BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile Uí Chuilín Beag
ginideach: Bhaile Uí Chuilín Beag
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Ballycullenbeg
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead
beag, big
Béarla small
Ó, Uí

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of Ó Cuilín
    Is cosúil gur tháinig an t-idirdhealaitheoir -begg/beag “small” chun solais sa dara leath den 17ú haois ar mhaithe le codarsnacht a dhéanamh le bf Baile Uí Choileáin/Ballykillane (#28456), 8 km soir uaidh seo (bhí par Oireadh san áireamh in par Cúil Bheannchair ar feadh i bhfad). Ach más ea is cosúil nach bhfuil an bunús céanna ag an dá logainm.

    Féach na tagairtí deimhnitheacha seo don logainm idir chamáin i bparóiste Oiridh .i. bf Ballycullenbeg: 1549 ‘Ballycullyn’, 1563 ‘-cowlen’, 1619 ‘-collyne’, 1621 ‘-collon alias -cowlene’, 1637 ‘collin alias -cowlin’. Cuir iadsan i gcomórtas le 1563 ‘Ballecullan’, 1571 ‘-collane’, 1621 ‘cullane’, 1637 ‘-cullan’ le haghaidh bf Ballykillane i bparóiste Chúil Bheannchair (cf. 1838 ‘Ballyquillaan’).

    Is léir nach ionann cáilitheoir sa dá chás. (Tá na ceartúcháin ar na bundeontais in CPR 514 (1621) agus in Inq. Lag. 23 Car. I (1637) an-iontaofa.)

    Is cosúil gur fearr a réiteodh na foirmeacha luatha anseo leis an sloinne Ó Cuilín. Cuir i gcás ‘Huí Chulíne’ (ginealach Ó bhFailghe) Corpus Genealogiarum Hiberniae 122b32 agus ‘Hui Chuilíne’ (Laighin) ibid. 121a45; cf. Baile Uí Chuilín “the town of Ó Cuilín”, logainm atá le fáil in oirthear Thiobraid Árann (#48413). D’fhéadfaí Baile (an) C(h)úilín “town of (the) little nook, corner” a mheas ach níl dóthain fianaise ann don ghuta fada sa chéad siolla den cháilitheoir (cf. 1601 ‘Ballincowlie’ < bf Baile an Chúilín (#55303) i ndeisceart Chill Mhantáin). Féach freisin 1819 ‘Mountmellick ... anciently called Balla Cuillin, the town in the woods’ Par. Stat. III 315, faoi mar a tuigeadh gur Baile (an) C(h)oillín a bhí ann (tabhair faoi deara nach bhfuil na haistriúcháin chomh holc sa pharóiste áirithe seo agus atá i bparóistí eile in Par. Stat.). Ar aon chuma is léir nach -áin a bhí sa leagan Gaeilge atá in ainm is a bheith á mhíniú.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil do Irishtown SO < * An Baile Gaelach.
    2. Derrycappa House SO 25ʺ: 1619 ‘Dirrecappie parcell’ de Ballecollyn’ Inq. Lag. 15 Jac. I, 1621 ‘Derrycappy’ CPR, 1637 ‘Derrycappy’, ‘Derrycappye’ Inq. Lag. 23 Car. I, 1666 ‘Derry Cappy, part of Ballycollenbegg’ ASE 51 < Doire Ceapaí “(oak-)wood of (the) tillage-plot”.

    Ainmneacha stairiúla:

    1. 1549 ‘Shanballymoriert’ CarrMS, 1563 ‘Shanebally-Mortaghe’ F, 1619 ‘Shanballymortagh’ Inq., 1621 ‘Shanballymortaghe’ CPR 514, 1637 ‘Shanballymurtagh’ Inq. < Seanbhaile Uí Mhuircheartaigh (?) “the old town of Ó Muircheartaigh (sloinne)” (cf. 1659 ‘Murty’ i measc phríomhshloinnte na barúntachta, Cen. 503)

    (Ní léir an dtagraíonn Irishtown an lae inniu don logainm stairiúil úd Seanbhaile Uí Mhuircheartaigh; tá Derrycappa House léirithe ar léarscáil SO 25ʺ díreach mar a bhfuil Irishtown marcáilte.)

Lárphointe

53.1156, -7.31807domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1549
Ballycullyn cum hamletis de Kilmally & Shanbally-moriert
'Ballycullyn, Kilmally, Shanevallemorreyertie' Kild. Inq. 11 Ed. VI < JKAS XII 413
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 98
1563
Ballecowlen
F Leathanach: 492
1571
Ballycollane
*ní hionann*
F Leathanach: 1715
1607
Ballicowlin?
x2
O Doyne Ms. Leathanach: 19
1607/8
Ballicowline?
O Doyne Ms. Leathanach: 39
1619
Ballecollyne
Inq. Lag. Leathanach: 15 J I
1621
Ballycollon alias Ballycowlene
CPR Leathanach: 514
1637
Ballycollin al' Ballycowlin
Inq. Lag. Leathanach: 23 C I
1655
Ballecollenbegg
DS
1659
Ballicollin
Cen. Leathanach: 503
1660c
Ballecollenbeg
BSD (La) Leathanach: 114
1666
Ballycollenbegg and Derry Cappy
ASE Leathanach: 51
1685
Ballecollenbeg
Hib. Del.
1825
Ballycollenbeg
TAB
1838
Ballycullenbeg
BS:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycullane
*amhrasach*
Warburton Map 1785:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycollenbeg or Ballycollon
HCons PR:AL  Leathanach: LA007,4
1838
Ballycollinbeg
HCSV:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballecollenbeg
[Copy of DS]
DS:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycollan
*amhrasach*
Map 1720 (Chetwode):AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycullenbeg
CM:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycollenbeg or Ballycollon
HCons PR:AL  Leathanach: LA007,4
1838
Ballycullane
*ní hionann*
Inq. C I:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballicollan
DS:AL Leathanach: LA007,4
1838
Baile cuillion, 'town of the holly'
OD:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycullenbeg
OC:AL Leathanach: LA007,4
1838
Ballycollin alias Ballycowlin
Inq. C I:AL Leathanach: LA007,4
2005
balikolinˈbeg
Áit.
2005
baliˑkolinˈbeg
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm