BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

fo-aonaid

baile fearainn
An tAcra Gearr
ginideach: an Acra Ghearr
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Acragar
(Béarla)

Gluais

gearr, giorra
Béarla short

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the short acre

    Tabhair faoi deara 1549 ‘le Accregear otherwise called the short acre in Irre’. Cf. an mionainm Coill an Acra Ghirr faoi bf Cill Chaomháin (#28471) i dTigh na hInse, 13km ó thuaidh. Cf. freisin na leaganacha Béarla 1542 ‘le Short Acre’, 1549 ‘Acregare’, ‘Short Acre’ COD faoi bf An tAcra Gearr (#27486) i dtuaisceart Chill Chainnigh.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. I ndeisceart an bhaile fearainn atá 1549 ‘Taghare?’ Carrigan MS, 1621 ‘Clonbeger’ CPR, 1637 ‘Clonvegare’, 1838 ‘Clontegar’ Desc. Rem., 1841 Clontygar SO. Ba dhóigh leat go bhfuil baint aige seo le hainm an bhaile fearainn, cé go mbeadh Na Cluainte Gearra (?) “the short pastures” neamhghnách mar logainm. Díol suntais an pháirc mhór rabhnáilte c. 5½ acra taobh thiar den teach sa chuid seo den bhaile fearainn ar léarscáil 6ʺ. Ní luaitear iarsmaí seandálaíochta ar bith san Fhardal, ach d’fhéadfaí Cluain Tí + ainm pearsanta “the pasture of the house of —” a chur san áireamh freisin, b’fhéidir.

    Ainmneacha stairiúla:
    Ar Cotton Map léirítear teampall darb ainm 1563c ‘Kilnungay’ [‘kilnūgay’ — leg. ‘kilmungayn’ is cosúil] díreach laisteas de ‘Acargar’. Foirmeacha stairiúla eile is ea 1549 ‘Killamongan’ Carrigan MS, 1563 ‘Kilmolgan’ F, 1619 ‘Killmolgan al’ Killmongan’ Inq., 1621 ‘Killmolgan alias Killmongan’ CPR, 1637 ‘Killmolgan al’ Killmongan’ Inq., 1638c ‘Kilmeanain’ Dinnseanchas II 31 < Cill Mongáin (?) “the church of Mongán (ainm pearsanta)”. Ach féach an cuntas seo a leanas ar bhan-naomh de chuid Ó bhFailghe agus a clann mhac (1400c):

    Damrad ingen Aillela Find m. Aeda Róin ríg .h. Falge, máthair Mac nDamraid i mMíliuc Fhíaich, de quibus dicitur:
    Cuan, Conbran, Colman, Cass,
    Tnuan, Angan amnas,
    Mobecocc din tir si thair,
    secht meic dilsi do Damraid

    CSGH 722.83 (Leabhar Laighean 374)

    Féach leis Ó Riain ‘Angán of Míleac Fiaich. Patron of an unidentified church, possibly in Laois … Angán’s church must have been a place of some substance…’ Dictionary of Irish Saints 63. An é atá againn anseo mar sin Mangán < Mo + Angán?

    Más as an Angán seo a ainmníodh an teampall ar an Acra Gearr, d’fhéadfadh sé go bhfuil cuid den logainm stairiúil úd Míleac Fiaich “the low-lying riverside land of Fiach (?)” caomhnaithe in ainm an bhaile b Móinteach Mílic, díreach taobh thuaidh de (‘Cuán may be the same as Mochua of Míleac, who is mentioned in a note to the Leabhar Breac version of the Martyrology of Aonghas’ Ó Riain, loc. cit.). Féach leis 1638c ‘teampall mic an damhra’ atá pléite faoi bf Coill an Iúir (#28477).

    Ainm déanach ar an teampall céanna is ea 1838 ‘Ivy Church (Chapel locally)’ LSO II 193, Ivy Church SO, 1905 ‘Ivy Chapel’ JKAS IV 190 (féach www.archaeology.ie) — b’fhéidir go ndearnadh an logainm a atuiscint mar a bheadh Cill Mhongáin “church of (the) overgrown place”, ach gach seans gur ainm simplí Béarla é.

Lárphointe

53.1039, -7.30345domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1549
le Acre gear also called the Short Acre in Irre
Carrigan MS
1549
le Accregear otherwise called the short acre
in Irre
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 245
1563
Acargar
Cotton Map
1563c
Acregar
F Leathanach: 283
1564c
Akeegeare
(conditions of plantation of Leix)
Survey Leathanach: 283
1619
Acregare
Inq. Lag. Leathanach: 15 J I
1621
Acregare
CPR Leathanach: 514
1637
Accregare
Inq. Lag. Leathanach: 23 C I
1655
Akergare
DS
1660c
Akergare
BSD (La) Leathanach: 114
1666
Acragarre
ASE Leathanach: 45
1685
Ahergare
Hib. Del. Leathanach: 283
1784
Agheregarr
CGn. Imleabhar: 363.7.242266
1825
Ackregare
TAB
1838
Acragar
BS:AL Leathanach: LA007,2
1838
Acragar
HCSV:AL Leathanach: LA007,2
1838
Aggregare
Speed Gt Britain:AL Leathanach: LA007,2
1838
Acragar
CM:AL Leathanach: LA007,2
1838
Acregare
HCons PR:AL  Leathanach: LA007,2
1838
Acregare
adfadf
Inq. J I:AL Leathanach: LA007,2
1838
Accregare
Inq. C I:AL Leathanach: LA007,2
1838
Akergare
DS:AL Leathanach: LA007,2
1838
Acra geár, 'sharp acre'
OD:AL Leathanach: LA007,2
1838
Acre Garr[..]
[Map of Leix and Ophaly]
Map:AL Leathanach: LA007,2
1838
Acragar
OC:AL Leathanach: LA007,2
1838
[Acragar]
"…a sub-denomination called 'Clontegar'."
Desc. Rem.:AL Leathanach: LA007,2
2005
ɑkrəˈgar
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid