) a thuiscint de bharr haplógaithe; más ea, is deacair aon mhíniú sásúil a bhaint as an gcáilitheoir seo.

Lárphointe

53.0139, -7.60639domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1566
Derrecrar[ ]
Molaghlen Mac Keynyne
F Leathanach: 897
1655
Derryloskey
DS
1655
Dirriloskie
DS (P)
1655
Derrycraroe
DS (Terr.)
1660c
Derrycraroe
BSD (La) Leathanach: 150
1660c
Derryloskye
BSD (La) Leathanach: 150
1666
Derrycarrow
ASE Leathanach: 76
1666
Derrylisky
ASE Leathanach: 76
1685
Derilosky
Hib. Del.
1720
Derrycraroe
Oss. Wills. Leathanach: 16
1763
Derrycarrow alias Derrycraroe
CGn. Leathanach: 223.145.147708
1838
Derrycarrow alias Derry
BS:AL Leathanach: La046,15
1838
Derrycurroe
Bar. Cons.:AL Leathanach: La046,15
1838
Doire carrach, 'rugged Derry, or oak wood'
OD:AL Leathanach: La046,15
1838
Derry
Despard:AL Leathanach: La046,15
1838
Derrycarrough
Hamilton, W. :AL Leathanach: La046,15
1838
Derrycraroe
Smith:AL (La) Leathanach: La046,15
1838
Derrycraroe
DS:AL Leathanach: La046,15
1838
The Derries
pl:AL Leathanach: La046,15
1838
Derrycarrow
OD:AL Leathanach: La046,15
2004
deriˑkaˈruː
Áit.
2004
(Derry)karə
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm