Toibreacha agus fíoruisce: tiobra, tiobraid, uarán, fuarán, órán
Oran/Órán ‘spring, fountain’
(féach logainm.ie #2114)
Dáta: 23/07/2025
Chaitheamar súil an tseachtain seo caite ar roinnt téarmaí éagsúla do thoibreacha agus d’fhuaráin i logainmneacha na tíre agus ar mhinicíocht an fhocail *tobar ‘well, spring, fountain, source’ chomh maith leis an leigheas a luaitear le toibreacha ar leith, gan trácht ar na téarmaí éagsúla eile atá le fáil a thagraíonn do thoibreacha ar nós *tiobra nó an leagan malartach coitianta *tiobraid (foirm infhillte a bhíonn calctha i logainmneacha go minic) faoi mar atá sa sampla is mó go mór le rá, Tiobraid Árann / Tipperary “the well of/at the (river) Ára” (seanainm don abhainn a shníonn trí Bhaile Thiobraid Árann seans (féach Onomasticon DIAS s.n. ára) agus fuarán mar atá san ainm Ceathrú na bhFuarán / Carrownaworan ‘the quarter (land) of the springs, fountains’ (logainm.ie #45715) i gContae Shligigh.
Cé go bhfuil neart samplaí den mhír tiobra / tiobraid ‘well, spring, fountain, source’ le fáil go flúirseach in ainmneacha na mbailte fearainn, is díol suntais é gur annamh a fheictear cáilithe ag ainm pearsanta iad faoi mar atá Tiobra Fhachna / Tibberaghny ‘the well of Fachna (< Mid.Ir. Fachtna)’ (logainm.ie #26492) i gContae Chill Chainnigh. A mhalairt de scéal ar fad atá ann i gcás logainmneacha ina bhfuil an mhír Tobar ‘well, fountain, spring, source’ le fáil iontu, is iomaí sampla den struchtúr ‘tobar + ainm pearsanta’ atá le fáil fud fad na tíre mar atá Tobar Féilim / Toberphelim ‘Féilim’s well’ (logainm.ie #32934) i gContae an Longfoirt; Tobar Iarlatha / Toberjarleth ‘Iarlaith’s well’ (logainm.ie #21995) i gContae na Gaillimhe agus Tobar Ruairí / Toberrory ‘Ruairí’s well’ (logainm.ie #43913) i gContae Ros Comáin, gan tagairt ná trácht ar fhairsingeacht na mbailte fearainn nó na dtoibreacha den ainm Tobar Bhríde (tá Tobar Bríde, i.e. foirm chalctha den ghin. Bríde gan séimhiú le fáil chomh maith céanna) ‘St. Brigid’s well’ nó Tobar Phádraig / Toberpatrick (Tobar Pádraig chomh maith) ‘St. Patrick’s well’. Thabharfadh sé seo le fios gur mó i bhfad an úsáid a baineadh as tobar ná tiobra / tiobraid, ach is fiú a lua gur ann chomh maith do logainmneacha ina bhfuil tiobraid ina cháilitheoir ann féin; Achadh Tiobraide / Aughatubbrid or Chatsworth “field of (the) well, spring, fountain, source” (logainm.ie #26541) i gContae Chill Chainnigh; Baile na Tiobraide a bhí ina réamhtheachtaí do Ballintubbert (logainm.ie #28120) agus Springhill (‘Balletibred’ roimhe sin) (logainm.ie #28860) i gContae Laoise chomh maith le Ballintubbrid (logainm.ie #31887) i gContae Luimnigh. Ina dteannta sin tá Cill Tiobraide / Kiltubbrid ‘church of (the) spring, fountain’ (logainm.ie #40330; #40825) i gContae Mhuineacháin; Cluain Tiobraide / Clontubbrid ‘meadow, pasture of (the) spring, fountain’ i gContaetha Mhaigh Eo (logainm.ie #36824) agus Chill Chainnigh (logainm.ie #27473); Baile na dTiobrad / Ballintubbrid ‘the town(land) of the springs, fountains’ (logainm.ie #52227) i gContae Loch Garman; Lios na dTiobrad / Lisnatubbrid ‘the ringfort of the springs, fountains’ (logainm.ie #48375) i gContae Thiobraid Árann; Cill Tiobrad / Kiltubbrid ‘church of springs, fountains’ (logainm.ie #29335) i gContae Liatroma agus Cluain Tiobrad ‘meadow, pasture of springs, fountains’ a bhí ina réamhtheachtaí do Clontibret (logainm.ie #1979) i gContae Mhuineacháin, Cloontubbrid (logainm.ie #30033) i gContae Liatroma agus Cloontubbrid i gContaetha Mhaigh Eo (logainm.ie #35972) agus Chiarraí (logainm.ie #23901). Díol spéise a mhinice is a fheictear tiobraid i dteannta cluain ‘meadow, pasture’ agus cé nach léir baileach cén chúis atá leis seo, “meadow, pasture” nó a mhacasamhail de bhrí a thugtar go hiondúil (féach FGB, Dinneen cluain; DIL clúain), tugann Julius Pokorny (Indogermanisches etymologisches Wörterbuch, I 1959 p. 603) spléachadh ar bhunús Ind-Eorpaise an fhocail *klop-ni-, ón bhfréamh *klep- a chiallaíonn ‘feucht’ “damp” (cf. Pádraig Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann III: Cluain i Logainmneacha Co. Thiobraid Árann, p. 19). Thabharfadh sé seo le fios gur thagair cluain d’fhéarach ‘fliuch’ i dtús aimsire, mar thoradh ar na fuaráin is dócha, cé gur le hais aibheacha is mó atá logainmneacha le cluain le fáil.
Murab ionann is tobar nó tiobraid, atá ina mhír choiteann ag tús logainmneacha (mar aicmitheoir) agus mar cháilitheoir chomh maith mar atá thuasluaite, is beag rian den bhfocal fuarán (< Sean-Ghaeilge úarán ‘spring, ‘a well spring or fountain’’) nó aon leagan malartach eile de atá le fáil ag tús ainmneacha bhailte fearainn na linne seo. I bhfianaise an méid seo, thuigfí don té a cheapfadh nach raibh an focal fuarán in úsáid sa Ghaeilge labhartha i gcoitinne ach i bhfírinne an scéil, tá sé réasúnta coitianta mar cháilitheoir in ainmneacha bhailte fearainn. Mar shampla tá Ceathrú na bhFuarán / Carrownaworan the quarter (land measure) of the springs’ i gContae Shligigh (logainm.ie #45715); Achadh an Fhuaráin / Aghanoran ‘the field of the spring’ (logainm.ie #33002) i gContae an Longfoirt; Carraig an Fhuaráin / Carrickanoran ‘the rock of the spring’ i gContaetha Chill Chainnigh (logainm.ie #27169) agus Mhuineacháin (logainm.ie #40895); Cnoc an Fhuaráin / Knockanoran ‘the hill of the spring’ i gContaetha Loch Garman (logainm.ie #54079), Laoise (logainm.ie # 27962) agus Chorcaí (logainm.ie #8924); chomh maith le Cúil an Fhuaráin / Coolanoran ‘the recess of the spring’ (logainm.ie #32158) i gContae Luimnigh. Ina dteannta sin, tá Baile an Fhuaráin ‘the town(land) of the spring’ ina réamhtheachtaí do Ballynoran, mar atá i gContaetha Thiobrad Árann (logainm.ie #47427) agus Chorcaí (logainm.ie #12063), chomh maith le Ballinoran (logainm.ie #31077) i gContae Luimnigh. Maidir le sanasaíocht an fhocail fuarán, a d’fhorbair as an bhfoirm Sean-Ghaeilge úarán (dil.ie s.v.), glactar leis i measc teangeolaithe go bhfuil gaol idir é agus úar ‘cold’ na Sean-Ghaeilge (féach J. Vendryes, Lexique Étymologique de l’Irlandais Ancien; T U,1978), agus is léir gurb í seo an bhrí a baineadh as nuair a rinneadh An Fuarán ‘the spring, ‘a spring well or fountain’ a aistriú mar ‘Coldewelle’ [Coldwells] i gContae Chill Dara chomh fada siar le 1243 (féach logainm.ie #25820).
Focal díorthaithe eile ón tSean-Ghaeilge úarán ‘spring, ‘a spring well or fountain’ is ea an leagan malartach órán (Ó Dónaill s.v. órán), mar atá le fáil i roinnt bheag logainmneacha i gCúige Chonnacht mar shampla Órán Beag / Oranbeg ‘spring, small’ (logainm.ie #18799), agus dar ndóigh Órán Mór / Oranmore ‘spring, big’ (logainm.ie #18476) i gContae na Gaillimhe. Cé go léirítear Órán Mór / Oranmore mar ‘Uarán Mór’ i bhfoinsí scríofa, leagtar béim ar na foirmeacha Gaeilge labhartha, a taifeadadh sna 1960idí, ar an túsghuta Ó /oː/ mar a bheadh /oːrɑːn moːr/, rud a cuireadh san áireamh i bhfoirmeacha oifigiúla Gaeilge na n-ainmneacha Órán Mór agus Órán Beag.
Is mar cháilitheoir atá órán ‘spring, fountain’ le fáil i líon beag bailte fearainn i gContae na Gaillimhe mar atá Barr na nÓrán / Barnanoraun ‘the (hill-)top of the springs” (logainm.ie #18055). Go deimhin, is cruinn beacht mar chur síos é ar an áit úd mar is léir ó léarscáil 6″ na Suirbhéireachta Ordanáis go n-ardaíonn roinnt sruthán sa bhaile fearainn seo. Tá an eilimint chéanna le fáil in dhá bhaile fearainn eile sa chontae chomh maith; Lisín an Óráin / Lisheenanoran ‘the (small) ringfort of the spring’ (logainm.ie #18424) gar do Chor an Dola agus Cnoc Óráin / Oranhill ‘hill of (the) spring’ (logainm.ie #18615) gar d’Órán Mór. Seans gur ag tagairt de ‘fuarán’ atá órán i ndornán logainmneacha eile agus é ina eilimint dheiridh ach i roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé gur léargas é ar an ainm pearsanta den fhuaimniú céanna Órán (< Nua-Ghaeilge Mhoch: Odhrán) e.g. Cluain Óráin / Cloonoran ‘meadow, pasture of (the) spring; nó ‘Órán’s meadow, pasture’ (logainm.ie #20540) i gcontae na Gaillimhe (féach chomh maith Cluain Óráin Íochtarach / Castlebellew (logainm.ie #20538) agus Cluain Óráin Uachtarach / Cloonoranoughter (logainm.ie #20527); chomh maith le dhá bhaile fearainn den ainm Gorteenoran (logainm.ie #30371) agus Georgia nó Gorteenoran (logainm.ie #30390) i gContae Liatroma, a d’eascair ón mbun leagan Gaeilge Goirtín Óráin ‘(small) field of (the) spring; nó ‘Órán’s (small) field’.
I gcás Órán / Oran (logainm.ie # 2114) i gContae Ros Comáin, is beag amhras atá ann faoi bhunús an ainm i bhfianaise roinnt foinsí liteartha Gaeilge, san fhoirm shimpléacsúil ‘Uarán’ agus le cáilitheoirí araon mar atá ‘Fuaran Mhoighe h-Oi’ ‘Órán of Maigh nAí’ (Maigh nAí: seanainm éagtha don dúiche) agus ‘Uarán nGaraidh’ (et var.) a choinníonn an litriú coimeádach (f)uarán ‘spring, fountain’. Léiríonn an leagan béarlaithe ‘Oraneclabby’, a taifeadadh c.1660, leagan eile den logainm úd atá níos faide, is é sin Órán Uí Chlabaigh ‘Órán of Ó Clabaigh’ (< Uarán), agus ní trí thionóisc ná trí thaisme a tharla an ceangal seo leis an sloinne Ó Clabaigh. In 1556, maíodh gurb é ‘Giolla Colaim O Clapaicch [Giolla Cholaim Ó Clabaigh]’ a tháinig i gcomharbacht ar Naomh Pádraig in Órán (ARE V, p. 1542), agus céad bliain níos túisce in 1454, luadh ‘Cornelius Oclabaid [Conchúr? Ó Clabaigh]’ leis an bparóiste seo (‘perpetual vicar of St. Patrick's de Fuaian (rectius Fuaran)’) i.e. ‘St. Patrick’s de Fuaian [Fuaran]’ (Calendar of Papal Registers X, pp. 704-714). Chuir ‘Maurice Oclabaid [Muiris? Ó Clabaigh]’ i leith Ó Clabaigh gur tháinig sé ar ‘réiteach síomóntach’ ioncam eaglasta Óráin a roinnt le ‘Matthew Oclabaid [Matha Ó Clabaigh]’, a mhaígh go raibh éileamh dlisteanach aige féin. Seo againn triúr mar sin, den sloinne Ó Clabaigh dul i bpíobán a chéile maidir le luach an pharóiste agus ní haon comhtharlú é. Táscaire soiléir ar an dlúthbhaint a bhí ag an teaghlach áirithe seo leis an mbunú eaglasta in Órán atá sa chur síos a rinne P. W. Woulfe ar fheidhm mhuintir Uí Chlabaigh, sé sin ‘erenaghs [airchinnigh ‘stewards’] (Sloinnte Gaedheal is Gall). Ní mór cuimhneamh dar ndóigh, gur mór idir teaghlaigh cléireachais san eaglais Ghaelach sa tréimhse sin agus eaglais an lae inniu - ba mhinic an t-am sin, cúram an bhiocaire nó comharba ‘successor (of the founder)’ a fhágáil le hoidhreacht, ó athair go mac. Is cinnte mar sin nach bhfuil sa méid seo ach an chuid is lú den scéal agus go bhfuil neart eile i stair an logainm úd Oran agus sna leaganacha Gaeilge a tháinig roimhe!
- Órán/Oran
- Barr na nÓrán/Barnanoraun
- Lisín an Óráin/Lisheenanoran
- Órán Mór/Oranmore
- Cnoc Óráin/Oranhill
- Cluain Óráin Uachtarach/Cloonoranoughter
- Cluain Óráin Íochtarach/Castlebellew
- Cluain Óráin/Cloonoran
- Tobar Iarlatha/Toberjarlath
- An Fuarán/Coldwells
- Tiobra Fhachna/Tibberaghny
- Achadh Tiobraide/Aughatubbrid or Chatsworth
- Baile na Tiobraide/Ballintubbert
- Baile na Tiobraide/Springhill
- Goirtín Óráin/Gorteenoran
- Goirtín Óráin/Georgia or Gorteenoran
- Baile na Tiobraide/Ballintubbrid
- Tobar Féilim/Toberfelim
- Tobar Ruairí/Toberrory
- Ceathrú na bhFuarán/Carrownaworan